We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

AIRCORPS1

An Flít

Tá 16 n aerárthach sciatháin dhobhogtha agus 10 n aerárthach sciatháin rothlacha i mbun oibre ag an Aerchór faoi láthair, mar aon le dhá ionsamhlóir, PC-9M amháin agus traenálaí ilchriú.

Flít an tAerchór

Agusta Westland AW139

Mí na Samhna 2006 a seachadadh an chéad dá aerárthach Agusta Westland AW139 ar an Aerchór. Sé aerárthach den chineál sin atá i seirbhís faoi láthair.

Eurocopter EC135 P2

Dhá aerárthach EC135 P2 atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhíse sa bhliain 2005 agus oibríonn siad seacht lá na seachtaine don Aerchór, i mbun iliomad rólanna.

Eurocopter EC135 T2

Dhá aerárthach EC135 T2 atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair, i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Oibríonn an dá cheann seacht lá na seachtaine ina ról Aerthacaíochta don Gharda Síochána.

CASA CN235

Dhá Aerárthach Patróil Mhuirí Casa CN 235 atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhíse sa bhliain 1994 agus oibríonn siad seacht lá na seachtaine, sa phatrólú muirí amach ón gcósta de ghnáth.

Cessna 172H

Cúig aerárthach Cessna FR172H atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Sa bhliain 1972 a chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhíse an chéaduair, agus oibríonn siad seacht lá na seachtaine don Aerchór in iliomad rólanna.

Learjet 45

Learjet 45 amháin atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh an t-aerárthach sin i mbun seirbhíse sa bhliain 2004 agus oibríonn sé seacht lá na seachtaine, in Aeriompar Airí Rialtais de ghnáth.

Pilatus Britten Norman Defender

Aerárthach Pilatus Britten Norman Defender 4000 amháin atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair, i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Chuaigh an t-aerárthach sin i mbun seirbhíse sa bhliain 1997 agus oibríonn sé seacht lá na seachtaine ina ról Aerthacaíochta don Gharda Síochána.

Pilatus PC-9M

Seacht n aerárthach Pilatus PC-9M atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhÁse sa bhliain 2004 agus is iad na príomhaerárthaí traenála iad do phíolótaí an Aerchóir.