- Anseo atá tú:
- Gairmeacha >
- Speisialtóirí >
- Grúmaeirí Airm
Grúmaeirí Airm
Oibrí sciliúil is ea an Grúmaeir Airm i Scoil Eachaíochta an Airm, agus bíonn sé/sí in ann réimse tascanna a dhéanamh go hinniúil i dtaca lena ról mar ghrúméir, ar nós gnáthamh agus cothabháil stáblaí, grúmaeireacht, cothú agus cleachtadh na gcapall.
Na Daoine atá Uainn
Ní mór d’iarrtasóirí fonn a bheith orthu oibriú le capaill agus éirim a léiriú i leith oibre agus cúraim capall. Caithfidh na hiarratasóirí a bheith aclaí, cion a bheith acu ar chapaill agus dúil a bheith acu in obair taobh amuigh. Ar na scileanna pearsanta a theastaíonn tá dearcadh maith oibre, a bheith in ann éisteacht agus foghlaim agus carachtar dea-araíonachta agus diongbháilte. Beidh seo i ndán do na hiarratasóirí rathúla:
- Ceird shásúil dhúshlánach ag obair le Capaill Spóirt
- Deiseanna maithe taistil
- Ardchaighdeán traenála
- Coinníollacha oibre den scoth
Cáilíochtaí Gairmiúla
Ní theastaíonn aon cháilíochtaí gairmiúla chun cur isteach ar phost mar Ghrúmaeir Airm.
Riachtanais Aoise
Ní ceadmhach d’iarrthóirí a bheith faoi bhun 17 mbliana d’aois ná os cionn 25 bliana ar dháta a liostála.
Conas Dul Isteach
Reáchtáiltear comórtais do Ghrúmaeirí Airm de réir mar is gá.
Iarratas
Ní mór d’iarrthóirí ionchasacha an fhoirm iarratais ar líne a líonadh tríd an láithreán gréasáin seo. Bíonn dátaí an chomórtais fógartha sna nuachtáin náisiúnta agus ar an láithreán gréasáin seo agus ní ghlacfar le hiarratais ach amháin ar na dátaí sin. Déanfar gach comhfhreagras leis na hiarrthóirí trí ríomhphost ar feadh tréimhse an chomórtais.
Tástáil Aclaíochta
Ansin iarrfar ar na hiarrthóirí ar fad a bhfuil na híoschritéir cháilíochta acu dul chuig ionad tástála aclaíochta, áit a gcaithfidh siad tástáil aclaíochta ionduchtaithe Óglaigh na hÉireann a dhéanamh.
Agallamh
Iarrfar ar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ag an Ionad Measúnaithe Aclaíochta dul chuig agallamh. Beidh an t-agallamh bunaithe ar inniúlacht agus déanfar measúnú ar na hiarrthóirí faoi na hinniúlachtaí seo a leanas:
- A bheith in ann oibriú faoi bhrú
- Comhobair
- Inspreagadh
- Treoshuíomh Gairme
Imréiteach Leighis & Slándála
Ansin tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí a fuair na marcanna is airde dul faoi scrúdú iomlán dochtúra. Mar aon leis sin, déanfaidh an Garda Síochána seiceáil slándála ar na hiarrthóirí go léir. Caithfidh na hiarrthóirí pas a fháil sa scrúdú dochtúra agus sa tseiceáil slándála araon sula measfar iad le haghaidh ionduchtaithe.
Liostáil mar Ghrúmaeir Airm
Tairgeofar post mar Ghrúmaeir Airm do na hiarrthóirí a chríochnóidh ar bharr ord fiúntais an chomórtais.
Ionduchtú
Déanfar sin an chéad lá den liostáil, tráth a gcaithfidh an tOifigeach an mhóid / dearbhú seo a leanas a thabhairt:-
Tugaimse ........................................................................................., go sollúnta an mhóid (nó dearbhú) go mbeidh mé dílis d’Éirinn agus don Bhunreacht agus fad a bheidh mé i mo bhall d’Óglaigh na hÉireann go nglacfaidh mé le gach ordú dlisteanach a thabharfaidh m’oifigigh uachtaracha dom agus fad a bheidh mé i mo bhall de na Buan-Óglaigh nach nglacfaidh mé ballraíocht agus nach mbeidh mé i mo bhall agus nach dtabharfaidh mé suibscríobh d’aon eagraíocht ná cumann polaitiúil ná d’aon chumann rúnda d’aon chineál agus, má fhaighim ballraíocht sna hÓglaigh Chúltaca, nach nglacfaidh mé ballraíocht agus nach dtabharfaidh mé suibscríobh d’aon chumann rúnda d’aon chineál fad a bheidh mé i mo bhall de na hÓglaigh Chúltaca.
Traenáil
Caithfidh gach iontrálaí mar Ghrúmaeir Airm dul faoi Thraenáil Chaighdeánach Earcaíochta a bhíonn seacht seachtainí déag ar fhad. Nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe go sásúil acu tosóidh na Grúmaeirí ar a dtraenáil sa Scoil Eachaíochta.
Sannaíocht Aonaid
Sanntar na Grúmaeirí Airm don Scoil Eachaíochta atá lonnaithe i nDún Mhic Aoidh , Baile Átha Cliath.
Léigh tuilleadh faoi Scoil Eachaíochta Óglaigh na hÉireann








