Stair Chúltaca an Airm

Easter 1966
Easter 1966

1946 — 1984

Rinneadh atheagrú ar an LDF arís i 1946 faoin teideal An Fórsa Cosanta Áitiúil (An FCÁ).

Chuaigh an FCÁ isteach leis na Buan-Óglaigh (PDF) i 1959. Rinneadh athbheochan ar an FCÁ dá bharr sin, mar rinneadh athstruchtúrú ar an bhFórsa Cosanta Áitiúil le bheith ar aon dul leis an PDF. Rinneadh Cathláin Mhuscaeid a athchóiriú ina Chathláin Choisithe, agus rinneadh uasghrádú ar a gcuid oiliúna agus armáin. Thug pearsanra an FCÁ tacaíocht don PDF ón mbliain 1969 ar aghaidh trí dhualgais slándála a sholáthar i ndúin agus i bpoist ar fud na tíre.

1984 — 1996

In 1984, go luath tar éis dháta cothrom 25 bliain ar lánpháirtiú, rinneadh an FCÁ a scaradh ón PDF arís agus a athbhunú mar Fhórsa Cosanta neamhspleách. Tá ann fós den struchtúr a cuireadh ar bun an tráth sin, agus lean an FCÁ ar aghaidh lena ghnáth-thraenáil.

Ba iad na haonaid FCÁ an chuid d'Óglaigh na hÉireann ba mhó a chonaic daoine in go leor áiteanna ar fud na tíre. Chuaigh pearsanra an FCÁ i mbun dualgas searmanais, Gardaí Uachtaráin agus gardaí oinigh go rialta, chomh maith le bheith páirteach i bparáidí Lá Fhéile Pádraig go háitiúil agus go náisiúnta. Bhí pearsanra an FCÁ ar fáil i rith éigeandálacha áitiúla chun cabhrú le daoine i ngátar agus chun cúnamh a thabhairt don PDF maidir le dualgais slándála, freachnaimh mhíleata agus mar thacaÁocht i móroibríochtaí.

1996 — 2004

Bunaíodh bord míleata faoin gCornal Des Travers sa bhliain 1996 lena scrúdú an bhféadfaí an FCÁ a athstruchtúrú agus a ath-lánpháirtiú sa PDF. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha mar thoradh ar thuarascáil an bhoird sin. Bhí an Grúpa Stiúrtha comhdhéanta de chomhaltaí na Roinne Cosanta, pearsanra ón PDF agus ón FCÁ, ina measc an Briogáidire-Ginearál Edmund Heskin, Ginearáloifigeach i gceannas 2 Briogáid an Oirthir an t-am sin, agus an Cornal Mick Dunne, Stiúrthóir na bhFórsaí Cúltaca an t-am sin. Baineadh úsáid as tuarascáil dheiridh an Bhoird Stiúrtha mar bhunús do na moltaí a bhí déanta i bPáipéar Bán an Rialtais ar Chosaint 2000. Dúradh sa Pháipéar Bán: “Déanann Éire foráil dá príomhriachtanais chosanta trí na Buan-Óglaigh (PDF). Tugann fáil ar fhórsaí forlíontacha i bhfoirm fhórsaí cúltaca deis chun sprioc lín foriomlán a bhaint amach ar mhodh éifeachtach ó thaobh costas de, trí na Fórsaí reatha agus na Fórsaí Cúltaca a nascadh go cúramach. Ba chóir na Fórsaí Cúltaca a eagrú agus a fheistiú ar shlí chomhchosúil leis na gnáthfhórsaí d’fhonn an chomh-inoibritheacht is gá a fhorbairt chun traenáil agus comhoibríochtaí a dhéanamh."

Leis sin a bhaint amach, agus ag éirí as tuarascáil an Bhoird Stiúrtha, bunaíodh Bord Forfheidhmithe Athbhreithnithe na nÓglach Cúltaca (RDFRIB). Chuir an RDFRIB, faoi chathaoirleacht an Bhriogáidire-Ghinearáil Frederic Swords, tuarascáil amach i 2002. Mhol sé go mbunófaí Cúltaca ina mbeadh gnéithe lánpháirtithe agus neamh-lánpháirtithe.

2004 - 2012

An 26 Iúil 2004, bhí toradh ar an obair mhór a rinne an RDFRIB nuair a cheadaigh an tUasal Michael Smith, TD, an tAire Cosanta ag an am, Plean Athbhreithnithe Feidhmithe na nÓglach Cúltaca, bunaithe ar thuarascáil an RDFRIB. Déanfaidh an eagraíocht nua, a tháinig i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2005, na fórsaí Cúltaca a thabhairt cothrom le dáta agus a n-íomhá a athrú chun feabhais, sa tslí agus gur fórsa níos nua-aimseartha lánpháirtithe a bheidh ann. Is ionann struchtúr na heagraíochta nua cúltaca is struchtúr reatha an PDF, áit a bhfuil trí Bhriogáid Cathláin Cúltaca .

2013 

Beidh na fórsaí cúltaca lánpháirtithe tumtha go hiomlán sna haonaid bhunaidh PDF. Beidh clár traenála i bhfad níos déine ag na saighdiúirí seo, mar a mbeidh siad ag traenáil taobh lena gcomrádaithe PDF, faoi cheannas agus faoi smacht cheannasaí a n-aonaid PDF. Tá an lánpháirtiú seo á mhúnlú i láthair na huaire. Déanfaidh an Grúpa Monatóireachta monatóireacht leanúnach ar an amlíne sceidealaithe seo d'fhonn a chinntiú go mbaileoidh an plean neart. "Fórsa Amháin" a thugtar ar an gcoincheap seo.

