- Anseo atá tú:
- Thar Lear >
- Misin Reatha >
- MINURSO
Misean na Náisiún Aontaithe don Reifreann sa Sahára Thiar
20 Meán Fómhair 1991 - go dtí seo
Tagann imscaradh MINURSO ó dhíospóid a bhain le Sahára na Spáinne, tráth dá raibh, atá suite ar Chósta Thiar Thuaidh na hAfraice, idir Maracó, an Ailgéir, an Mháratáin agus an tAigéan Atlantach.
Nuair a d'fhág na Spáinnigh i lár na -1970í, D'fhógair Polisario, gluaiseacht náisiúnach ar a raibh an-mheas, stáit neamhspleách, Poblacht Daonlathach Arabach Saharwi (SADR). Thug an Ailgéir tacaíocht do Polisario ach bhí éileamh críche ag Maracó agus ag an Mháratáin ar an gcríoch ar bhonn chearta stairiúla. Ghluais trúpaí Mharacó isteach agus ghlac siad seilbh ar thuaisceart na tíre.
Rinne na Máratánaigh ionradh aneas ach buadh glan orthu ag colúin ríthapa Polisario. I 1977, i ndiaidh coup d'état treascraíodh rialtas na Máratáine, agus thréig an rialtas nua an t-éileamh ar aon chuid den chríoch achrannach. Ghabh an Maracó iarchrioslach na Máratáine go díreach ina dhiaidh sin.
Faoi 1985, agus 100,000 trúpaí sa limistéar acu, rinne Maracó balla 1,400km ar fad, cúig mhéadar ar airde déanta de ghaineamh, clocha agus spallaí chun limistéar áitreafa na tíre a chosaint. Ní raibh colúin Polisario in ann bearna a dhéanamh sa bhalla agus tháinig laghdú suntasach ar líon taismeach Mharacó.
Faoi thús na 1990idí bhí sos comhraic ar siúl. Athraíodh ainm na tíre go dtí an Sahára Thiar, agus i Meán Fómhair 1991 imscaradh MINURSO ar an dá thaobh den bhalla chun monatóireacht a dhéanamh ar an sos comhraic. Cuireann MINURSO a sainordú i gcrích trí phatróil agus aerthaiscéalaíocht rialta a dhéanamh.
|
Fad |
20 Meán Fómhair 1991 - go dtí seo |
|
Cineál Oibríochta |
Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnadóir) |
|
Tiomantas |
3 Pearsanra |
Tabhair cuairt ar shuíomh oifigiúil an MINURSO



