- Anseo atá tú:
- Preasoifig >
- Nuacht agus Imeachtaí
Dé Sathairn 05 Bealtaine, 2012 - An dochar bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí an Airm as Gaireas Pléascach Seiftithe Inmharthana.
Bhain Foireann Diúscartha Buamaí an Airm an dochar as Gaireas Pléascach Seiftithe Inmharthana (IED) i dTamhlacht, Baile Átha Cliath, go moch ar maidin.
Ar iarratas ó na Gardaí rinne Óglaigh na hÉireann foireann a imscaradh chuig eastát cónaithe i gceantar Chéide Greenhills i dTamhlacht.
Bhí an fhoireann i láthair ag 04.10am agus scrúdaigh an gaireas a bhí suite faoi fheithicil.
Baineadh an dochar as an IED inmharthana ar an láthair agus ní raibh aon ghá pléascadh rialaithe a dhéanamh; fógraíodh an áit slán sábháilte ag 05.00am agus d’fhill an fhoireann ar a bunáit.
Tabharfar fuíoll an ghairis ar lámh do na Gardaí ar mhaithe lena n-imscrúduithe
Léigh tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann
Dáta an Phreasráitis: 5 Bealtaine 2012
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:
Preasoifigeach: An Ceannfort Denis Hanly
Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503
Fón Póca : 087 2482130
Ríomhphost: Preasoifigeach







