- Anseo atá tú:
- Thar Lear >
- Misin Reatha >
- UNTSO
Eagras na Náisiún Aontaithe um Maoirseacht ar Shos Cogaidh
18 Nollaig 1958 go dtí seo
Is é UNTSO, a bunaíodh i 1948, an oibríocht síochánaíochta leanúnach is sine de chuid na Náisiún Aontaithe. Feidhmíonn sí sa tSiria, san Iordáin, sa Liobáin agus san Iosrael - a bhí ina bpáirtithe i gComhaontuithe an tSosa Cogaidh a lean an troid sa Phalaistín i 1948.
Is é sainordú an mhisin ná, “breathnóireacht a dhéanamh ar aon sos cogaidh nó ar aon sos comhraic agus iad a choimeád de réir mar a éilíonn an Chomhairle Slándála agus chun cúnamh a thabhairt do na páirtithe trí fheitheoireacht a dhéanamh ar aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích eatharthu,” agus is sainordú é seo atá neamhiata agus nach n-éilíonn athnuachan tráthrialta.
Tá UNTSO faoi dhualgas freisin cúnamh a thabhairt maidir le misin nua síochánaíochta NA a bhunú agus bhí baint aige le bunú an-chuid díobh, lena n-áirítear ONUC, UNIFIL agus UNPROFOR. Tá Ceanncheathrú UNTSO lonnaithe in Iarúsailéim agus tá breathnadóirí dá chuid sa Liobáin (OGL), i dTibirias (OGG-T), agus sa Damaisc (OGG-D) chomh maith le hoifigigh liaison i gCaireo, i mBéiriút, in Amman agus in Gaza. Tacaíonn UNTSO le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) in Arda Golan trí phoist bhreathnadóireachta a ghabháil sa cheantar.
|
Fad |
18 Nollaig 1958 go dtí seo |
|
Cineál Oibríochta |
Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnadóir) |
|
Tiomantas |
14 |
Tabhair cuairt ar láithreán oifigiúil UNTSO


