- Anseo atá tú:
- Na hÓglaigh Cúltaca >
- Stair
Stair Chúltaca an Airm

- Easter 1966
1946 – 1984
Rinneadh atheagrú ar an LDF arís i 1946 faoin teideal An Fórsa Cosanta Áitiúil (An FCÁ).
Chuaigh an FCÁ isteach leis na Buan-Óglaigh (PDF) i 1959. Rinneadh athbheochan ar an FCÁ dá bharr sin, mar rinneadh athstruchtúrú ar an bhFórsa Cosanta Áitiúil le bheith ar aon dul leis an PDF. Rinneadh Cathláin Mhuscaeid a athchóiriú ina Chathláin Choisithe, agus rinneadh uasghrádú ar a gcuid oiliúna agus armáin. Thug pearsanra an FCÁ tacaíocht don PDF ón mbliain 1969 ar aghaidh trí dhualgais slándála a sholáthar i ndúin agus i bpoist ar fud na tíre.
1984 – 1996
In 1984, go luath tar éis dháta cothrom 25 bliain ar lánpháirtiú, rinneadh an FCÁ a scaradh ón PDF arís agus a athbhunú mar Fhórsa Cosanta neamhspleách. Tá ann fós den struchtúr a cuireadh ar bun an tráth sin, agus lean an FCÁ ar aghaidh lena ghnáth-thraenáil.
Ba iad na haonaid FCÁ an chuid d'Óglaigh na hÉireann ba mhó a chonaic daoine in go leor áiteanna ar fud na tíre. Chuaigh pearsanra an FCÁ i mbun dualgas searmanais, Gardaí Uachtaráin agus gardaí oinigh go rialta, chomh maith le bheith páirteach i bparáidí Lá Fhéile Pádraig go háitiúil agus go náisiúnta. Bhí pearsanra an FCÁ ar fáil i rith éigeandálacha áitiúla chun cabhrú le daoine i ngátar agus chun cúnamh a thabhairt don PDF maidir le dualgais slándála, freachnaimh mhíleata agus mar thacaíocht i móroibríochtaí.
1996 – 2004
Bunaíodh bord míleata faoin gCornal Des Travers sa bhliain 1996 lena scrúdú an bhféadfaí an FCÁ a athstruchtúrú agus a ath-lánpháirtiú sa PDF. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha mar thoradh ar thuarascáil an bhoird sin. Bhí an Grúpa Stiúrtha comhdhéanta de chomhaltaí na Roinne Cosanta, pearsanra ón PDF agus ón FCÁ, ina measc an Briogáidire-Ginearál Edmund Heskin, Ginearáloifigeach i gceannas 2 Briogáid an Oirthir an t-am sin, agus an Cornal Mick Dunne, Stiúrthóir na bhFórsaí Cúltaca an t-am sin. Baineadh úsáid as tuarascáil dheiridh an Bhoird Stiúrtha mar bhunús do na moltaí a bhí déanta i bPáipéar Bán an Rialtais ar Chosaint 2000. Dúradh sa Pháipéar Bán: “Déanann Éire foráil dá príomhriachtanais chosanta trí na Buan-Óglaigh (PDF). Tugann fáil ar fhórsaí forlíontacha i bhfoirm fhórsaí cúltaca deis chun sprioc lín foriomlán a bhaint amach ar mhodh éifeachtach ó thaobh costas de, trí na Fórsaí reatha agus na Fórsaí Cúltaca a nascadh go cúramach. Ba chóir na Fórsaí Cúltaca a eagrú agus a fheistiú ar shlí chomhchosúil leis na gnáthfhórsaí d’fhonn an chomh-inoibritheacht is gá a fhorbairt chun traenáil agus comhoibríochtaí a dhéanamh. ”
Leis sin a bhaint amach, agus ag éirí as tuarascáil an Bhoird Stiúrtha, bunaíodh Bord Forfheidhmithe Athbhreithnithe na nÓglach Cúltaca (RDFRIB). Chuir an RDFRIB, faoi chathaoirleacht an Bhriogáidire-Ghinearáil Frederic Swords, tuarascáil amach i 2002. Mhol sé go mbunófaí Cúltaca ina mbeadh gnéithe lánpháirtithe agus neamh-lánpháirtithe.
1946 – 1984
In 1946 the LDF was reorganised again, under a new title, An Fórsa Cosanta Áitiúil (An FCÁ – the Local Defence Forces)
An FCÁ integrated with the Permanent Defence Forces (PDF) in 1959. This move revitalised An FCÁ, as the Local Defence Force was restructured to mirror the PDF. Rifle Battalions were reformed as Infantry Battalions, their training and weapons were upgraded. From 1969 onwards FCÁ personnel supported the PDF by the provision of security duties in barracks and posts throughout the country.
1984 – 1996
In 1984, shortly after the 25th anniversary of integration, An FCÁ was de-integrated and re-established as an independent Reserve Force. The structure set in place at the time has continued the same and An FCÁ has continued with its normal training.
FCÁ units were the most visible part of the Defence Forces in many localities throughout the country. Regularly carrying out ceremonial duties, Presidential Guards, and guards of honour, as well as participating in local and national St. Patrick’s Day Parades, FCÁ personnel made themselves available during local emergencies providing help to the needy and assistance to the PDF for security duties, military exercises and in support for major operations.
1996 – 2004
In 1996 a military board was established under Colonel Des Travers to look at the possibilities of restructuring the FCÁ and re-integrating the organisation into the PDF. Arising from the report of this board a Steering Group was set up consisting of members of the Department of Defence, PDF and FCÁ personnel, including Brigadier General Edmund Heskin, then General Officer Commanding the 2 Eastern Brigade, and Colonel Mick Dunne, then Director of Reserve Forces. The Steering Board’s final report was used as a basis for the recommendations contained in the Government’s White Paper on Defence 2000. The White Paper stated, “Ireland provides for its core defence requirements through the Permanent Defence Forces (PDF). The availability of supplementary forces, in the form of reserves, offers a cost effective means of achieving an overall strength target through a judicious combination of standing and Reserve Forces, the Reserves should be organised and equipped on a similar basis to regular forces in order to develop the interoperability necessary to train and conduct joint operations.”
To achieve this, and arising from the Steering Board report, the Reserve Defence Forces Review Implementation Board (RDFRIB) was established. Chaired by Brigadier General Frederic Swords, the RDFRIB reported in 2002. It recommended the establishment of a Reserve containing integrated and non-integrated elements.
2004 - inniu
Ba é críoch na dianoibre go léir a rinne an RDFRIB gur cheadaigh an tUas. Michael Smith, TD, an tAire Cosanta ag an am, an Plean Forfheidhmithe Athbhreithnithe RDF, a bhí bunaithe ar thuarascáil an RDFRIB, an 26 Iúil 2004. Déanfaidh an eagraíocht nua, ar tháinig feidhm léi an 1 Deireadh Fómhair 2005, an Cúltaca a thabhairt cothrom le dáta agus a athrú, rud a dhéanfaidh fórsa níos nua-aimseartha de ar féidir a lánpháirtiú níos fearr. Is macasamhail í an eagraíocht chúltaca neamh-lánpháirithe nua de struchtúr reatha an PDF le trí Bhriogáid Choisithe Chúltaca.
Ní mór don Fhórsa Cúltaca díriú anois ar thraenáil go dtí caighdeán a chuirfidh ar a chumas comh-inoibritheacht leis an PDF a bhaint amach, má bhíonn gá leis sin.
Áiríodh sa phlean freisin cúltaca lánpháirtithe a chur le chéile, a bheadh comhdhéanta de 2,656 pearsanra a bheidh lánpháirtithe go hiomlán le haonaid an PDF. Beidh córas traenála i bhfad níos saindírithe ag na pearsanra lánpháirtithe sin, agus iad ag traenáil i dteannta lena gcomrádaithe sa PDF, faoi rialú cheannasaí an aonaid PDF. Táthar ag cruthú an lánpháirtithe sin faoi láthair. Déanfaidh an Grúpa Monatóireachta monatóireacht leanúnach ar an amlíne atá leagtha síos, lena chinntiú go leanfar le móiminteam an phlean.
Éilíonn an cúltaca lánpháirtithe go mbunófar Údarás Traenála RDF (RDFTA) chomh maith. Is é ról an RDFTA údarás traenála lárnach a chur ar fáil chun tacú le traenáil, í a riar agus meastóireacht agus bailíochtú a dhéanamh uirthi.
Is eagraíocht an-éagsúil ón FCÁ é an eagraíocht nua Cúltaca an Airm. Beidh ról níos dúshlánaí agus a mbaineann níos mó brí leis ag Cúltaca an Airm fad a chuirfear le láidreachtaí na sean-eagraíochta. Tá feabhas curtha ar threalamh agus tá tuilleadh acmhainní curtha ar fáil.
Is é tiomantas agus díograis na gcúltacairí deonacha croílár an sean-FCÁ. Is iad na tréithe sin, i gcomhar leis an traenáil fheabhsaithe agus fócas níos soiléire, a leanfaidh ar aghaidh le héifeacht Chúltaca an Airm a chinntiú.
Stair Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh
Rinne an Ríocht Aontaithe athghabháil ar uiscí na hÉireann tar éis an Chonartha i 1922. Rialtas na hÉireann a bhí freagrach as póilíniú a dhéanamh ar iascaigh agus ar chustaim na hÉireann. Bunaíodh an tSeirbhís Chósta agus Muirí chun na críche sin i 1923. Cé gur cuireadh deireadh leis an tSeirbhís i 1924, lean an MURICHU (EX HELGA) nach raibh armtha, i mbun dualgas cosanta iascaigh don Roinn Iascaigh, ag patrólú na dtrí mhíle d’uiscí críche na hÉireann.Cuireadh armáin ar an MURICHU i 1936 le go mbeadh sí níos éifeachtúlaí ar patról. Chuaigh an FORT RANNOCH ar patról in éineacht léi i 1938, nuair a tugadh na huiscí agus na calafoirt (Cuan Bhaile an Chaisleáin, Loch Súilí agus Cuan Chorcaí) ar lámh do Rialtas na hÉireann i 1938. Tharraing Cabhlach Ríoga na Breataine amach as Cuan Chorcaí an 11 Iúil 1938. Rialtas na hÉireann a bhí freagrach go hiomlán as uiscí na hÉireann ansin.
Ordaíodh dhá mhótarbhád toirpéad (MTBanna) ó Vospers UK i mBealtaine 1939. Spreag briseadh amach an chogaidh i Meán Fómhair na bliana sin an Rialtas chun an tSeirbhís Faire Mara agus Cósta a chur ar bun. Chuir seasamh neodrach na hÉireann tuilleadh béime ar an ngá ag Éirinn a Cabhlach féin a bheith aici d’fhonn seasamh an neodracht sin a chosaint. Méadaíodh an t-ordú do na MTBanna ó 2 go dtí 6 tar éis don chogadh briseadh amach. Bhí 6 MTBanna agus 4 soitheach éagsúla ag an tSeirbhís faoin mbliain 1941 agus d’oibrigh thart ar 300 duine de gach céim orthu. Díríodh i rith bhlianta an chogaidh ar dhualgais rialaithe calafoirt, mar shampla mhianaigh a chur (i gCorcaigh agus i bPort Láirge), rialáil loingis cheannaíochta, áiseanna loingseoireachta a chothabháil agus cosaint iascaigh. Scoireadh an tSeirbhís Faire Cósta agus cuireadh deireadh le taobh na Mara nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh sa bhliain 1945. Chuaigh an tSeirbhís Mara isteach le hÓglaigh na hÉireann i Meán Fómhair 1946 agus mar sin a tháinig Seirbhís Cabhlaigh na hÉireann ar ann di inniu ar an bhfód.
Cruthaíodh an Cúltaca Deonach Cabhlaigh Dara Líne, ar a tugadh an Maritime Inscription an 20 Meán Fómhair 1940. Tháinig forbairt ar an Maritime Inscription faoi cheannas an Chornail A. T. Lawlor, ó oifig i nDún Portobello (Dún Chathail Bhrugha anois) agus d’fheidhmigh sé a rólanna maidir le Rialú Calafoirt agus Cosaint Chun na Farraige. Bhí 14 Oifigeach, 137 ONCanna agus 992 fear ann faoin mbliain 1943.
Ba é an Maritime Inscription a thaispeáin an chéad Éide de chuid Chabhlach na hÉireann do mhuintir na hÉireann ag Paráid na Cásca 1941.
In 1947, mar aitheantas ar an tsársheirbhís a thug siad don tír le linn ‘na hÉigeandála’, chinn an Rialtas go nglacfaí an tSeirbhís Faire Mara agus Cósta mar chuid d'Óglaigh na hÉireann agus go dtabharfaí di a ceannas féin, chomh maith le teidil agus céimeanna cabhlaigh cuí. Atheagraíodh an Maritime Inscription ina Chúltaca Dara Líne chuig an tSeirbhís Chabhlaigh an 10 Meitheamh 1947 agus athainmníodh é mar An Slua Muirí. Sa bhliain 1954, aistríodh ceannas ar Aonaid an tSlua Mhuirí ó réimsí Ceannais Airm éagsúla go dtí an tSeirbhís Chabhlach, atá freagrach anois as an bhfórsa a riar agus a oibriú.
Athraíodh ainm an tSlua Mhuirí go dtí Cúltaca Na Seirbhíse Cabhlaigh tar éis athbhreithnithe ar Óglaigh na hÉireann le blianta beaga anuas. Tá bunaíocht de bhreis agus 400 ann do Chúltaca Na Seirbhíse Cabhlaigh faoi láthair.
Léigh tuilleadh faoi Stair Óglaigh na hÉireann









