An dochar bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí­ an Airm as Gaireas Pléascach Seiftithe Inmharthana.

Bhain Foireann Diúscartha Buamaí­ an Airm an dochar as Gaireas Pléascach Seiftithe Inmharthana (IED) i mBaile ítha Cliath thar oí­che.

Ar iarratas ó na Gardaí­ rinne Óglaigh na hÉireann an Fhoireann Diúscartha Buamaí­ a imscaradh chuig ionad fiontar pobail sa tSeanbhábhún, Tamhlacht.

Bhí­ an Fhoireann ar an láthair ag 11pm agus bhain an dochar as an nGaireas Pléascach Seiftithe a fuarthas gar don áitreamh. Ní­ dhearnadh aon phléascadh rialaithe agus fógraí­odh an áit slán sábháilte ag 12.30am.

Tugadh an gaireas go dtí­ láthair slán mhí­leata lena scrúdú go fóiréinseach agus go teicniúil. Tá gach ní­ a bhfuil mianach fianaise ann tugtha ar lámh do na Gardaí­ anois.

Seo é an 28ú glaoch ar Fhoireann Diúscartha Buamaí­ go dtí­ seo i mbliana agus 11ú IED inmharthana ar baineadh an dochar as i 2012.

Baineann roinnt de na glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na rudaí­ seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-sliogáin airtléire a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí­, agus gairis amhrasta a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad

Léigh tuilleadh faoi Diúscartha Buamaí­ Óglaigh na hÉireann


Dáta an Phreasráitis: 15 Feabhra 2012

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Denis Hanly

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Rí­omhphost: Preasoifigeach

Láithreán gréasáin: www.mileata.ie