- Anseo atá tú:
- Preasoifig >
- Nuacht agus Imeachtaí
An dochar bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí an Airm as Gaireas Pléascach Seiftithe Inmharthana.
Bhain Foireann Diúscartha Buamaí an Airm an dochar as trí Ghaireas Pléascacha Seiftithe Inmharthana (IED) i gCill Droichead, Co Chill Dara tráthnóna inniu.
Ar iarratas ó na Gardaí chuir Óglaigh na hÉireann an Fhoireann Diúscartha Buamaí amach chuig coill gar do Chill Droichead.
Bhí an fhoireann ar an láthair ag 12.05pm agus bhain an dochar as na IEDanna inmharthana a dtángthas orthu le linn cuardaigh ag na Gardaí.
Baineadh an dochar as na gairis ar an láthair agus níor ghá aon phléascadh rialaithe a dhéanamh.
Tugadh na gairis go dtí láthair slán mhíleata lena scrúdú go fóiréinseach agus go teicniúil agus tabharfar ar lámh do na Gardaí ansin iad.
Fógraíodh an láthair slán sábháilte ag 2pm agus d’fhill an Fhoireann ar a bunáit.
Seo é an 29ú glaoch ar Fhoireann Diúscartha Buamaí go dtí seo i mbliana agus 14ú IED inmharthana ar baineadh an dochar as i 2012.
Baineann roinnt de na glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na rudaí seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-sliogáin airtléire a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrasta a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.
Léigh tuilleadh eolas faoi fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann
Dáta an Phreasráitis: 16 Feabhra 2012
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:
Preasoifigeach: An Ceannfort Denis Hanly
Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503
Fón Póca : 087 2482130
Ríomhphost: Preasoifigeach
Láithreán gréasáin: www.mileata.ie







