[Translate to Irish:]

Saighdiúirí na Náisiún Aontaithe sa Libéir 

Samhain 2003 - 31 Bealtaine 2007 

Bhásaigh beagnach 150,000 duine, sibhialtaigh go príomha, sa chogadh cathartha sa Libéir, in Iarthar na hAfraice, ó 1989 go 1997.  Theip ar dhlí agus ord go hiomlán sa tír dá bharr. Bhí baol ann go gcuirfí na tíortha in aice láimhe, Siarra Leon, an Ghuine agus Côte d’Ivoire trína chéile mar thoradh ar an gcogadh chomh maith. Bhris babhtaí troda amach sa tír go fóill, in ainneoin go ndearna na Náisiúin Aontaithe  agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) iarrachtaí comhaontú síochána a chur ar bun sa tír. Toghadh Charles Taylor ón National Patriotic Party (NPP) ina uachtarán tar éis toghcháin sa bhliain 1997.  Thosaigh coinbhleacht sa tír an athuair, áfach, de bharr gur lean an leatrom ar chearta an duine ar aghaidh, gur eisíodh agus go ndearnadh ciapadh ar chéilí comhraic pholaitiúla, nach ndearnadh athchóiriú ar na seirbhísí slándála, agus de bharr na ndifríochtaí leanúnacha idir na grúpaí freasúracha.

Ba ón ngrúpa Liberians United for Reconciliation and Democracy (LURD), a bhí lonnaithe sa réigiún Lofa in iarthuaisceart na tíre, a tháinig an bhagairt ba mhó ar rialtas Taylor.

Chuir fórsaí LURD tús le hionsaí ollmhór in 2001 agus fógraíodh staid éigeandála in 2002 nuair a bhí lucht troda LURD imithe chomh fada le 50km ón bpríomhchathair, Monrovia. Faoi thús 2003 bhain LURD an cósta amach agus ní raibh siad ach 20km ó Monrovia. Chuir Movement for Democracy and Elections in Liberia (MODEL) tús le hionsaí i ndeisceart na tíre an t-am céanna. Bhí péire as trí cinn de chalafoirt Monrovia gafa ag LURD faoi Iúil 2003 agus bhí an tríú ceann gafa ag MODEL. I mí Lúnasa, rith Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1497, a thug cead d’fhórsa síochánaíochta ilnáisiúnta ó ECOWAS idirghabháil a dhéanamh, go dtí go mbunófaí Fórsa Cobhsaíochta na Náisiún Aontaithe. Cuireadh an fórsa idirghabhála, ar a tugadh ECOMIL, go dtí an Libéir agus shínigh gach páirtí le coinbhleacht na Libéire comhaontú síochána in Accra, Gána an 27 Lúnasa.

An mhí ina dhiaidh sin ritheadh UNSCR 1509, a bhunaigh UNMIL, a raibh sainordú aige tacú le cur i bhfeidhm chomhaontú an tsosa comhraic agus an phrósis síochána; foireann na Náisiún Aontaithe a chosaint; tacú le gníomhaíochtaí daonnúla; agus cabhrú leo maidir le hathchóirithe slándála náisiúnta, bunú arm athstruchtúrtha san áireamh.   Chuaigh 1ú UNMIL i mbun dualgas síochánaíochta an 1 Deireadh Fómhair, agus corpraíodh 3,500 trúpaí ECOMIL isteach san fhórsa nua. I mí na Samhna 2003 a thosaigh Éire a bheith páirteach sa mhisean ina raibh 15,000-duine. Chomh maith leis an 90 Cathlán Coisithe, a bhí comhdhéanta de Chomplacht Riaracháin Lóistíochta, Complacht APC, agus Complacht Tacaíochta, imscaradh comhaltaí de Sciathán Fiannóglaigh an Airm (ARW) chuig láthair an mhisin.  Ainmníodh an ARW ina Thascghrúpa Oibríochtaí Speisialta (SOTG) agus bhí sé faoi cheannas díreach Cheannasaí Fórsa UNMIL. An fheidhm a bhí ag an SOTG ná acmhainní a chur ar fáil don Cheannasaí Fórsa maidir le taiscéalaíocht speisialta, faisnéis daonnúil, liaison, agus gialla a tharrtháil agus a thabhairt slán.

Cuireadh go leor de mhisean an ARW leis an SOTG i gcrích trí phatróil fadraoin, go leor acu a mhair breis agus naoi lá, sna háiteanna níos iargúlta sa Libéir nach raibh faoi rialú UNMIL nó ar thug iar-chomhraiceoirí tuairiscí go raibh gníomhaíocht ar bun iontu. Le linn oibríochtaí SOTG chuathas isteach san áit ar tír, ar muir agus d’aer, an ceann deireadh le Mi26anna ón Úcráin, a bhí ábalta feithiclí taiscéalaíochta sainoiriúnaithe an aonaid a iompar.

Cé nach tasc díreach an SOTG a bhí ann cúnamh daonnúil a chur ar fáil, ba ghné rialta a bhí ann ar deireadh, go príomha trí MO agus dochtúirí an aonaid ag cur cúnaimh liachta ar fáil don phobal áitiúil.

