21 Meán Fómhair 2017 - Léirbhreithniú an Aire.

Déanfaidh an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe TD, in éineacht le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Seachaimiréal Mark Mellett DSM, léirbhreithniú ar 131 fear agus bean an 56ú Grúpa Coisithe sula dtéann siad go dtí Arda Golan mar chuid d'Fhórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF).

Beidh an 56ú Grúpa Coisithe ar an naoú meitheal síochánaíochta atá á himscaradh go hArda Golan. Is ón 2ú Reisimint Airtléire Briogáide, atá lonnaithe i nDún Chostúim, Baile Átha Luain, a thagann formhór de phearsanra an Ghrúpa go príomha, agus tá pearsanra ann ó aonaid éagsúla an Airm agus an Aerchóir freisin.

Baileoidh an tAonad le chéile i bPáirc Burgess, Baile Átha Luain ag 10.30am. Ina dhiaidh sin beannófar Bratach an Aonaid, tabharfaidh an tAire óráid agus beidh Máirseáil thar Bráid.

Léigh a tuilleadh faoi UNDOF


Dáta an Phreasráitis: 21 Meán Fómhair 2017

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach