Suaitheantas CaipÁn Óglaigh na hÉireann

Tagann dearadh an tSuaitheantais (atá i gcoiteann ag gach Cór agus SeirbhÁs agus gach ord éide) ó shuaitheantas Óglaigh na hÉireann agus is é an tOllamh Eoin Mac Néill, Cathaoirleach Fheidhmeannas Náisiúnta Óglaigh na hÉireann, a dhear.

Ghlac Óglaigh na hÉireann leis an suaitheantas seo ar dtús i nDeireadh Fómhair 1914 mar shuaitheantas oifigiúil na heagraÁochta. Is iad na litreacha ‘FF’ an LármhÁr.  CiallaÁonn na litreacha seo ‘Fianna Fáil’. Is é an focal ‘Fianna’ ainm an eagrais mhÁleata ársa (circa 3ú Céad A.D.) a fhoirmigh an rud arbh ionann ansin agus Arm seasta na tÁre. CiallaÁon an focal ‘Fáil’ ‘Cinniúint’.

Ba cheann d’ainmneacha ársa na hÉireann é ‘Inis Fáil’ (Oileán na Cinniúna) agus ciallaÁonn ‘Fianna Fáil’ mar sin ‘Fianna (nó Arm) na hÉireann’. Tá an dá litir timpeallaithe ag léiriú de chrios claÁmh laoich ársa agus ciorcal lasracha a léirÁonn ‘An Gal Gréine’— siombal catha traidisúnta na bhFianna.

CiallaÁonn na focail ‘Óglaigh na h-Éireann’ atá inscrÁofa thart ar an gcrios claÁmh ‘SaighdiúirÁ na hÉireann’. NÁl aon tábhacht ar leith bainteach leis an léiriú den réalta ar cuireadh san áireamh Á le cothromaÁocht a thabhairt don dearadh.

Fianna agus Fáil (FF)

Fianna

Baineann an focal 'Fianna' in intinn na nGael leis an gcrógacht, le cumas na bhfear agus leis an niachas sa chine agus baineann an 'Fáil' leis na córais pholaitÁochta agus chreidimh is luaithe ar fad de chuid na Seandéithe.

Cuireadh na Fianna mar ainm den chéad uair ar an eagraÁocht mhór mhÁleata a bhunaigh Fionn Mac Cumhaill féin sa 3ú céad agus tá sé in úsáid le seacht gcéad déag bliain mar fhocal ar lucht gaile agus gaisce na nGael.  Tráthanna éagsúla freisin, bhÁ an focal in úsáid maidir le lucht agartha agus cosanta chearta agus shaoirse na hÉireann.  BhÁ adhradh agus móradh ar na Fianna, ar aon dul beagnach le déithe, ag na Gaeil ar mhór acu laochra agus chonacthas go raibh tréithe na crógachta, na huaisleachta agus na féile go smior iontu.  Rinne filÁ agus baird na nGael móradh orthu san iliomad dán; tá cuid mhór den litrÁocht náisiúnta bunaithe ar éachtaÁ laochra agus cheannairÁ na bhFianna agus tá a gcuid ainmneacha luaite le fada le háiteanna ar fud na tÁre.  D'éilÁtÁ ar dhaoine ar mhian leo bheith sna Fianna dul faoi thástáil ghéar ar a n-iarann aigne chomh maith le lúth a ngéag.  BhÁ Fionn, OisÁn, Oscar, Diarmuid agus cuid mhór ceannairÁ iomráiteacha eile de chuid na bhFianna ina bhfilÁ chomh maith le bheith ina ngaiscÁgh.

BhÁ an tseaneagraÁocht scothmhÁleata seo mar réalt eolais ag Seán Mac Mathúna maidir le hArm na hÉireann agus ba mhór ag Pádraig Mac Piarais go mbeadh an cultúr Gaelach agus meas na nGael ar an gcrógacht, ar an gceart agus ar an onóir le chéile in Arm na hÉireann, mar a bhÁodh sna Fianna fadó.

Fáil

Tugann an t-iliomad scéal seanchais agus finscéal lena mbaineann an focal taibhsiúil 'Fál' siar muid go dtÁ an ré ársa, réamhstairiúil a dtáinig na Tuatha De Danann chun na tÁre.  Ba iadsan a thug an Lia Fáil anseo nuair a shocraigh siad ar dtús go gceansóidÁs Éirinn.  BhÁ cloch sin na cinniúna ar cheann de na seoda ba luachmhaire acu.  Rinne na Tuatha De Danann agus Clanna MÁleadh a tháinig i gcomharbacht orthu i gceannas na tÁre, móradh agus adhradh ar an Lia Fáil a mheas siad a bhÁ acu ó na déithe.

Ar feadh na gcianta, is ar an Lia Fáil sin a tharla searmanais choróinithe rÁthe na nGael, agus bhÁ creideamh buandaingean ag na Gaeil i ngach ollchumhacht neamhghnách a luadh le Cloch dhraÁochta na Cinniúna.  LuaitÁ go raibh de bhua leis go dtagadh fuaim as nuair a bhÁodh an t-oidhre ceart á choróiniú ina rÁ, agus go gcinntÁtÁ ar an gcaoi sin nach dtiocfadh aon duine ach amháin an comharba dlisteanach i mbun na RÁochta.

Tar éis do chlann Earca cóilÁneacht Éireannach a chur ar bun in Albain agus iad sách tréan ann le ceart ardcheannais a áiteamh ar an tÁr sin, d'iarr Fearghus, an chéad RÁ a roghnaÁodh thall, iasacht an Lia Fáil ar a dheartháir, a bhÁ ina Ard-RÁ Éireann ag an am, ionas go bhféadfaÁ an searmanas coróinithe a dhéanamh leis an sollúnacht reiligiúnach agus leis na deasghnátha agus leis an mórchúis uile a bhÁ ag a shinsir le searmanais den chineál sin leis na mÁlte bliain.

Tugadh dá réir sin an Lia Fáil go hAlbain, agus is ann a d'fhan, sa mhainistir i Scoine go dtÁ go raibh Edward I ina rÁ ar Shasana.  Ghabh an rÁ sin an Lia Fáil, le linn ionradh a dhéanamh sna crÁocha ó thuaidh, agus thug leis go Sasana é.  Is é is dóigh le húdair go leor gurbh Á an chloch mhór sa chathaoir coróinithe i Westminster an chéad Lia Fáil. Ón Lia Fáil a tháinig ceann de na seanainmneacha ar Éirinn, Inis Fáil.  Sin an bun atá leis an leagan Béarla 'Innisfail' a chuir Moore i mbéal an phobail.

Breis ábhair maidir le An Cosantóir

An Dearadh Suaitheantas

Tagann dearadh an tSuaitheantais (atá i gcoiteann ag gach Cór agus Seirbhís agus gach ord éide) ó shuaitheantas Óglaigh na hÉireann agus is é an tOllamh Eoin Mac Néill, Cathaoirleach Fheidhmeannas Náisiúnta Óglaigh na hÉireann, a dhear. Ghlac Óglaigh na hÉireann leis an suaitheantas seo ar dtús i nDeireadh Fómhair 1914. [Leigh Tuilleadh]