I measc an iliomad oibríochtaí a rinneadh le linn a n-imscartha, thug na meáin go leor airde ar phearsanra an ARW nuair a scaoil siad 37 sibhialtach saor ó lucht armtha a bhí a gcoinneáil i gcoimeádán 20 troigh in Yekepa. Gabhadh deichniúr ón lucht armtha mar thoradh ar an oibríocht áirithe sin.  Chomh maith leis sin, thug an 90 Cathlán Coisithe, ina raibh 450 saighdiúr ón 4 Briogáid an Iarthair, faoi Fhórsa Frithghnímh Mhear (QRF) UNMIL a chur ar fáil. An Complacht APC, atá feistithe le 22 Mowag, atá ag croílár an QRF. Tugann na buíonta seo a leanas tacaíocht dóibh: An Complacht Riaracháin Lóistíochta (comhdhéanta de bhuíonta iompair, CIS, Riaracháin/Lóistíochta agus Liachta, rannóga MP agus Ordanáis, agus Gné Tacaíochta Náisiúnta) agus Complacht Tacaíochta (comhdhéanta de bhuíon Innealtóireachta, buíon Moirtéir 81mm, agus buíon Marcra, atá feistithe le AML 20 agus AML 90).

Bunaíodh Ceanncheathrú mheitheal na hÉireann ar thailte óstán tréigthe 10km ar an taobh ó thuaidh de Monrovia agus tugadh Campa Clara air.

Go luath tar éis bhunú an QRF chuaigh complacht meicnithe ón tSualainn isteach leis, complacht ina raibh 230 duine agus a raibh feithiclí comhraic cathláin CV90, feithicil armúrtha troda BV309, agus iompróirí armúrtha pearsanra (APC) Patria. Is é QRF na hÉireann/na Sualainne a chuireann formhór na n-acmhainní soghluaisteachta agus  lámhaigh ar fáil do UNMIL. Is iad an t-aon QRF Eorpach iad a oibríonn ar an talamh leis an misean 15,000 saighdiúir chomh maith. An Úcráin a chuireann cumas aerardaithe UNMIL ar fáil, go príomha trí héileacaptair Mi8 a oibriú mar iompróirí trúpaí, agus aerárthaigh ghunna, héileacaptair Mi24, a oibriú mar chosaint do na fórsaí. Tá pearsanra ó roinnt tíortha Eorpacha eile ag fónamh i gCeanncheathrú UNMIL sa Star Building in Monrovia.  Tá misean an QRF comhdhéanta go príomha de phatróil ‘reicí le fórsa’ fadraoin a chuireann frithghníomh mear ar fáil d’eachtra éigeandála ar bith a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gceann ar bith de na ceithre earnáil mhíleata atá ag UNMIL.

Méid an chomplachta a bhíonn sna patróil fadraoin, a mhaireann 3 lá nó 10 lá, de ghnáth. Cuirtear i gcrích iad i bhfeithiclí agus de chois. Déantar patrólú ar fud na tíre ach tarlaíonn go leor dó in Monrovia agus feadh na dteorainneacha le Siarra Leon agus Côte d’Ivoire. Is minic a chuirtear patróil isteach san áit d’aer agus uaireanta ón muir, in áiteanna iargúlta. Bíonn complacht ar fuireachas i gcónaí ag an QRF le go mbeidh sé ábalta a thasc frithghnímh mhear a chur i gcrích. Bíonn sé réidh le himeacht tar éis fógra 30 nóiméad.

Imscaradh an QRF nuair a bhris círéibeacha tromchúiseacha amach in Monrovia i mí na Samhna 2004 agus bhí ról suntasach aige an foréigean a chur faoi chois. Chomh maith lena dtascanna míleata bíonn baint mhór ag meithle na hÉireann go léir atá ar fónamh le UNMIL le tograí daonnúla agus CIMIC (comhoibriú sibhialta míleata). Tugadh faoi go leor tograí ar an talamh a bhuíochas do mhaoiniú ón Roinn Cosanta agus ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus a bhuíochas d’iarrachtaí bailithe airgid a rinne na daoine ar an talamh.  Ina measc siúd bhí síneadh ollmhór a cuireadh le hoispís HIV/AIDS in Monrovia arna reáchtáil ag Siúracha na Carthanachta, agus tacaíocht a tugadh d’ionaid lobhra agus polaimiailítis agus do go leor scoileanna.

Mionsonraí na hOibríochta

Fad:

Samhain 2003 - 31 Bealtaine 2007 

Cineál Oibríochta:   

Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Trúpaí) 

Tiomantas: 

2745 Misean Carnach


Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin oifigiúil UNMIL

 

news

Dé Mairt 30 Aibreán 2013 - Fheithiclí Armúrtha Panhard

11am - Fheithiclí Armúrtha Panhard - an Lámhach Deiridh roimh Dhíchoimisiúnú

17 Márta 2013 - Déanfaidh 436 de Thrúpaí na hÉireann Lá Fhéile Pádraig a Cheiliúradh

7am - Déanfaidh 436 de Thrúpaí na hÉireann Lá Fhéile Pádraig a Cheiliúradh Thar Lear ag an Deireadh Seachtaine