Oibríocht na Náisiún Aontaithe sa Chongó

Iúil 1960 – Meitheamh 1964

Lá mór a bhí ann 27 Iúil 1960 nuair a d’eitil an chéad ghrúpa den 32 Cathlán Coisithe, an chéad aonad iomlán ó Óglaigh na hÉireann le dul ar fónamh thar lear, as Baile Átha Cliath le dul chuig an gCongó. Tar éis neamhspleáchas ón mBeilg a bhaint amach an mhí roimhe sin tháinig drochbhail – beagnach ainriail – ar an gCongó. 

Bhí saoránaigh de chuid na Beilge á n-ionsaí go randamach agus mar gheall air sin chuir rialtas na Beilge trúpaí chuig an iar-choilíneacht agus d’fhág ann iad go dtí go rabhthas ábalta ráthaíocht a thabhairt go mbeadh a gcuid saoránach sábháilte. Tháinig an Príomh-Aire Patrice Lamumba chun cinn mar cheannaire de facto ach níor éirigh leis an tír a thabhairt le chéile. Rinne an t-arm frithcheilg agus thapaigh an cúige Katanga an deis a neamhspleáchas a fhógairt. Bhris cogadh cathartha amach in Katanga dá bharr sin, idir an lucht scartha, faoi Moise Tshombe, agus lucht tacaíochta Lamumba, ar dhaoine ón treibh Baluba go príomha iad. 

32nd Battalion Congo Airlift from Baldonnel

D’iarr Lamumba cúnamh ar na Náisiúin Aontaithe agus agus fuair é. Bhí Éire ar cheann de na tíortha ar iarraidh air trúpaí a chur ar fáil don mhisean beartaithe ONUC an 13 Iúil. Rith Rialtas na hÉireann an reachtaíocht cuí an 19 Iúil agus cuireadh an cathlán nua, an 32 Cathlán Coisithe (an 31 Cathlán Coisithe a bhí in Óglaigh na hÉireann go dtí 1946) i mbun gnímh lena imscaradh.

D’fhág an chéad chuid den chathlán, ina raibh an ceannasaí cathláin Lt Cor M J Buckley agus 60 comhalta den aonad, as Baile Átha Cliath 8 lá ina dhiaidh sin, agus lean an 635 comhalta eile den chathlán iad tamall ina dhiaidh sin.
Imscaradh an t-aonad as Éirinn go dtí cúige Kivu ar dtús agus chuaigh an 33 Cathlán Coisithe leo i mí Lúnasa, rud a d'fhág go raibh os cionn 1,000 trúpaí as Éirinn san áit. Seirbhísí riachtanacha a athchóiriú, an pobal a chur ar a shuaimhneas agus maoirsiú a dhéanamh ar atosú trádála áitiúla na príomhthascanna a bhí acu. Rinneadh meitheal na hÉireann a ath-imscaradh go dtí Katanga i mí na Samhna, limistéar i bhfad níos contúirtí ina raibh dian-chogaíocht idir na treibheanna Baluba, Conekat agus Pygmie ar bun. Bhí buíonta cogaíochta ag dul ar fud na tuaithe, ag dó sráidbhailte agus ag ionsaí traenacha.

Rinneadh luíochán tragóideach ag Niemba an 9 Samhain nuair a mhairigh lucht na treibhe Baluba naonúr as patról de 11 as Éirinn.

Bhris foréigean amach in Katanga go luath sa bhliain 1961, i rith seal dualgais an 35 Inf Bn agus an 1 Inf Gp, agus tharla go leor taismeach do Mheitheal na hÉireann le linn cathanna le Gendarmerie Katanga.

On Friday the 15th of September 1961 Trooper Patrick Mullins., who was a member of the 35th Infantry Battalion, died as a result of hostile action in Elizabethville in the Republic of Congo. In 2011 the Defence Forces commorated the 50th Anniversary of his death.

Léigh níos mó faoi an Searmanas Comórtha

Bhain an 36 Inf Bn an tír amach i mí na Nollag agus laistigh de choicís bhí siad páirteach i gCath an Tuláin, in Elizabethville, inar maraíodh triúr as an aonad.  Tugadh aitheantas d’éachtaí trúpaí na hÉireann leis na 14 Bonn Seirbhíse Dearscna a bronnadh ar phearsanra ‘A’ Coy.

Tháinig meath ar an lucht scartha sna blianta beaga ina dhiaidh sin agus ar deireadh chuaigh Tshombe ar deoraíocht in 1963. Bhí rialtas an Chongó sách muiníneach Tshombe a ligean isteach sa tír arís in 1964 mar chuid de chomhaontú foriomlán.  Cé go raibh an tír fós éagobhsaí ó thaobh cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta, measadh nach raibh dáinséar míleata ann níos mó agus cuireadh deireadh le misean míleata na Náisiún Aontaithe. Chuaigh 2 Inf Gp ar ais go hÉirinn an bhliain sin, agus leis sin tháinig deireadh le tiomantas ceithre bliana Óglaigh na hÉireann.

Tháinig Óglaigh na hÉireann in inmhe i rith mhisean ONUC de chuid Óglaigh na hÉireann agus iad ag feidhmiú ar an ardán idirnáisiúnta. Misean deacair agus trámach a bhí ann (bronnadh MMG amháin agus 65 DSM le linn na ceithre bliana) agus ghnóthaigh trúpaí na hÉireann meas na Náisiún Aonaithe as ucht a bhfeidhmíocht agus as déileáil le gach páirtí ar shlí chóir chothrom. Fiú sular fhág na trúpaí deiridh an Congó, iarradh ar Éirinn meitheal nua a chur ar fáil do mhisean nua na Náisiún Aontaithe sa Chipir. Is beag a shamhlaigh aon duine ag an am gur chuir an misean sa Chongó tús le 50 bliain de sheirbhís gan bhriseadh ó Óglaigh na hÉireann ar mhisin na Náisiún Aontaithe.

Mionsonraí na hOibríochta

Fad

28 Iúil 1960 – 30 Meitheamh 1964

Cineál Oibríochta

Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (imscaradh Trúpaí) 

Tiomantas

6191 misean carnach

Tabhair cuairt ar láithreán gréasán oifigiúil ONUC

news

Dé Mairt 30 Aibreán 2013 - Fheithiclí Armúrtha Panhard

11am - Fheithiclí Armúrtha Panhard - an Lámhach Deiridh roimh Dhíchoimisiúnú

17 Márta 2013 - Déanfaidh 436 de Thrúpaí na hÉireann Lá Fhéile Pádraig a Cheiliúradh

7am - Déanfaidh 436 de Thrúpaí na hÉireann Lá Fhéile Pádraig a Cheiliúradh Thar Lear ag an Deireadh Seachtaine