Tacaíocht do Theaghlaigh

Cuireann an tSeirbhís Tacaíochta Pearsanra cúnamh ar fáil do bhaill agus do theaghlaigh i ngach limistéar réigiúnach.  Tugann siad cúnamh 24 uair an chloig i gcás géarchéime in ngach aon láthair mhíleata agus le linn uaireanta oifige cabhraíonn siad le haon atreorúcháin chuí is gá a dhéanamh. Is féidir seirbhís taobh amuigh d’uaireanta oifige a fháil tríd an Oifigeach Dualgais áitiúil. Tá Séiplínigh ag gach aonad in Óglaigh na hÉireann a bhfuil ar a gcumas tacaíocht a thabhairt agus atreorúcháin chuí a dhéanamh.

Tá leabhrán foilsithe ag an tSeirbhís Tacaíochta Pearsanra (PSS) a bheidh mar threoir don fhoireann agus dá dteaghlaigh sula ndéanfar iad a imscaradh agus lena linn. Déantar mion chur síos sa leabhrán seo a chlúdaíonn an tréimhse réamh-imscartha, cóipeáil leis an saol ag baile agus an t-athaontú. Cuirtear i láthair é áfach ar bhealach an-fhíorasach, an-phraiticiúil, an-mhothálach. Féadfar é a léamh ar fad le chéile, nó ina chodanna le réir mar is gá. An rud is tábhachachtaí, áfach, ná go léifear é agus go ndéanfaidh na daoine lena mbaineann sé machnamh cúramach ar an treoir atá ann. Tá an t-ábhar bunaithe ar an eolas agus ar an taithí atá againn féin, chomh maith le heolas agus le taithí fórsaí eile.

Léigh tuilleadh faoin  PSS

Léigh tuilleadh faoin tSeirbhís Séiplíneachta Míleata

Réamh-Imscaradh

Nuair a bhíonn saighdiúr ag ullmhú le haghaidh imscartha thar lear chuig aon chuid den domhan bíonn níos mó is gceist leis an ullmhúchán ná díreach an taobh Míleata de. Caithfear riachtanais teaghlach agus teaghlach sínte a chur san áireamh roimh, le linn agus tar éis tabhairt faoi mhisean.

Cóipeáil leis an Saol sa Bhaile

D’fhéadfadh sé a bheith strusmhar nuair a scartar baill teaghlaigh óna chéile de bharr seirbhíse thar lear mar a dúramar cheana. D’fhéadfadh scaradh den tsórt seo dul i bhfeidhm ar bhaill teaghlaigh i mbealaigh éagsúla mar go mbíonn ábhair éagsúla imní, eagla agus buartha ag dul dóibh, roimh, le linn agus tar éis scartha.

An tAthaontú

Nuair a bhíonn foireann ag filleadh ó sheal dualgais thar lear nó ag dul ar saoire ó limistéar an mhisin bíonn sceitimíní orthu agus réamhaíocht den ghnáth agus amannta bíonn imní orthu. Tugtar treoir sa leabhrán conas cóipeáil leis seo.

Íoslódáil cóip den Treoirleabhar don tSeirbhís Thar Lear

news

[Translate to Irish:] Thursday 13th June 2013 - Defence Forces Achieve ISO Energy Management Standard

[Translate to Irish:] 12.05 pm - Irish Defence Forces Becomes First Military to Achieve ISO Energy Management Standard

17 Márta 2013 - Déanfaidh 436 de Thrúpaí na hÉireann Lá Fhéile Pádraig a Cheiliúradh

7am - Déanfaidh 436 de Thrúpaí na hÉireann Lá Fhéile Pádraig a Cheiliúradh Thar Lear ag an Deireadh Seachtaine