We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

CASA CN 235

Eolas faoi aerárthach Patróil Muirí CASA CN 235

Dhá Aerárthach Patróil Mhuirí Casa CN 235 atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhíse sa bhliain 1994 agus oibríonn siad seacht lá na seachtaine, sa phatrólú muirí amach ón gcósta de ghnáth.

Oibríonn an dá Casa CN 235, Aerárthaí Patróil Mhuirí Scuadrún 101, i ndlúthpháirt leis an tSeirbhís Chabhlaigh, agus feidhmíonn siad mar aerléibheann i bpatrólú Chrios Eacnamaíoch na hÉireann, limistéar timpeall 132,000 míle cearnach nó 16% d’iascaigh mhara iomlán an AE. Breis agus cúig oiread réimse talún na hÉireann atá sa limistéar sin agus tá ceann de na hiascaigh is táirgiúla ar domhan ann.

Rólanna:

  • Patrólú muirí amach ón gcósta
  • Patrólú muirí cois cladaigh
  • Aerárthach othar
  • Iompar míleata
  • Barrchumhdach le linn Cuardach agus Tarrtháil
  • Oibríochtaí paraisiútála

Staitisticí CASA
Cineál Aerárthaigh Casa CN235-100 MPA
Ról(anna) Patrólú muirí, aerárthach othar, iompar míleata, barrchumhdach sa Chuardach agus Tarrtháil & Oibríochtaí Paraisiútála
Criú 2 Phíolóta, 2 Oibreoir Braiteoirí agus Radair, 1 Ghrianghrafadóir
Córas Tiomána 2 x inneall turba-liáin General Electric CT7-9C
Réise Sciathán 25.81 méadar (84 troigh 8 n-orlach)
Airde 8.12 méadar. (26 troigh, 8 n-orlach)
Fad 21.4 méadar (70 troigh, 3 orlach)
Armáil Neamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse 1994

Feidhmíocht CASA
Uas T/O Meáchan 15,800 cileagram (34,800 punt)
Síleáil Seirbhíse 25,000 troigh
Luas Cúrsála 180 cnota (Cúrsáil phatrólaithe)
Uasluas 240 cnota
Seasmhacht 8 n-uair an chloig (Móide cúltaca)
Raon 1,440 muirmhíle (Oibríochtaí patrólaithe)