- Anseo atá tú:
- Ionad Eolais >
- Ardfhoireann Óglaigh na hÉirea...
Ardfhoireann Óglaigh na hÉireann
An Ceann Foirne (COS)
Tá céim Leifteanant-Ghinearál ag an gCeann Foirne agus sannann an tAire Cosanta údarás agus freagracht chuige i dtaca leis na dualgais foirne uile a bhaineann le bainistiú feidhmiúcháin ar Óglaigh na hÉireann. Tá an Ceann Foirne freagrach go háirithe as Pleanáil Straitéiseach agus as Caidreamh Poiblí.
Léigh a thuilleadh faoin Ceann Foirne
An Leas-Cheann Foirne agus An Ceann Foirne Cúnta (DCOS)
Déantar na dualgais eile, a mbaineann cáilíocht feidhmiúcháin leo, a tharmligean chuig beirt Leas-Cheann Foirne. Tá céim Maor-Ghinearál acu araon.
Cuirtear cúrsaí oibríochta de chúram ar Leas-Cheann Foirne Oibríochtaí (D COS Ops)
Léigh a thuilleadh faoin Leas-Cheann Foirne Oibríochtaí
Cuirtear cúrsaí tacaíochta míleata de chúram ar Leas-Cheann Foirne Tacaíochta (DCOS Sp)
Léigh a thuilleadh faoin Leas-Cheann Foirne Tacaíochta
Cuirtear cúrsaí tacaíochta míleata de chúram ar Cheann Foirne Cúnta (ACOS Sp).
Ceannasaithe Briogáide
Tá an tír roinnte i dtrí limistéar chun críche cúiseanna riaracháin agus oibríochta, agus tá Briogáid coisithe i ngach limistéar. Tá freagracht i leith limistéir oibríochta ar leithligh a bheith ag gach briogáid dá bhforáil sa ghrúpstruchtúr thrí bhriogáid agus faigheann siad tacaíocht ina gcuid dualgas ón tSeirbhís Chabhlaigh agus ón Aerchór. Tá gach aon eagar Briogáide agus an tAerchór faoi cheannas Briogáidire-Ghinearál agus tá an tSeirbhís Chabhlaigh faoi cheannas Ceannasóra.
Féach na naisc seo a leanas, le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais faoi na Ceannasaithe Briogáide:








