Ionstraimithe

Tugann Ionstraimithe Míleata tacaíocht cheolmhar do gach gné den saol míleata ar a n-áirítear paráidí searmanais, bronnadh céimeanna, searmanais loinge, srl. Feidhmíonn siad freisin ag ócáidí rialtais agus ag coirmeacha poiblí, sa bhaile agus thar lear.

Army Band at the RDS

Iarratas

Déanfar iarratais ar fáil ar líne le linn comórtais mar a fógraíodh ar an suíomh gréasáin seo. Déanfar gach comhfhreagras leis na hiarrthóirí trí ríomhphost ar feadh tréimhse an chomórtais.

Tosaigh do iarratais ar líne

Na Daoine atá Uainn

Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg pearsanra cáilithe atá tiomanta agus aclaí a mbeadh dúil acu sna dúshláin a bhaineann le ceird sa cheol mhíleata. Ní mór do na ceoltóirí a bheith ildánach agus taithí a bheith acu ar roinnt stíleanna ceoil, agus ní mór doíbh a bheith in ann dul in oiriúint do gach saghas seanma agus d’éisteoirí éagsúla.

Cáilíochtaí Gairmiúla

Ceoltóirí sciliúla amháin a earcaíonn Óglaigh na hÉireann. Reáchtáiltear comórtais go tráthúil do na poist a mbíonn fáil orthu sna Bannaí éagsúla in Óglaigh na hÉireann. Roimhe seo, is iondúil gur ceoltóirí gairmiúla le taithí a bhí sna hiarratasóirí rathúla agus céim ag a lán acu in Oirfideadh Ceoil.

Riachtanais Aoise

Ní ceadmhach d’iarrthóirí a bheith faoi bhun 17 mbliana d’aois ná os cionn 28 mbliana ar dháta a liostála.

Conas Dul Isteach

Reáchtáiltear comórtais d’Ionstraimithe in Óglaigh na hÉireann de réir mar is gá.

Agallamh & Triail

Tabharfar cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóir a mheasfar a bheith incháilithe. Ag na trialacha iarrfar ar na hiarratasóirí dhá (2) phíosa chodarsnacha a sheinm.  Beidh triail amharcléimh ina chuid den triail.  Féadfaidh na hiarratasóirí a ghlaoitear chun agallaimh aon cheann acu seo a leanas a chur ar fáil don Bhord Agallaimh.

Teastais Cheoil (Céim, Dioplóma nó Grád)

Teistiméireachtaí (ceoil nó eile)

Liostáil

Gheobhaidh na hiarrthóirí a chríochnóidh ar bharr an oird fiúntais sa chomórtas tairiscint ar áit mar Ionstraimí in Óglaigh na hÉireann.  Cé go mbeidh na hiarrthóirí rathúla sannta le banna agus le láthair ar leith, iarrfar orthu, ó am go ham, seinm le haon cheann de bhannaí eile Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann nó le heilimintí de na bannaí sin.

Ionduchtú

Déanfar sin an chéad lá den liostáil, tráth a gcaithfidh an tOifigeach an mhóid / dearbhú seo a leanas a thabhairt:-

Tugaimse ........................................................................................., go sollúnta an mhóid (nó dearbhú) go mbeidh mé dílis d’Éirinn agus don Bhunreacht agus fad a bheidh mé i mo bhall d’Óglaigh na hÉireann go nglacfaidh mé le gach ordú dlisteanach a thabharfaidh m’oifigigh uachtaracha dom agus fad a bheidh mé i mo bhall de na Buan-Óglaigh nach nglacfaidh mé ballraíocht agus nach mbeidh mé i mo bhall agus nach dtabharfaidh mé suibscríobh d’aon eagraíocht ná cumann polaitiúil ná d’aon chumann rúnda d’aon chineál agus, má fhaighim ballraíocht sna hÓglaigh Chúltaca, nach nglacfaidh mé ballraíocht agus nach dtabharfaidh mé suibscríobh d’aon chumann rúnda d’aon chineál fad a bheidh mé i mo bhall de na hÓglaigh Chúltaca.

Traenáil

Caithfidh gach Ionstraimí nua-iontrála dul trí chúrsa Ionduchtaithe Míleata.

Sannaíocht Aonaid

Sannfar Ionstraimithe d’Aonaid Bhannaí Óglaigh na hÉireann faoi réir na riachtanas a bheidh ag Óglaigh na hÉireann. Tá na hAonaid Bhannaí lonnaithe sna hionaid seo a leanas

  • Dún Uí Choileáin, Corcaigh
  • Dún Chostúim, Baile Átha Luain
  • Dún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath
  •  

Léigh tuilleadh faoi Bannaí Míleata