Sonraí maidir le cúrsaí Áisiúlachta

Tá Óglaigh na hÉireann dúthrachtach maidir le heolas agus seirbhísí a chur ar fáil atá áisiúil don uile dhuine.  Tá an láithreán gréasáin seo leagtha amach de réir Threoirlínte W3C WAI faoi Áisiúlacht Ábhair Gréasáin agus sásaítear an chuid is mó de phríomhphointí seiceála 1 agus 2.  Leagtar amach thíos liosta de na ceisteanna atá fós le réiteach.

Tugadh dearadh ar an láithreán de réir phríomhphointí treoirlínte 1 agus 2 de Threoirlínte W3C maidir le hÁisiúlacht Ábhair Gréasáin agus Treoirlínte ó Údarás Náisiúnta Míchumais na hÉireann maidir le háisiúlacht gréasáin.  Mar shampla, úsáidtear bileoga stíle cascáideacha don leagan amach.  Cinntítear ar an gcaoi sin go dtugtar an t-ábhar ar aon líne agus is fearr dá réir sin a bhreathnú ar réimse leathan brabhsálaithe agus deiseanna úsáide eile.

Leagtar amach na leathanaigh ionas go mbíonn bailíocht leo mar DTD HTML 4.01 Transitional. Tá roinnt earráidí bailíochtúcháin i gceist go fóill ach tá an obair ar siúl chun sin a chur ina cheart.

An leibhéal áisiúlachta a choinneáil

Tá Óglaigh na hÉireann dúthrachtach maidir le leibhéal áisiúlachta an láithreáin ghréasáin seo a choinneáil agus le monatóireacht a dhéanamh air.  Le do thoil, cuir in iúl dúinn má thagann tú trasna ar aon fhadhbanna.  Is féidir teachtaireacht ríomhphoist a chur chuig an stiúrthóir gréasáin.

An cnaipe táibe a úsáid chun léim idir naisc

Tá an láithreán leagtha amach ionas gur féidir an cnaipe táibe ar an méarchlár a úsáid chun léim ó nasc go nasc.  Tá an nascleanúint agus na roghchláir ar fad leagtha amach in ord loighciúil ionas gur féidir sin.

An bhfuil an téacs róbheag agat?

  • Chun an téacs a mhéadú in Windows Explorer 5+, roghnaigh View > Text Size > Larger/Largest
  • Chun an téacs a mhéadú in Firefox roghnaigh View > Zoom > Zoom In nó brúigh Ctrl++

Láithreáin úsáideacha

Más mian leat níos mó a léamh faoi chúrsaí Áisiúlachta ar láithreáin ghréasáin, ceadaigh na láithreáin ghréasáin seo a leanas:

  • Treoirlínte maidir le hÁisiúlacht Ábhair Gréasáin www.w3.org
  • Treoirlínte an Údaráis Náisiúnta Míchumais maidir le hÁisiúlacht TE in Éirinn www.accessit.nda.ie
1916 Rising

97th anniversary commemoration

GPO, Dublin on Sunday 31st March 2013 at 12 noon.
> Find out more

news

[Translate to Irish:] Tuesday 21 May 2013 - Army Bomb Disposal Team Render Safe Old Grenade

[Translate to Irish:] 9.25 pm - Army Bomb Disposal Team Render Safe Old Grenade in Cork

[Translate to Irish:] Naval Vessel LE Aoife helps Stricken Norwegian Yacht

[Translate to Irish:] 21 May 2013 - Naval Vessel LE Aoife helps Stricken Norwegian Yacht 120 miles off Mizen Head this afternoon