- Anseo atá tú:
- Na hÓglaigh Cúltaca >
- Traenáil
Traenáil
Traenáil agus Forbairt
Is croílár na nÓglach Cúltaca í an traenáil. Faigheann an saighdiúir páirtaimseartha nó an mairnéalach páirtaimseartha treanáil nua-aimseartha, bunaithe thart ar pharáidí traenála seachtainiúla, a mbíonn fad 2 uair an chloig iontu de ghnáth. Bíonn laethanta freachnaimh, agus campaí thar oíche uair amháin in aghaidh na míosa de ghnáth, mar aon le campa traenála lánaimseartha sa samhradh a mbíonn fad suas le 14 lá ann.
Cúltaca an Airm
I gCúltaca an Airm, is saighdiúir ar an gcéad dul síos gach uile dhuine agus léiríonn an traenáil a fhaigheann siad sa chéad chúpla bliain é seo. Ní mór do gach duine a théann sa Chúltaca an traenáil earcaigh chéanna a dhéanamh. Is í forbairt an ghnáthdhuine ina shaighdiúir cumasach agus spreagtha sprioc na traenála earcaigh. Sa traenáil earcaigh déanann saighdiúirí traenáil i ngarchabhair chomhraic, in eagrúchán Óglaigh na hÉireann, sa dlí míleata agus i dtraenáil oirbheartaíochta. Is cuid mhór de thraenáil Earcaigh an traenáil ar Mhuscaed Ionsaithe Steyr 5.56mm.
Tabhair cuairt ar Rannóg Cheanncheathrún an Oideachais le haghaidh tuilleadh eolais ar thraenáil laistigh de Chúltaca an Airm.
Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh
Déantar traenáil i gCúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh sna suíomhanna aonaid éagsúla ar fud na hÉireann agus sa Bhunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach, Contae Chorcaí. Reáchtáiltear cúrsaí deimhnithe i saoráidí den chuid is nua-aimseartha i gColáiste Náisiúnta Muirí na hÉireann in aice leis an mBunáit Chabhlaigh i Rinn an Scidígh, Contae Chorcaí. Áirítear ar chúrsaí dá leithéid Teacht Slán ar Farraige, Rialú Damáiste agus Comhrac Dóiteáin, Láimhseáil Bád, Traenáil Armán agus Cumarsáid.
Tabhair cuairt ar Rannóg Cheanncheathrún an Oideachais le haghaidh tuilleadh eolais ar thraenáil laistigh de Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh.
Traenáil Cúltaca
Léigh tuilleadh eolais faoi Thraenáil Óglaigh na hÉireann










