- Anseo atá tú:
- Preasoifig >
- Preasoifig Óglaigh na hÉireann
Preasoifig Óglaigh na hÉireann
Réamhrá
Preas-Oifigigh
Ceannfort Denis Hanly
Preas-Oifigigh Chúnta
Captaen Laura Keane
Ról na Preasoifige
Is é ról Phreasoifig Óglaigh na hÉireann ná comhthuiscint a chur chun cinn idir Óglaigh na hÉireann agus an pobal trí a bheith rannpháirteach go forghníomhach leis na meáin.
I gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann, An Droichead Nua, Co. Chill Dara atá Preasoifig Óglaigh na hÉireann lonnaithe. Ann tá líonraí na bPreasoifig Réigiúnach a dhéanann ionadaíocht ar an Arm, ar an Aerchór, ar an tSeirbhís Chabhlaigh, ar na hAonaid Cúltaca agus ar gach Aonad thar lear.
Foireann bheag pearsanra atá sa Phreasoifig ag a bhfuil saineolas míleata chomh maith le cáilíochtaí gairmiúla sna meáin agus i gcúrsaí cumarsáide.
Cad a dhéanann an Phreasoifig?
- Cuireann sí seirbhís fiosruithe ar fáil do na meáin maidir le hÓglaigh na hÉireann.
- Eisíonn sí ráitis oifigiúla Óglaigh na hÉireann chuig na meáin.
- Déanann sí Nuacht Ráitis Óglaigh na hÉireann a dhreáchtú agus a eisiúint agus cuireann sí scéalta eile a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann chun cinn.
- Déanann sí cur síos ar ghníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann trí mhionteagaisc, agallaimh, Phreas-Ócáidí agus trí shaoráidí meáin a eagraítear ag bunaíochtaí Óglaigh na hÉireann.
- Éascaíonn sí idirghníomhaíocht idir comhaltaí Óglaigh na hÉireann agus na meáin.
- Deánann sí an cur i láthair a bhíonn ag Óglaigh na hÉireann ar líne a mhaoirsiú.
- Éascaíonn sí lucht déanta clár nuair a bhítear ag tabhairt faoi léiriúcháin a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann.
Féach ar Mhol na Meán








