Ionad Tástála Corpacmhainne

Sainítear Corpacmhainn mar:

“Grúpa tréithe atá ag duine nó atá bainte amach ag duine, a bhaineann lena gcumas chun ghníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh”.

Sainítear Corpacmhainn Mhíleata mar:

“An cumas chun freagairt ar an toirt agus go héifeachtach do ráchairtí fisiciúla agus síceolaíocha an chomhraic lena laghad guaise agus is féidir, agus filleadh ar staid normálta sláintiúil a luaithe a bheidh deireadh leis an ráchairt”.

Bunriachtanas sa Saol Míleata is ea infheidhmeacht choirp. Cuireann an saol míleata ráchairtí leithleacha fisiciúla agus síceolaíocha ar aonaid agus ar dhaoine aonaracha. Chun a bheith ullamh do na ráchairtí sin tá struchtúr traenála corpacmhainne cruthaithe ag Óglaigh na hÉireann.

Tá na nithe seo a leanas sna struchtúir thraenála corpacmhainne:

  • Caighdeán corpacmhainne a leagan síos do gach leibhéal den ionduchtú.
  • Traenáil Corpacmhainne le linn an ionduchtaithe chun a chinntiú go gcoinneofar an caighdeán bunúsach a mheastar a bheith riachtanach don saol míleata.
  • Caighdeáin Traenála Corpacmhainne agus gnásanna tástála chun a chinntiú go gcoinnítear na caighdeáin sin.
  • Sainstruchtúr Corpoideachais agus Traenála ina bhfuil pearsanra, rialacha agus infreastruchtúr chun tacú leis an gcóras Traenála Corpacmhainne. 

Eolas Faoi Thástáil Corpacmhainne

Déantar Tástálacha Corpacmhainne Míleata ina dtrí chuid go hiondúil:

Cuid 1

Tomhas is ea an tInnéacs Corpmhaise (BMI), (M/A2) a úsáidtear i staidéir mhóra daonra mar innéacs murtaill mar go bhfuil sé éasca é a ríomh, níl sé costasach agus tá sé neamhionrach.

Cuid 2

Buanseasmhacht Chardashoithíoch agus Mhatánach Logánta. Léiríonn Tástáil Corpacmhainne Óglaigh na hÉireann na difríochtaí síceolaíocha agus antrapaiméadracha atá idir fir agus mná agus na difríochtaí a tharlaíonn de bharr aoise.

Tástáil Folláine

Cuid 3

Tá máirseáil lódáilte 10 km ina chuid den tástáil seo.

Recruits During a PT Battle Run