- Anseo atá tú:
- Preasoifig >
- Nuacht agus Imeachtaí
Deardaoin 07 Meitheamh 2012 - An Dochar Bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí an Airm as Ceimiceán Éagobhsaí.
Tá an dochar bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí an Airm as méid aigéid phicrigh éagobhsaí ag cógaslann ar an bPríomh Chearnóg, Durlas, tráthnóna inniu.
Chuir Óglaigh na hÉireann foireann amach chuig an gcóglaslann áit ar thángthas ar an gceimiceán éagobhsaí le linn ghnáth-iniúchta ar cheimiceáin.
Tháinig an fhoireann ar an láthair ag 11.30am agus thug siad an ceimiceán chuig talamh gan rath. Rinne an Fhoireann Diúscartha Buamaí pléascadh rialaithe chun an dochar a bhaint as an gceimiceán; fógraíodh an áit slán sábháilte ag 12.30pm.
Is imoibrí ceimiceach é aigéad picreach agus baintear úsáid as go minic i saotharlanna agus i gcógaslanna, ach is féidir leis criostalú agus éirí éagobhsaí agus íogair in aghaidh croite nó frithchuimilte in imeacht ama.
Seó é an 98ú glaoch ar Fhoireann Diúscartha Buamaí an Airm go dtí seo i mbliana.
Dáta an Phreasráitis: 07 Meitheamh 2012
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:
Preasoifigeach: An Ceannfort Denis Hanly
Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503
Fón Póca : 087 2482130
Ríomhphost: Preasoifigeach







