Oifig Eolais Óglaigh na hÉireann

Tá Oifig Eolais Óglaigh na hÉireann freagrach as eolas beacht agus tráthúil a chur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne chomh maith le comhaltaí ar fónamh agus iarchomhaltaí de chuid Óglaigh na hÉireann. Is ceann de thrí rannóg den Rannóg Caidrimh Phoiblí í an Oifig Eolais agus tá sí lonnaithe leis an Oifig Foilseacháin i gCampa an Churraigh i gContae Chill Dara.

Is é cuspóir na hOifige Eolais comhéadan a sholáthar idir an pobal i gcoitinne agus Óglaigh na hÉireann agus áis a chur ar fáil do dhaoine den phobal teagmháil a dhéanamh le comhalta d’Óglaigh na hÉireann ar bhealach gairmiúil. Cuirfidh an Oifig Eolais treoir ar fáil don phobal i gcoitinne faoi nithe a bhaineann le beartas agus le nósanna imeachta Óglaigh na hÉireann agus díreoidh sí, nuair is cuí, iarratais, ceisteanna agus achainaíocha ar an sealbhóir oifige ábhartha.

Tá an oifig seo freagrach freisin as tionscadail chaidrimh phoiblí bheartaithe (taispeántais ghairme, déanamh clár faisnéise, laethanta oscailte de chuid Óglaigh na hÉireann etc.). Táirgeann sí leabhráin, bróisiúir, póstaeir agus lámhleabhair fhógraíochta de réir mar a theastaíonn.

Ó am go chéile, cuidíonn an Oifig Eolais le Rannóg HRM Óglaigh na hÉireann gairmeacha in Óglaigh na hÉireann a chur chun cinn. Tá sí freagrach freisin as láithreán Óglaigh na hÉireann ar an Idirlíon.

Faoi láthair is é an Captaen Bernard Behan Oifigeach Eolais Óglaigh na hÉireann.

Déan teagmháil linn:

Le heolas ginearálta faoi Óglaigh na hÉireann a fháil féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Eolais ag:

An tOifigeach Eolais,
Rannóg PR, Bloc 5,
Dún Cheannt,
Campa an Churraigh,
Co. Chill Dara.
Teil: 045 44 5306/ 5308

rphost: info@military.ie

Leigh a tuilleadh faoi  Iris Óglaigh na hÉireann - An Cosantóir

An Dearadh Suaitheantas

An Dearadh Suaitheantas

Tagann dearadh an tSuaitheantais (atá i gcoiteann ag gach Cór agus Seirbhís agus gach ord éide) ó shuaitheantas Óglaigh na hÉireann agus is é an tOllamh Eoin Mac Néill, Cathaoirleach Fheidhmeannas Náisiúnta Óglaigh na hÉireann, a dhear. Ghlac Óglaigh na hÉireann leis an suaitheantas seo ar dtús i nDeireadh Fómhair 1914. [Leigh Tuilleadh]