We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

AW139

Eolais faoin AW139 Helicopter

Mí na Samhna 2006 a seachadadh an chéad dá aerárthach Agusta Westland AW139 ar an Aerchór. Sé aerárthach den chineál sin atá i seirbhís faoi láthair.

Héileacaptar meánardaitheach dé-inneallach é an AW139 atá in ann trúpa suas le 14 phearsa a ardú faoina ghnáthchumraíocht. Tá córas lánaontaithe eitleonaice digití ag an aerchriú sa chrannóg, mar aon le córas taispeána crannóige lena n áirítear uathphíolóta, déchóras bainistíochta eitiltí le GPS agus córas radaloingseoireachta. Is ina ról tacaíochta don Arm is mó a úsáidtear an AW139.

Rólanna:

  • Tacaíocht don Arm
  • Aerárthach othar
  • Iompar míleata
  • Úsáid ghinearálta
Staitisticí AW139s
Cineál aerárthaigh Agusta Westland AW139
Rólanna Tacaíocht Arm, otharchairr aeir, iompar míleata agus fóntais ghinearálta
Críu 2 píolótaí & suas le 8 trúpaí lántrealmhaithe
ghléasra cumhachta 2 x Pratt & Whitney PT-6C-67C turboshafts
Réise Sciathán 13.80 méadar (45 troigh. 3orlach.)
Airde 4.98 méadar (16 troigh . 4 orlach.)
Fad 16.62 mts. (54 troigh 6 orlach.)
Armáil GPMG
Chuaigh i mbun Seirbhíse Samhain 2006

AW139 Feidhmíocht
Uas T/O Meáchan 6,000 cileagram (13,227 punt)
Síleáil Seirbhíse 20,000 troigh
Luas Cúrsála 157 cnota.
Uasluas 167 cnota.
Seasmhacht Ag brath ar an misean
Raon Ag brath ar an misean