Armchúirteanna

Buneolas

Is é Airteagal 38.4.1 sa Bhunreacht (Bunreacht na hÉireann 1937) an bonn atá i ndlí an Bhunreachta faoi Chúirteanna Míleata (ar a dtugtar Armchúirteanna) a chur ar bun chun daoine a thagann faoin dlí míleata a thriail maidir le cionta a líomhnaítear a bheith déanta acu.  Foráiltear san Airteagal sin:

"Féadfar binsí míleata a bhunú chun daoine a thriail i gcionta in aghaidh dlí mhíleata a deirtear a rinneadar le linn a bheith faoi dhlí mhíleata ....."

Is leis an Acht Cosanta 1954 (arna leasú) a chuirtear ar fáil an príomhbhonn dlí faoin reachtaíocht maidir le córas na nírmchúirteanna, trína reáchtáiltear an córas dlí agus cirt míleata in Óglaigh na hÉireann.  Tháinig an córas dlí agus cirt míleata reatha d'Óglaigh na hÉireann i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2008 nuair a tháinig an tAcht Cosanta (Leasú) 2007 i bhfeidhm go hiomlán.

Is é an príomhchuspóir atá le córas na nArdchúirteanna modh a chur ar fáil don fhorfheidhmiúchán ar an DlÁ MÁleata in Óglaigh na hÉireann.  Is córas atá sa DlÁ MÁleata lena mbaineann rialacha agus rialachán a leagtar sÁos san Acht Cosanta 1954 (arna leasú) ("an tAcht") agus rialacháin, treoracha agus orduithe a dhéantar faoi údarás an Achta.  Is é an prÁomhchuspóir atá leis an DlÁ MÁleata rialú a dhéanamh maidir le hiompar lucht foirne mÁleata, agus aird ar a gceanglaÁtear agus a n-éilÁtear i ndáil leis an saol mÁleata go háirithe, d'fhonn cinntiú go gcloÁtear gach tráth leis an gcaighdeán smachta atá de dhÁth.   Tagann daoine de na Buan-Óglaigh faoi réir an Dlí Mhíleata an t-am go léir.  Foráiltear i gCaibidil II de Chuid V den Acht, ailt 124 go dtí 169A (go huile) do na cionta éagsúla in aghaidh an Dlí Mhíleata inar féidir daoine a thagann faoin Dlí Míleata a thriail agus pionós a ghearradh orthu in Armchúirt.  Tugtar cionta go leor san áireamh sna hailt sin nach cionta iad faoi ghnáthdhlí choiriúil an stáit e.g. an cion Iompar Easumhal (Alt 133).  Is é a chiallaíonn sin dáiríre gur féidir daoine a thagann faoin dlí míleata, chomh maith le theacht faoi ghnáthdhlí choiriúil an stáit, a thriail agus a chiontú agus pianbhreith a ghearradh orthu san armchúirt i ndáil le réimse leathan cionta ar a dtugtar cionta "míleata".  Is féidir le harmchúirteanna, anuas ar an méid sin, cúiseanna a éisteacht maidir le cionta in aghaidh an ghnáthdhlí choiriúil.  Foráiltear le hAlt 169 an Achta gur cion in aghaidh an Dlí Mhíleata freisin aon chion in aghaidh ghnáthdhlí an Stáit a dhéanann duine a thagann faoin Dlí Míleata.  Tá feidhm leis an Dlí Míleata taobh istigh agus taobh amuigh den Stát agus dá réir sin, is féidir Armchúirt a thionscain in áit ar bith ar fud an domhain. 

Ba é toradh a bhí ar an Acht Cosanta (Leasú) 2007 go ndearnadh athchóiriú iomlán ar an gcóras DlÁ agus Cirt MÁleata in Óglaigh na hÉireann.  Bhí gá leis na hathruithe chun leagan amach na linne seo a thabhairt ar an seanchóras agus cinntiú go bhfuil an córas Dlí agus Cirt Míleata leasaithe ag teacht go hiomlán, ní hamháin leis an mBunreacht, ach lena n-éilítear chomh maith faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, go háirithe le hAirteagal 6, agus le gnáis idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. Faoi na forálacha nua, cruthaíodh Armchúirt Achoimre nua ar fad agus cuireadh athrú freisin ar chomhdhéanamh agus ar dhlínse an dá chineál Ardchúirte eile a bhí i bhfeidhm roimhe seo faoin seanchóras i.e. Armchúirt Theoranta agus Armchúirt Ghinearálta.  Rinneadh foráil faoin Acht chomh maith do cheapacháin nua sa chóras Dlí agus Cirt Míleata, ina measc Breitheamh Míleata, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata agus an Riarthóir Armchúirte.

