- Anseo atá tú:
- Thar Lear >
- Eagraíocht >
- Rannpháirtíocht na hÉireann sn...
Rannpháirtíocht na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe
Chuaigh Éirinn leis na Náisiúin Aontaithe in 1955. Ó 1958 i leith, tá Óglaigh na hÉireann i láthair go leanúnach ar oibríochtaí tacaíochta síochána, sa Mheánoirthear go príomha. Le blianta beaga anuas, áfach, i ndiaidh deireadh an chogaidh fhuair, tá pearsanra Óglaigh na hÉireann le fáil in iliomad áiteanna eile ar fud an domhain mar choimeádaithe síochána.
Tá an bunús le cur chuige an Stáit maidir le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta leagtha amach in Alt 29.1 den Bhunreacht:
"Dearbhaíonn Éire gur mian léi síocháin agus comhar, de réir an chothroim idirnáisiúnta agus na moráltachta idirnáisiúnta, a bheith ar bun idir náisiúin an domhain".
Tá traidisiún a bhfuiltear bródúil as ag Óglaigh na hÉireann maidir le rannpháirtíocht rathúil in oibríochtaí tacaíochta síochána. Feidhmíonn an taithí oibriúcháin a fhaightear mar bhonn láidir as a fhéadtar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a chruthaítear ag an nádúr athraitheach a bhaineann le coinbhleacht a chosc agus géarchéim a bhainistiú. Déanann an Rialtas cinneadh ar bhunús cás ar chás cibé an gcuirtear pearsanra Óglaigh na hÉireann chun oibríochtaí den sórt sin, cathain agus cén tslí.
Coinníollacha Seirbhíse
Leag an Rialtas coinníollacha soiléire amach faoinar féidir le hÓglaigh na hÉireann a bheith rannpháirteach i n oibríochtaí tacaíochta síochána thar lear. Ní mór na coinníollacha, ar tugadh “Na Trí Chuid” orthu, a chomhlíonadh, i.e.
- Ní mór go mbeadh an oibríocht údaraithe/sainordaithe ag na Náisiúin Aontaithe
- Ní mór di a bheith ceadaithe ag an Rialtas; agus
- Ní mór go mbeadh sí ceadaithe trí rún de chuid Dáil Éireann, sa chás go mbeidh níos mó ná dáréag á gcur ar fáil ag Óglaigh na hÉireann.
Is fachtóir lárnach a bhíonn mar fhaisnéis do chinneadh an Rialtais é údarú ó na Náisiúin Aontaithe sa chás go ndéantar iarratas ar rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann.
D’fhóin pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann i dtíortha ar fud an domhain, lena n-áirítear: Meiriceá Láir, an Rúis, an iar-Iúgsláiv, an Chambóid, an Liobáin, an Iaráin, an Iaráic, an Afganastáin, Cuáit, an Namaib, an Sahára Thiar, an Libéir agus Tíomóir Thiar.
Ó 1978 i leith, tá roinnt oifigeach de chuid Óglaigh na hÉireann i ndiaidh a bheith ag fónamh i bpoist éagsúla i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe, Nua Eabhrac. Faoi láthair soláthraíonn Óglaigh na hÉireann beirt oifigeach do Roinn Oibríochta Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe (DPKO).
Tá dearcadh thar a bheith dearfach ag an Rialtas agus ag Óglaigh na hÉireann maidir le rannpháirtíocht mhór na hÉireann sa tsíochánaíocht. Go deimhin, rinne an Rialtas athshonrú ar ról Óglaigh na hÉireann i Meán Fómhair 1993 agus thug sainmhíniú ar fheidhm amháin mar:
"Páirt a ghlacadh i misin na Náisiún Aontaithe ar son na síochána idirnáisiúnta."
Cuireann rannpháirtíocht na hÉireann in oibríochtaí síochánaíochta íomhá dearfach chun cinn, d’Éirinn agus d’Óglaigh na hÉireann, i measc an phobail idirnáisiúnta sna Náisiúin Aontaithe agus i measc na dtaobhanna ar fad i gceantair na misean.
Ar an drochuair, tá costas le híoc ar an tseirbhís sin. Bhásaigh 85 comhalta de chuid Óglaigh na hÉireann ar son na síochána domhanda go dtí seo.
Tá ardmheas ag muintir Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe ar Óglaigh na hÉireann agus tá sin le feiceáil sna poist sinsearacha a bhí ag pearsanra Míleata na hÉireann san am atá caite: Ceannasaí Fórsa sa Chipir (UNFICYP), ar Theorainn na Siria/Iosrael (UNDOF) agus sa Liobáin (UNIFIL), Ceann Foirne Eagras na Náisiún Aontaithe um Maoirseacht ar Shos Cogaidh sa Mheánoirthear (UNTSO) agus UNMIL sa Libéir agus Príomh-Bhreathnóir Míleata ar Theorainn na hIndia-na Pacastáine (UNMOGIP).
Ba Mhaorginearál as Éirinn a bhí ina Cheannasaí Oibriúcháin ar Mhisean EUFOR chuig TCHAD/CAR 2008/2009; Ginearál as Éirinn a bhí i gceannas ar an Tasc Fhórsa Ilnáisiúnta sa Chosaiv (KFOR) sa bhliain 2007 agus d’fhóin oifigigh Óglaigh na hÉireann i bpoist lárnacha i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac. Creidimid go léiríonn na ceapacháin sinsearacha a bhí ag Oifigigh as Éirinn go bhfuil ardmheas i gcónaí ar ghairmiúlacht Óglaigh na hÉireann.
Léigh tuilleadh faoinár Misin ReathaThar Lear



