Óglaigh na hÉireann – Stair Thar Lear

- Lt Cor Justin MacCarthy chun tosaigh. An chéad chéim (c-d): Cft Malachi Higgins agus Capt Pat Lavelle. An Dara Céim: Cft Gerard Coghlan agus Capt Rory Henderson
Sa bhliain 1958 a chuaigh Óglaigh na hÉireann isteach sa tsíochánaíocht an chéad uair nuair a sannadh thart ar chaoga oifigeach ar Grúpa Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNOGIL) mar bhreathnóirí feadh na Líne Dheighilte Sos Cogaidh (ADL) idir an Liobáin agus Iosrael. Nuair a bhí an misean le UNOGIL críochnaithe d’aistrigh roinnt oifigeach go dtí Eagras na Náisiún Aontaithe um Maoirseacht ar Shos Cogaidh (UNTSO), eagraíocht a bunaíodh in 1948.
Ba é an Operation des Nations Unies au Congo (ONUC) an chéad mhisean síochánaíochta ar cuireadh meitheal armtha Éireannach chuige, ó 1960 go dtí 1964. B’oifigeach as Éireann, Lt Gin S McKeown, a bhí ina Cheannasaí Fórsa ar ONUC ó Eanáir 1961 go dtí Márta 1962 agus d’fhóin os cionn 6,000 Éireannach ar an misean seo. Fuair 26 díobh sin bás. Is meithle armtha ó bhallstáit a chuirtear faoi cheannas na Náisiún Aontaithe a dhéanann Oibríochtaí Síochánaíochta.
Ó shin i leith tá meitheal armtha á cur ag Óglaigh na hÉireann chuig na NA, ach amháin le linn na tréimhse ó Bhealtaine 1974 go dtí Bealtaine 1978. De ghnáth is cathlán coisithe thart ar 600 duine nó grúpa coisithe os cionn 400 duine a bhíonn sna meithle sin.

- Ag imeacht go dtí an Congó
D’fhóin grúpa coisithe le Fórsa na Náisiún Aontaithe sa Chipir (UNFICYP) ó 1964 go dtí 1973. Ó shin i leith chuir Éire oifigigh agus NCOanna ar fáil d'fhoireann an UNFICYP go dtí gur tháinig deireadh lena tiomantas ina leith sa bhliain 2005.
I mí Deireadh Fómhair 1973 aistríodh an grúpa coisithe as an Chipir go dtí An Dara Fórsa Éigeandála de chuid na Náisiún Aontaithe (UNEF II) sa Síonáí chun maoirseoireacht a dhéanamh ar an sos comhraic idir an Iosrael agus an Éigipt tar éis Chogadh Yom Kippur. Baineadh trúpaí na hÉireann amach as UNEF II i mí Iúil 1974 tar éis na mbuamaí i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán.

- Pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann sa Chipir
UNIFIL a chur i ngníomh sa bhliain 1978 an chéad tiomantas eile a thug Éire d’fhórsa síochánaíochta. D’fhóin os cionn 30,000 pearsanra sa Liobáin go dtí seo.
Is cathláin choisithe a bhíonn sna meithle in oibríochtaí síochánaíochta, de ghnáth, agus ní bhíonn siad armtha ach go héadrom, dá gcosaint féin agus sin amháin. Déanann Sainórdú na NA chun Fórsa Síochánaíochta a bhunú soláthar d’arm a úsáid i gcás féin-chosanta. Deir na téarmaí tagartha d’Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) mar shampla, go n-áirítear ar fhéin-chosaint gníomhú i gcoinne iarrachtaí foréigneacha cosc a chur ar UNIFIL a chuid dualgas a chur i bhfeidhm faoin Sainordú.

- Post Breathnadóireachta sa Liobáin Theas
Shínigh Éire Meabhrán Tuisceana leis na Náisiúin Aontaithe an 15 Deireadh Fómhair 1998, a gheallann go mbeidh Óglaigh na hÉireann páirteach i gCóras Socruithe Cúltaca na Náisiún Aontaithe (UNSAS). Trí dhul isteach in UNSAS, tugann Éire tairiscint suas le 850 duine de chuid Óglaigh na hÉireann a chur ar fáil d’oibríochtaí síochánaíochta na NA ag am ar bith.
Chuir an AE tús leis an oibríocht bainistithe géarchéime ESDP is mó riamh go luath i mí na Nollag 2004 – Oibríocht Althea. Is éard atá san oibríocht misean iardain ar mhisean SFOR faoi cheannas NATO, a raibh sainordú aige ó na NA, chuig Boisnia agus an Heirseagaivéin. Bhí aonad póilíní míleata i gceist leis an gcéad imscaradh SFOR a rinne Óglaigh na hÉireann. Baineadh na póilíní míleata siar ó SFOR i mí Eanáir 2003 ach lean 12 comhalta d’Óglaigh na hÉireann ar aghaidh ar fónamh ag ceanncheathrú SFOR in Sarajevo.
D’aistrigh na daoine sin go dtí ceanncheathrú EUFOR nuair a tugadh an misean ar láimh do EUFOR.
Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin oifigiúil na Náisiún Aontaithe

