- Anseo atá tú:
- Gairmeacha >
- Gairmeacha Míleata >
- Earcaigh >
- Ionduchtú
An Próiseas Ionduchtaithe
Athruithe ar Bheartas Ionduchtaithe agus Postaithe Óglaigh na hÉireann
Tá Óglaigh na hÉireann ag athrú na bpróiseas ionduchtaithe agus postaithe atá i bhfeidhm. Seo thíos cur síos ar na hathruithe:-
- Ba chóir d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh agus agallamh a éileamh ag an ionad agallaimh is áisiúla dóibh. Ní ráthaíocht é sin go ndéanfar agallamh ag an ionad sin. Déanfar iarrthóirí a éascú áfach maidir leis an ionad a bheidh roghnaithe acu nuair is féidir é.
- Ceadaítear d’iarrthóirí iarratais ar leith a chur isteach do chomórtas an Airm agus do chomórtas na Seirbhíse Cabhlaigh.
- Ní ghlacfar ach le hiarratas amháin ó gach iarrthóir do Chomórtas an Airm.
- Déanfaidh iarrthóirí a bheidh ag iarraidh dul isteach san Arm anois iarratas ar an Arm ina iomláine seachas ar Bhriogáid/Eagar ar leith.
- Beidh gach iarrthóir sa chomórtas nua seo san iomaíocht le haghaidh áit mar Earcach Airm in Óglaigh na hÉireann.
- Ar a bheith roghnaithe féadfar Earcaigh nua an Arm a phostáil chuig láthair ar bith chun go ndéanfaidh siad an traenáil Earcach.
- Déanfar na saighdiúirí nua-cháilithe a phostáil chuig pé áit in Óglaigh na hÉireann a dtiocfaidh folúntais chun cinn nuair a bheidh an traenáil Earcach Arm críochnaithe acu.
- Seo a leanas liosta de na láithreacha a bhféadfar saighdiúirí nua-cháilithe a phostáil faoi láthair:-
- Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath
- Dún Mhic Aoidh, Baile Átha Cliath
- Baile Mhic Ghormáin, Baile Átha Cliath
- Dún Mhic Aogáin, Dún Dealgan
- Campa an Churraigh, Cill Dara
- Dún Chostúim, Baile Átha Luain
- Dún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh
- Campa Fionnabhair, Dún na nGall
- Dún an tSáirséalaigh, Luimneach
- Dún Uí Choileáin, Corcaigh
- Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh
Iarratas
Iarrtar ar Iarrthóirí ionchasacha foirm iarratais ar líne a chomhlánú trí an láithreán gréasáin seo. Trí ríomhphost a dhéanfar gach comhfhreagras le hiarrthóirí fhad agus a bhíonn an comórtas ar siúl.
[Translate to Irish:]
Psychometric Testing
All applicants who meet the minimum eligibility criteria will be invited to attend for Psychometric Testing. Full details of these tests will be emailed to all applicants after the application phase for the competition is closed.
Tástáil Aclaíochta
Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí ar fad a chomhlíonann na critéir incháilitheachta freastal ar an lárionad Tástála Aclaíochta, áit a n-éileofar orthu tástáil aclaíochta ionduchtaithe Óglaigh na hÉireann a chomhlánú.
Léigh tuilleadh faoi Thástáil Aclaíochta Óglaigh na hÉireann
Agallamh
Tabharfar cuireadh d’iarrthóirí a n-éiríonn leo sa Lárionad Measúnaithe Aclaíochta freastal ar Agallamh. Beidh an t-agallamh bunaithe ar inniúlacht agus déanfar measúnú ar Iarrthóirí faoi na hinniúlachtaí seo a leanas:-
- An cumas oibriú faoi bhrú
- Obair Fhoirne
- Inspreagadh
- Treoshuíomh Gairme
Dearbhú Liachta & Slándála
Éileofar ar na hiarrthóirí is fearr a n-éiríonn leo ag an Agallamh freastal ar scrúdú liachta iomlán ansin. I gcomhar leis sin ar fad déanfaidh an Garda Síochána seiceáil slándála ar na hiarrthóirí ar fad. Lena mbreithniú don ionduchtú ní mór go n-éireodh leis na hiarrthóirí sa scrúdú liachta agus sa tseiceáil slándála araon.
Áit sa Bhuíon Earcach
Déanfar áit sa Bhuíon Earcach a d’éiligh siad, a thairiscint ansin d’iarrthóirí a chríochnaigh ar bharr liosta fiúntais na gcomórtas.








