Coláiste an Aerchóir
Is é Coláiste an Aerchóir an príomhaonad traenála san Aerchór. Tá an coláiste foroinnte ina trí scoil ar leith, an Scoil Traenála Eitilte, an Scoil Traenála Teicniúla agus an Scoil Traenála Mílteata & Marthana, agus ról saintraenála dá cuid féin á chomhlíonadh ag gach scoil díobh
Coláiste an Aerchóir
An Scoil Traenála Eitilte
Is í an Scoil Traenála Eitilte (FTS) an scuadrún laistigh den Aerchór atá freagrach as traenáil agus oideachas dhaltaí an Aerchóir go hiomlán.
An Scoil Traenála Teicniúla
Tá an tAerchór ag feidhmiú amach as Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill, ó Aibreán 1922. De bharr breis riachtanais do theicneoirí ardoilte aerárthach chun cothabháil a dhéanamh ar an bhflít a bhí ag dul i méid osclaíodh an Scoil Phrintíseachta san aerbhunáit agus cuireadh tús leis “an scéim phrintíseachta do bhuachaillí”.
Scoil Traenála Míleata agus Marthanais
Is é an misean atá ag an Scoil Traenála Míleata (MTSS) ná an caighdeán is airde de thraenáil mhíleata a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais oibríochta an Aerchóir.