Dé Céadaoin an 2 Bealtaine 2018 - Léirbhreithniú.

Déanfaidh an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe TD, in éineacht le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leas-Seachaimiréal Mark Mellett DSM, léirbhreithniú ar fhir agus ar mhná an 112ú Cathlán Coisithe i nDún Mhic Aogáin, Dún Dealgan, amárach, Dé Céadaoin an 2 Bealtaine 2018 ag 11am. Léirbhreithneofar an 112ú Cathlán Coisithe sula dtabharfaidh siad faoi sheal sé mhí i nDeisceart na Liobáine mar chuid d'Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).

344 trúpa as Éirinn a bheidh a n-imscaradh san 112ú Cathlán Coisithe agus tiocfaidh siad in áit na dtrúpaí atá ag fónamh i nDeisceart na Liobáine ag deireadh na míosa seo chugainn. Is é seo an t-imscaradh is mó de chuid na hÉireann thar lear faoi láthair. Nuair a bheidh siad thall, glacfaidh an 112ú Cathlán Coisithe ceannas ar an gCathlán Éireannach/Fionlannach IRISHFINNBATT, ina bhfuil complacht saighdiúirí ón bhFionlainn agus buíon ón Eastóin.

Tá pearsanra sa 112ú Cathlán Coisithe ó 29 contae in Éirinn agus tá chuid is mó díobh sin sa 27ú Cathlán Coisithe atá bunaithe i nDún Mhic Aogáin, Dún Dealgan (86 pearsanra). An chéad trí aonad is mó eile ná an 7ú Cathlán Coisithe, Ráth Maonais (38), an 2 Reisimint Airtléire Briogáide, Dún Chostúim, Áth Luain (29) agus 6ú Cathlán Coisithe, Dún Chostúim, Baile Átha Luain (23).

Tionólfaidh an tAonad i nDún Mhic Aogáin, Dún Dealgan. Ina dhiaidh sin beidh paráid ann de Bhratach an Aonaid, tabharfaidh an tAire óráid chomh maith le Máirseáil thar Bráid.

Léigh a Tuilleadh faoi UNIFIL


Dáta an Phreasráitis: Dé Céadaoin an 2 Bealtaine 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach


Fórsaí Cúltaca

Earcaíocht anois

>> Léigh níos Mó