Dé hAoine an 2 Feabhra 2018 - Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann le Gradaim a Fháil.

Beidh an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe TD agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Seachaimiréal Mark Mellett DSM, i láthair ag searmanas chun Bonn Seirbhíse Dearscna (DSM) agus gradaim a bhronnadh ar chomhaltaí den tSeirbhís Chabhlaigh. Baineann na gradaim leis an méid a rinne siad le linn cheann de na hurghabálacha drugaí is mó ó bunaíodh an Stát. Ag an 11 am Dé hAoine an 2 Feabhra 2018 a bheidh an searmanas ar siúl i mBunáit Chabhlaigh Inis Sionnach.

Bronnfar Bonn Seirbhíse Dearscna (DSM) ar an Leifteanant-Cheannasaí Jamie Cotter le linn an tsearmanais de bharr an méid a rinne sé ina Oifigeach Bordála le linn Oibríocht Seabight. Bhí sé cróga, misniúil agus dílis dá dhualgas i dtimpeallacht oibríochta fhíorchontúirteach a raibh gabhadh an luaimh 'Dances with Waves' an 05 Samhain 2008 mar thoradh air.

Bronnfar Gradaim freisin ar an gCeannasaí (ar scor) Eugene Ryan agus an Leifteanant-Cheannasaí Martin Brett faoin méid a rinne siadsan le linn na hoibríochta. Ba é an Ceannasaí Ryan an Ceannasaí Oibríochtaí Cabhlaigh ar talamh agus ba é a bhí fhreagrach as an oibríocht tríd is tríd fad is a bhí an Leifteanant-Cheannasaí Martin Brett, Oifigeach i gCeannas an LÉ Niamh, i gceannas ar oirbheartaíocht an ghrúpa dhá loinge a thug faoin ngníomh bordála

Léigh tuilleadh faoi Bonn Óglaigh na hÉireann


Dáta an Phreasráitis: Dé hAoine an 2 Feabhra 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach