Baineann Foireann Diúscartha Buamaí an Airm an Dochar as Cúig Ghaireas Pléascach Seiftithe Inmharthana.

Bhain Foireann Diúscartha Buamaí an Airm an dochar as cúig ghaireas pléascach seiftithe inmharthana (IED) a fuarthas in áit iargúlta sa Tulach, Co. an Chláir, tráthnóna inniu.

Chuir Óglaigh na hÉireann foireann amach mar fhreagra ar iarratas ó na Gardaí agus bhí siad ar an láthair ag 1130am.Scrúdaigh an Fhoireann na gairis ar an láthair agus bhain an dochar astu.

 Rinneadh scrúdú teicniúil orthu agus tugadh ar lámh do na Gardaí ansin iad ar mhaithe lena n-imscrúduithe.Fógraíodh an láthair slán sábháilte ag 2pm agus d’fhill an Fhoireann ar a bunáit.

Ba é sin an cúigiú huair déag ar glaodh Foireann Diúscartha Buamaí an Airm amach i mbliana, an dara huair le ceithre huaire fichead anuas agus an ceathrú glaoch a bhain le IED in 2012.     


Dáta an Phreasráitis: 26 Eanáir 2012

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Denis Hanly

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach

Láithreán gréasáin: www.mileata.ie