Foireann Chóras na nArmchúirteanna

An tArd-Abhcóide Breithiúnais

Is é an tUachtarán a cheapann an tArd-Abhcóide Breithiúnais (AAB) atá ina Abhcóide cleachtach a bhfuil seasamh ar a laghad deich mbliana aige agus nach bhfuil ina dhuine d'Óglaigh na hÉireann.  Is é an AAB a cheapann an  Riarthóir Armchúirte.  Is í Oonah McCrann Uasal, Abhcóide Sinsearach, an AAB faoi láthair.

An Riarthóir Armchúirte

Rinneadh foráil leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007 d'oifig an Riarthóra Armchúirte (RAC).  Foráiltear le barántas go ndéantar duine ar bith atá de thráth na huaire ag déanamh dualgas Stiúrthóra Riaracháin a cheapadh chun feidhmiú mar Riarthóir Armchúirte.  Ní mór don RAC bheith ar chéim nach ísle ná Cornal airm.  Ag feidhmiú dó faoi mhaoirseacht ghinearálta an AAB, déanann an RAC agus foireann an RAC bainistÁocht agus rialú ar riarachán agus ar ghnó na nArmchúirteanna, mar a dhéanann an tSeirbhís Chúirteanna i gcóras na gcúirteanna sibhialta.  Is leis an RAC atá an t-údarás tionóil maidir le gach Armchúirt Theoranta agus gach Armchúirt Ghinearálta a dhéanfaidh sé a thionól ó am go chéile de réir mar a threoraíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata.  Déanann an RAC freisin cásanna a chur faoi bhráid na hArmchúirte Achoimre de réir mar a threoraíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata.  Tá an RAC neamhspleách i ndéanamh na bhfeidhmeanna dó.   Is é an Cornal Tony Cudmore an RAC faoi láthair.

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata

Rinneadh foráil leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007 d'oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Míleata (“An Stiúrthóir”).  Is é an Rialtas a cheapann an Stiúrthóir.  Déanann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata an socrú deireanach cibé a ndéanfar ionchúiseamh ar chás os comhair Armchúirte.  Is mar a chéile sin agus an cás sa chóras dlí agus cirt coiriúil sibhialta ina ndéanann an Stiúrthóir Ionchúiseamh PoiblÁ cinneadh cibé a ndéanfar ionchúiseamh ar chás os comhair na cúirte coiriúla sibhialta.  Tá an Stiúrthóir neamhspleách i ndéanamh na bhfeidhmeanna dó.  Is é an Cornal John Spierin an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata faoi láthair.

Breithiúna Míleata

An tUachtarán a cheapann an Breitheamh Míleata.  Leanann téarma an Bhreithimh Mhíleata go dtí an tráth dul ar scor.  Cé nach ísle ná céim Cornal airm an Breitheamh Míleata, is feidhmeanna breithiúnacha amháin a dhéantar agus ní bhíonn aon dualgas míleata eile orthu.  Ní féidir Breitheamh Míleata a chur as oifig ach ar chúis shonraithe amháin.  Bíonn an Breitheamh Míleata neamhspleách i ndéanamh a chuid feidhmeanna.  Ceapadh an chéad Bhreitheamh MÁleata, an Cornal Anthony McCourt, ar an 19 Meán Fómhair 2007.  Chuaigh an Cornal McCourt ar scor i mí Iúil 2010.  Foráiltear faoin Acht Cosanta (Leasú) 2011 do Bhreitheamh de chuid na Cúirte Cuarda a ainmniú chun feidhmeanna breithimh mhíleata a dhéanamh i gcásanna áirithe e.g. sa chás nach mbíonn breitheamh míleata ar fáil de bharr breoiteachta nó sa chás nach bhfuil aon bhreitheamh míleata ceaptha.  Ón 18 Bealtaine 2012, tá a Onóir, an Breitheamh John D. O’Hagan SC ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte Cuarda chun feidhmeanna breithimh mhÁleata in armchúirt a dhéanamh.

Ar an 12 Meán Fómhair 2012, ceapadh an Coirnéal Michael Campion chun bheith ina Bhreitheamh Míleata.

An Dearadh Suaitheantas

Tagann dearadh an tSuaitheantais (atá i gcoiteann ag gach Cór agus Seirbhís agus gach ord éide) ó shuaitheantas Óglaigh na hÉireann agus is é an tOllamh Eoin Mac Néill, Cathaoirleach Fheidhmeannas Náisiúnta Óglaigh na hÉireann, a dhear. Ghlac Óglaigh na hÉireann leis an suaitheantas seo ar dtús i nDeireadh Fómhair 1914. [Leigh Tuilleadh]