Sathairn 7ú Iúil 2018 - Nuashonrú: Óglaigh na hÉireann ag cuidiú le loscadh.

Tá dhá héileacaptar imscartha ag Óglaigh na hÉireann inniu chun cúnamh a thabhairt d'údaráis áitiúla tine mhór sléibhe i Sliabh Bladhma in aice le teorann Chontae Laoise agus Chontae Uíbh Fhailí a cheansú. Is é seo an tríú lá ag an Aerchór a bheith páirteach i dtine Shliabh Bladhma, agus tá breis is 100,000 líotar uisce spréite aige chun cuidiú leis na seirbhísí dóiteáin áitiúla sna trí lá sin. Imscaradh 75 thrúpa as dúnta i mBaile Átha Luain agus as Cill Chainnigh chuig an sliabh chomh maith Déardaoin seo caite chun cúnamh a thabhairt.

Is é seo an t-ochtú lá as a chéile a bhfuil sócmhainní imscartha ag Óglaigh na hÉireann chun loscadh sléibhe a stopadh ag scaipeadh i réigiúin iargúlta. Ar iarratas ó na húdaráis shibhialta, d'fhreagair an tAerchór iarratais i mBaile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Luimneach, Corcaigh, Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí agus tá breis is 400,000 lítear spréite aige le saintrealamh.

Tá úsáid bainte as héileacaptair Agusta Westland AW139 mar gur féidir córas comhraic dóiteáin aeir bhuicéad ‘Bambi’ a fheistiú orthu atá ábalta 1,200 lítear uisce a scaipeadh gach uair a dtéitear thar bráid. Bíonn tionchar láithreach ag an méid sin uisce, agus é dírithe ar limistéar beag, ar loscadh sléibhe.

Chuir an tAerchór Eurocopter EC135 ar fáil freisin mar ardán ceannais agus comhordaithe agus Aerárthach Patróil Mara CASA CN235 atá feistithe le braiteoirí cumhachta agus radar chun ceantair eile faoi thine ar fud na tíre a aithint.

Is oibríochtaí leanúnacha iad na hoibríochtaí seo agus tá Óglaigh na hÉireann ullamh le leanúint i mbun oibríochtaí comhraic dóiteáin chun cuidiú leis an bpobal.


Dáta an Phreasráitis: Dé Sathairn 7ú Iúil 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach