- Anseo atá tú:
- Gairmeacha >
- Gairmeacha Míleata >
- Earcaigh >
- Dul Chun Cinn Gairme
Dul Chun Cinn Gairme
An Saighdiúir Singil A Rowe – 3ú Cathlán Coisithe
Cad a rinne tú sula ndeachaigh tú san Arm?
Sula ndeachaigh mé san Arm, tar éis na hardteistiméireachta a dhéanamh, chaith mé 6 mhí ag obair le comhlacht slándála ag feistiú aláram i dtithe. Ansin bhain mé printíseacht phéinteála agus mhaisiúcháin amach, áit ar chaith mé ceithre bliana.
Cén uair a cheap tú go mbeadh an tArm feiliúnach duit?
Thuig mé go mbeadh an tArm feiliúnach dom nuair a rinne mé taighde ar na deiseanna gairme agus forbartha pearsanta a bhí ar fáil dom in Óglaigh na hÉireann.
Cad é an rud is taitneamhaí a rinne tú i do chuid traenála le gairid?
An rud is taitneamhaí a rinne mé i mo chuid traenála le gairid ná bheith ar an gcéad fhoireann rugbaí i nDún Chill Chainnigh. Bhain mé taitneamh i gcónaí as a bheith páirteach i spórt foirne agus bhain mé an-sásamh as a bheith ag breathnú ar an bhfoireann ag fás agus ag forbairt.
Cad é an chuid ba dhúshlánaí den traenáil?
Ba í an traenáil earcaigh an chuid ba dhúshlánaí de mo chuid traenála, tráth a raibh mé scoite ó mo mhuintir agus ó mo chairde, traenáil an-fhisiciúil a bhí ann agus bhí an turas fada gach seachtain dian go maith.
Cé air a bhfuil tú dírithe i do ról amach anseo?
Tá mé ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh le mo ghairm san Arm, feidhm a bhaint as na deiseanna ar fad atá ar fáil dom, agus ar deireadh thiar tá súil agam Cúrsa Féideartha ONC a dhéanamh.
Cad a dhéanann tú ó lá go lá i do ról?
I mo ról laethúil cuirim in iúl mo theacht ar dualgas gach maidin ag 0830 uair. Téimid ar pharáid, ansin tar éis na paráide téim ar thraenáil phearsanra go dtí 1030 uair. Tar éis an tsosa téim chuig léachtaí le seanscileanna a fheabhsú agus cinn nua a fhoghlaim. Ansin san iarnóin téimid ar pharáid ag 1400 uair agus ina dhiaidh sin téim chuig tuilleadh léachtaí nó déanaim tuilleadh traenála pearsanta.
Cad é an chuid is taitneamhaí den traenáil?
Is é an chuid is taitneamhaí de mo chuid traenála a bheith ag feabhsú mo scileanna léite mapaí mar go raibh sé deacair dom ar dtús ach feicim go bhfuil feabhas tagtha orm agus taitníonn sin liom.
Cad a cheapann do chairde/do mhuintir faoi do cheird san Arm?
Tá mo chairde agus mo mhuintir an-sásta agus bródúil asam agus tá mé féin sásta agus mé dírithe isteach go mór ar mo chuid oibre.
An Ceannaire Ken Nagle,
Ceannasaí Gasra, 4ú Cathlán Coisithe
Déan cur síos ar do ról agus na nithe a dhéanann tú
Tá mé i mo cheannaire líne agus i mo cheannasaí gasra laistigh d’Aonad Coisithe. Tá mé freagrach as gasra de 9 ar a n-áirítear mé féin, Ceannaire eile agus 7 Saighdiúirí Singil. Freisin, tá mó i mo Theagascóir Corpoiliúna (PTI), i mo Theagascóir Láimhseala Sábháilte agus Armán Éadrom Coisithe agus cabhraím le traenáil láimhseála sábháilte agus le corpoiliúint laistigh de m’aonad agus in áras gleacaíochta an dúin.
Cén saghas daoine / aonaid a n-oibríonn tú leo?
Oibrím le céimnigh éagsúla idir fhir agus mhná. Oibrím freisin le Teagascóirí Corpoiliúna eile, le teagascóirí armán, naoscairí, comharthóirí, oibrithe leighis, srl. Tá formhór an phearsanra inár n-aonad iontach aclaí agus gníomhach agus feidhmíonn siad ag leibhéal an-ghairmiúil. Oibrímid ar bhonn gairmiúil freisin leis na haonaid Mharcra, Airtléire, Innealtóireachta, Iompair, Chomharthaíochta agus Ordanáise sa bhaile agus go háirithe thar lear.
Cad é do ghnáthlá?
Téann an t-aonad ar pharáid ag 0900. Bíonn gach lá éagsúil ag brath ar an am den bhliain. I mí Eanáir bímid ag díriú isteach ar na freachnaimh bhliantúla ar an raon lámhaigh agus ní mór measúnú a dhéanamh ar gach duine san aonad sula rachfar chuig an raon. Táimid ag ullmhú freisin don tástáil bhliantúil aclaíochta mar sin táimid ag traenáil go dian dó sin le traenáil timchuarda, rith, guairneáil, srl. Mar PTI is mise a reáchtáileann thaobh na haclaíochta den obair. Gnáthlá faoi láthair a bheith ag traenáil le harmáin ar maidin agus ag déanamh aclaíochta sa tráthnóna.