Ní foláir don na hÓglaigh Cúltaca díriú anois ar chaighdeán traenála a bhaint amach a chuirfidh ar a chumas dul i mbun oibríochta in éineacht leis an PDF de réir mar is gá.

Tá an-difear idir na hÓglaigh Cúltaca nua, lánpháirtithe agus an FCÁ. Cé go bhfuil anna hÓglaigh Cúltacaan Airm ag cur le buanna na seaneagraíochta, beidh ról níos éifeachtaí agus níos dúshlánaí aige. Tá feabhas curtha ar threalamh agus tá tuilleadh acmhainní curtha ar fáil le hais mar a bhíodh. Ba ar thiomantas agus ar dhíograis na n-óglach cúltaca a bhí an sean-FCÁ bunaithe agus fágfaidh na tréithe sin, mar aon le traenáil níos fearr agus fócas níos soiléire a bheith ann ná mar a bhí roimhe seo, go n-éireoidh leis  na hÓglaigh Cúltaca an Airm.

Stair Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh

Rinne an Ríocht Aontaithe athghabháil ar uiscí na hÉireann tar éis an Chonartha i 1922. Rialtas na hÉireann a bhí freagrach as póilíniú a dhéanamh ar iascaigh agus ar chustaim na hÉireann.  Bunaíodh an tSeirbhÁs Chósta agus Muirí chun na críche sin i 1923. Cé gur cuireadh deireadh leis an tSeirbhís i 1924, lean an MURICHU (EX HELGA) nach raibh armtha, i mbun dualgas cosanta iascaigh don Roinn Iascaigh, ag patrólú na dtrí mhíle d’uiscí críche na hÉireann.Cuireadh armáin ar an MURICHU i 1936 le go mbeadh sí níos éifeachtúlaí ar patról. Chuaigh an FORT RANNOCH ar patról in éineacht léi i 1938, nuair a tugadh na huiscí agus na calafoirt (Cuan Bhaile an Chaisleáin, Loch Súilí agus Cuan ChorcaÁ) ar lámh do Rialtas na hÉireann i 1938.  Tharraing Cabhlach Ríoga na Breataine amach as Cuan Chorcaí an 11 Iúil 1938. Rialtas na hÉireann a bhí freagrach go hiomlán as uiscí na hÉireann ansin.

Ordaíodh dhá mhótarbhád toirpéad (MTBanna) ó Vospers UK i mBealtaine 1939. Spreag briseadh amach an chogaidh i Meán Fómhair na bliana sin an Rialtas chun an tSeirbhís Faire Mara agus Cósta a chur ar bun. Chuir seasamh neodrach na hÉireann tuilleadh béime ar an ngá ag Éirinn a Cabhlach féin a bheith aici d’fhonn seasamh an neodracht sin a chosaint. Méadaíodh an t-ordú do na MTBanna ó 2 go dtí 6 tar éis don chogadh briseadh amach. Bhí 6 MTBanna agus 4 soitheach éagsúla ag an tSeirbhís faoin mbliain 1941 agus d’oibrigh thart ar 300 duine de gach céim orthu. Díríodh i rith bhlianta an chogaidh ar dhualgais rialaithe calafoirt, mar shampla mhianaigh a chur (i gCorcaigh agus i bPort Láirge), rialáil loingis cheannaíochta, áiseanna loingseoireachta a chothabháil agus cosaint iascaigh. Scoireadh an tSeirbhís Faire Cósta agus cuireadh deireadh le taobh na Mara nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh sa bhliain 1945. Chuaigh an tSeirbhís Mara isteach le hÓglaigh na hÉireann i Meán Fómhair 1946 agus mar sin a tháinig Seirbhís Cabhlaigh na hÉireann ar ann di inniu ar an bhfód.
Cruthaíodh an Cúltaca Deonach Cabhlaigh Dara Líne, ar a tugadh an Maritime Inscription an 20 Meán Fómhair 1940. Tháinig forbairt ar an Maritime Inscription faoi cheannas an Chornail A. T. Lawlor, ó oifig i nDún Portobello (Dún Chathail Bhrugha anois) agus d’fheidhmigh sé a rólanna maidir le Rialú Calafoirt agus Cosaint Chun na Farraige. Bhí 14 Oifigeach, 137 ONCanna agus 992 fear ann faoin mbliain 1943.

Ba é an Maritime Inscription a thaispeáin an chéad Éide de chuid Chabhlach na hÉireann do mhuintir na hÉireann ag Paráid na Cásca 1941.

In 1947, mar aitheantas ar an tsársheirbhÁs a thug siad don tír le linn ‘na hÉigeandála’, chinn an Rialtas go nglacfaí an tSeirbhís Faire Mara agus Cósta mar chuid d'Óglaigh na hÉireann agus go dtabharfaí di a ceannas féin, chomh maith le teidil agus céimeanna cabhlaigh cuí. Atheagraíodh an Maritime Inscription ina Chúltaca Dara Líne chuig an tSeirbhís Chabhlaigh an 10 Meitheamh 1947 agus athainmníodh é mar An Slua Muirí. Sa bhliain 1954, aistríodh ceannas ar Aonaid an tSlua Mhuirí ó réimsí Ceannais Airm éagsúla go dtí an tSeirbhÁs Chabhlach, atá freagrach anois as an bhfórsa a riar agus a oibriú.

Athraíodh ainm an tSlua Mhuirí go dtí Cúltaca Na Seirbhíse Cabhlaigh tar éis athbhreithnithe ar Óglaigh na hÉireann le blianta beaga anuas.  Tá bunaíocht de bhreis agus 400 ann do Chúltaca Na Seirbhíse Cabhlaigh faoi láthair.

Léigh tuilleadh faoi Stair Óglaigh na hÉireann