06 Feabhra 2014 - Baineann Foireann Dhiúscartha Buamaí­ an Airm an Dochar as Gránáid Stairiúil.

Bhain foireann Dhiúscartha Buamaí­ an Airm an dochar ar maidin inniu as Gránáid den chineál Mills a rinneadh ag tús an 20ú hAois agus a tháinig i dtí­r tar éis stoirmeacha a bhí­ ann le gairid i mBéal ítha Seanaidh, Co Dhún na nGall. Cuireadh an Fhoireann amach go dtí­ The Mall Quay ar iarratas ó na Gardaí­ áitiúla. 

Shroich an Fhoireann an láthair teagmhais ag 9.55am áit a ndearna siad scrúdú ar an ngránáid, d’aistrigh siad go dtí­ áit shábháilte í­ agus ina dhiaidh sin bhaineadar an dochar aisti le pléascadh rialaithe.Fógraí­odh an áit slán sábháilte ag 10.20am agus d’fhill an fhoireann ar an mbunáit.

Coinní­onn Óglaigh na hÉireann Foirne Diúscartha Buamaí­ an Airm ar a n-airdeall ar fud an Stáit ar bhunús 24/7 chun iarratais ar chúnamh a fhreagairt ar fhógra láithreach gluaiseachta.

Seo é an 17ú glaoch-amach go dtí­ seo in 2014.


Dáta an Phreasráitis: 06 Feabhra 2014 

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Denis Hanly

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Rí­omhphost: Preasoifigeach

Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí­ Óglaigh na hÉireann