Eagraíocht Thar Lear

Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach i gcineálacha éagsúla misean thar lear. Bíonn na misin sin faoi cheannas nó faoi cheadú eagraíochtaí éagsúla.

Oibríochtaí faoi cheannas na NA

Cabhraíonn Síochánaíocht na Náisiún Aontaithe le tíortha a bhfuil coimhlint á fulaingt acu coinníollacha a chruthú le go mbeidh síocháin bhuan acu. Tá na NA comhdhéanta de phearsanra sibhialta, míleata agus póilíní. Chomh maith le síocháin agus slándáil a chothabháil, tugtar de dhualgas ar chaomhnóirí síochána cabhrú le próisis pholaitiúla; córais bhreithiúnacha a athchóiriú; oiliúint a chur ar fhórsaí forfheidhmithe dlí agus póilíní; iar-chomhraiceoirí a dhí-armáil agus a ath-lánpháirtiú; tacú le teifigh agus le daoine a cuireadh as a n-áit féin laistigh den tír a chur ar ais abhaile.

Sa bhliain 1958 a chuaigh Óglaigh na hÉireann isteach sa tsíochánaíocht an chéad uair nuair a sannadh thart ar chaoga oifigeach ar Ghrúpa Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNOGIL) mar bhreathnóirí feadh na Líne Dheighilte Sos Cogaidh (ADL) idir an Liobáin agus Iosrael.

Tá 29 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ar fónamh leis na Náisiúin Aontaithe i dtíortha éagsúla – an Congó, an tSiria, an Iordáin, An Liobáin, an Sahára Thiar agus Ceanncheathrú na NA i Nua Eabhrac.

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Síochánaíocht na Náisiún Aontaithe

Oibríochtaí faoi stiúir na hEorpa

Tá na Ballstáit tiomanta do Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála don Aontas Eorpach. Is é aidhm an Bheartais Eorpaigh Slándála agus Cosanta cumas seachtrach an AE a neartú ó thaobh gníomhú trí chumais shibhialta agus mhíleata a fhorbairt maidir le Coinbhleacht a Chosc agus Géarchéim a Bhainistiú. Tá smachtbhannaí taidhleoireacha nó eacnamaíocha leagtha amach ag an AE chun tionchar a imirt ar bheartais a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta nó cearta daonna, nó ar bheartais nach léiríonn meas ar riail an dlí nó ar phrionsabail daonlathacha. Tá an AE ar cheann de na gníomhaithe domhanda ceannais sa troid in aghaidh airm bheaga agus armán éadrom neamhcheadaithe a bhailiú agus a dhíol.

Thug Ballstáit an Aontais Eorpaigh gealltanas cur leis an gcomhoibriú ar ghnóthaí idirnáisiúnta i gConradh Maastricht Treaty 1992, trí Chomhaontas Eachtrach agus Slándála (CFSP). Rinne Conradh Amstardam tuilleadh forbartha ar an CFSP agus léiríonn Conradh an Aontais Eorpaigh tascanna Petersberg anois.

Tá pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ar fónamh le dhá Oibríocht faoi cheannas an AE – tá cúigear leis an EUTM sa tSomáil agus tá daichead ar fónamh sa Bhhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

Léigh tuilleadh ar láithreán gréasáin an CFSP  

Oibríochtaí faoi cheannas NATO-PfP

Is éard atá i gComhpháirtíocht na Síochána (PfP) clár de chomhoibriú déthaobhach praiticiúil idir tíortha Chomhpháirtíochta aonair agus NATO. Bunaithe ar thiomantas do na prionsabail daonlathacha atá mar bhonn taca don Chomhghuaillíocht féin, is éard is aidhm le Comhpháirtíocht na Síochána cobhsaíocht a mhéadú, bagairtí ar an síocháin a laghdú agus caidreamh neartaithe ó thaobh na slándála a chruthú idir thíortha Comhpháirtíochta aonair agus NATO, chomh maith le idir na tíortha Comhpháirtíochta.

Chuaigh Éire isteach i gclár Comhpháirtíochta na Síochána (PfP) de chuid NATO i mí na Nollag 1999 agus chuaigh isteach i bPróiseas Pleanála agus Athbhreithnithe an PfP (PARP) sa bhliain 2001. Comhaontaíodh Spriocanna Comhpháirtíochta Tosaigh, spriocanna a roghnaíodh le súil agus cur le hidir-inoibritheacht d’oibríochtaí tacaíochta síochána faoi cheannas NATO-PfP.

Tá tiomantas do mhisin Pfop againn faoi láthair le haghaidh 12 pearsanra in KFOR – an Chosaiv agus le haghaidh 7 pearsanra in ISAF – an Afganastáin.

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin PfP 

Oibríochtaí faoi cheannas OSCE

Shínigh Éire Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus cuirimid pearsanra ar fáil d’oibríochtaí na hEagraíochta um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip OSCE.

Léiríonn na tiomantais idirnáisiúnta sin cumas agus ullmhacht Óglaigh na hÉireann a bheith páirteach in oibríochtaí síochánaíochta ilnáisiúnta le tíortha a bhfuil traidisiún síochánaíochta i gcomhar eadrainn, agus cinntíonn siad gur féidir le hÉirinn leanúint uirthi ag cur go mór le hoibríochtaí tacaíochta síochána.

Is féidir éifeachtacht Óglaigh na hÉireann maidir leis an sprioc straitéiseach sin a mheas de réir dul chun cinn sna réimsí seo a leanas:
Cur le forbairt Bheartas Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe agus le ESDP.

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin OSCE

Cúnamh Daonnúil

Cuireann na trúpaí s’againne a bhíonn ar fónamh thar lear cúnamh daonnúil ar fáil do na daoine áitiúla. Áirítear air sin:

  • Cúram liachta agus fiaclóireachta.
  • Seirbhísí riachtanacha a athchóiriú agus a dheisiú.
  • Séipéil, moscanna, scoileanna áitiúla a atógáil agus a dheisiú.
  • Cúnamh d’fhiontair áitiúla.
Misin Daonnúla

IRSG

Lúnasa - Nollaig 1994

39

IRAM

Bealtaine - Meitheamh 1999

IRSG

Eanáir - Feabhra 2000

21

IRSG

Eanáir - Feabhra 2001

15

UNJCC in Srí Lanka

Eanáir - Márta 2005

4

Tá oifigigh curtha ar iasacht ag Óglaigh na hÉireann chuig Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (UNRWA) sa Mheánoirthear agus chuig Goal, Concern agus an ICRC sa tSomáil, sa tSudáin agus in Angóla le déanaí.

news

Dé Mairt 30 Aibreán 2013 - Fheithiclí Armúrtha Panhard

11am - Fheithiclí Armúrtha Panhard - an Lámhach Deiridh roimh Dhíchoimisiúnú

17 Márta 2013 - Déanfaidh 436 de Thrúpaí na hÉireann Lá Fhéile Pádraig a Cheiliúradh

7am - Déanfaidh 436 de Thrúpaí na hÉireann Lá Fhéile Pádraig a Cheiliúradh Thar Lear ag an Deireadh Seachtaine