Óglaigh na hÉireann - Fógra Cóipchirt maidir leis an Láithreán Gréasáin


© Óglaigh na hÉireann 2011

Tá an t-ábhar ar an láithreán gréasáin seo faoi chosaint cóipchirt.  Tugtar údarás ábhar ón láithreán gréasáin seo a chur ar fáil in athuair le haghaidh úsáide pearsanta.  Ceadaítear a chur ar fáil in athuair le haghaidh úsáide de chineálacha eile ar choinníoll go n-admhaítear foinse an ábhair.  Fanfaidh an cóipcheart maidir le hábhar a chuirtear ar fáil in athuair ón láithreán gréasáin seo dílsithe in Óglaigh na hÉireann.

Séanadh dlí

Ní bhaineann dliteanas ar bith le haon earráid ná easnamh.

Is ar mhaithe le heolas ginearálta a chur ar fáil agus chun na críche sin amháin an t-eolas a chuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin seo, ar mhaithe le seirbhís phoiblí.  Cé go ndéantar gach iarracht cruinneas an eolais ar an láithreán gréasáin a chinntiú, ní thugann Óglaigh na hÉireann rathúnas, gealltanas ná barántas i ndáil leis sin, agus ní ghlactar le haon dliteanas a d'eascródh ó aon earráid ná easnamh.  Déanfar earráid nó easnamh ar bith a thugtar chun aire Óglaigh na hÉireann a chur ina cheart a luaithe is féidir.

Ní comhairle dlí aon ábhar ar an láithreán gréasáin

Aon dearcadh, tuairim nó treoir a leagtar amach ar an láithreán gréasáin seo, is ar mhaithe le heolas ginearálta a chur ar fáil agus chun na críche sin amháin é agus ní cheaptar gur comhairle dlí ná léirmhíniú cinntitheach ar an dlí atá ann.  Duine ar bith a bheadh ag smaoineamh ar imeachtaí dlí a thionscain maidir le nithe a leagtar amach sa láithreán gréasáin seo, ba chóir dó nó di comhairle a lorg ó chomhairleoir gairmiúil leis na cáilíochtaí cuí.

Ní hionann ábhar ar an láithreán gréasáin agus tuairim chinntitheach Óglaigh na hÉireann

Níor cheart a cheapadh gurb í tuairim chinntitheach Óglaigh na hÉireann aon tuairim, dearcadh ná treoir a leagtar amach ar an láithreán gréasáin seo.  Dá réir sin coimeádann Óglaigh na hÉireann de cheart cinneadh a dhéanamh nach mbeadh ag teacht le tuairim, dearcadh nó treoir a bheadh leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo.

Níl aon fhreagracht ag baint le láithreáin ghréasáin sheachtracha

Is ar mhaithe le háisiúlacht amháin a chuirtear aon nasc ar fáil idir an láithreán gréasáin seo agus láithreáin ghréasáin sheachtracha nach bhfuil faoi chúram Óglaigh na hÉireann agus níor cheart a cheapadh leis sin go bhfuil Óglaigh na hÉireann ag aontú le hábhar ná gnáis oibre na láithreán gréasáin seachtrach sin, nach nglacann Óglaigh na hÉireann cúram ar bith ina leith.  

1916 Rising

97th anniversary commemoration

GPO, Dublin on Sunday 31st March 2013 at 12 noon.
> Find out more

news

[Translate to Irish:] Tuesday 21 May 2013 - Army Bomb Disposal Team Render Safe Old Grenade

[Translate to Irish:] 9.25 pm - Army Bomb Disposal Team Render Safe Old Grenade in Cork

[Translate to Irish:] Naval Vessel LE Aoife helps Stricken Norwegian Yacht

[Translate to Irish:] 21 May 2013 - Naval Vessel LE Aoife helps Stricken Norwegian Yacht 120 miles off Mizen Head this afternoon