We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

CESSNA 172

Eolais faoin CESSNA 172

Cúig aerárthach Cessna FR172H atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Sa bhliain 1972 a chuaigh na haerárthaÍ sin i mbun seirbhíse an chéaduair, agus oibríonn siad seacht lá na seachtaine don Aerchór in iliomad rólanna.
Cé go n oibrionn siad in iliomad rólanna difriúla, is leis an aerfhaireachas agus le monatóireacht is mó a bhíonn na cúig aerárthach Cessna FR172H ag plé, agus le coimhdeacht airgid, phríosúnach agus phléascáin. Anuas air sin, cuirtear nasc cumarsáide slán riachtanach ar fáil d’aonaid ar talamh, nasc nach mbeadh ann le linn oibríochtaí i gceantair iargúlta sléibhe murach iad.  Is aerárthaí iad atá ar fheabhas san eitilt mhall, bíonn siad go maith san fhaireachas talún a bhuíochas dá sciatháin arda agus tá seasmhacht breis is ceithre uair an chloig acu, rud a fhágann gur sárléibheann iad d’oibríochtaí dá leithéid.

Rólanna

  • Monatóireacht & Faireachas Coimhdeachta
  • Patrólú Iascaigh Cois Cladaigh
  • Ag Tarraingt Tracóg
  • Úsáid Ghinearálta
Staitisticí Cessna
Cineál Aerárthaigh Cessna FR172 H
Ról(anna) Monatóireacht & faireachas coimhdeachta, patrólú iascaigh cois cladaigh, tarraingt tracóg agus úsáid ghinearálta
Criú 1 Phíolóta
1 Fhear comharthaíochta nó Oibreoir Tracóige (ag brath ar an Ról)
Córas Tiomána 1 x Continental IO-360-D
Réise Sciathán 11.15 méadar (36 troigh 7 n-orlach)
Airde 2.68 méadar (8 dtroigh 9 n-orlach)
Fad  8.17 méadar (26 troigh 9 n-orlach)
Armáil Neamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse 1972

Feidhmíocht Cessna
Uas T/O Meáchan 1,157 cileagram (2,548 punt)
Síleáil Seirbhíse 10,000 troigh
Luas Cúrsála 110 cnota
Uasluas 161 cnota
Seasmhacht 4 uair, 30 nóiméad
Raon 500 muirmhíle