Cad é an rud is fearr leat faoi do phost?
Is breá liom an chorpacmhainn, éagsúlacht nádúrtha na hoibre, na dúshláin a thugann na cúrsaí éagsúla, go hacadúil agus ar an machaire, an deis atá ann le cairde nua a fháil mar aon leis an taithí agus ngnóthachan airgeadais a fhaigheann tú as turas thar lear. Is breá liom freisin Peil Ghaelach a imirt leis an aonad.
Cad tá foghlamtha agat ó chuaigh tú san Arm?
Tá a lán buntáistí le fáil ó dhul isteach san Arm. Tá araíonacht foghlamtha agam, an cumas le daoine eile a mhúineadh, druileanna éagsúla armán, corpacmhainn, an tábhacht a bhaineann le meas a bheith agat ar chéimnigh atá os do chionn agus fút, agus an cumas le dul in oiriúint do chásanna éagsúla.
Cá bhfuil cónaí ort faoi láthair?
Tá mé i mo chónaí i Mainistir Fhear Maí le mo fiancée.
Cad a dhéanann tú le d’am saor?
Tógann spórt cuid mhór de mo chuid ama. Imrím Peil Ghaelach agus Sacar agus faoi láthair táim i mo thraenálaí aclaíochta le foireann CLG Mhainistir Fhear Maí, rud a mbainim an-sásamh as. Is maith liom a bheith ag rith chomh maith agus le gairid thosaigh mé ag déanamh roinnt rothaíochta. Is maith liom dul chuig cluichí, chuig an bpictiúrlann agus a bheith amuigh le mo chairde agus mo mhuintir.
Cad a mheall thú le ceird a bhaint amach san Arm?
Bheinn ag déanamh bréige dá ndéarfainn go raibh mé 100% cinnte faoina raibh mé ag iarraidh a dhéanamh nuair a chuaigh mé isteach ach ní fada gur thuig mé go raibh an cinneadh ceart déanta agam. Bhí m’athair agus mo sheanathair araon san Arm agus bhí tionchar mór acu sin ar an scéal. Cuid mhór den chinneadh ab ea an éagsúlacht, an chorpoiliúint agus an deis le dul thar lear.
Cad a mheasann do chairde agus do mhuintir faoi go bhfuil tú san Arm?
Tá an-tacaíocht agam i dtaca le mo cheird ó mo chairde agus ó mo mhuintir ach bíonn sé deacair ar mo fiancée amanna nuair a bhímid ag obair as baile.
An Sáirsint Mark Cummins, Sáirsint Buíne Moirtéir, 5ú Cathlán Coisithe
Cén post atá agat?
Mise an Sáirsint Buíne Moirtéir don Bhuíon Mhoirtéir 81mm sa Chomplacht Tacaíochta den 5ú Cathlán Coisithe. Tá an post seo agam le thart ar 5 bliana agus tá réimse cúraimí orm idir a bheith ag maoirsiú dualgas riaracháin don bhuíon, traenáil agus pleanáil leanúna agus ag déanamh traenála ina mbíonn freachnaimh oirbheartaíochta agus traenáil beo-lámhaigh le moirtéir 81mm.
Cén chaoi a bhfuair tú an post sin?
Ó thús mo ghairme mar Shaighdiúir Singil in Óglaigh na hÉireann tá baint agam leis an Moirtéar P1 81mm tar éis cúrsa iontrála óige a dhéanamh i 1997. I 2002 agus mé i mo Cheannaire, chríochnaigh mé Cúrsa Teagascóra Moirtéir 81 mm agus ceapadh mé i m’Oibritheoir Poist Cheannais Mhoirtéir (CPO) agus i mo Stiúrthóir Lámhaigh Mhoirtéir (MFC). Go gairid tar éis céim Sáirsint a bhaint amach i 2005 ceapadh mé i mo Sháirsint PL Moirtéir don Mhoirtéar P1 81 mm.
Cén saghas cúrsaí atá déanta agat?
Tá réimse leathan de chúrsaí míleata déanta agam le 16 bliana anuas. Rinne mé Cúrsa Fritancanna 84 mm Óg-iontrálaí (YE), Cúrsa Moirtéir 81 mm YE agus Teagascóra, Cúrsa Meaisínghunnaí Troma YE, Cúrsa Féideartha ONC chun mé a cháiliú le hardú céime a fháil go dtí leibhéal Sáirsint, Cúrsa Teagascóra Trealaimh Físe Oíche, Cúrsa Teagascóra Tess, Bunchúrsa Tiomána agus cúrsaí éagsúla ríomhaireachta.
Cad é an rud is mó a tharla le linn do ghairme?
Tharla an rud ba mhó de mo ghairm dom i 2000 agus mé ar mo dhara thuras dualgais i nDeisceart na Liobáine mar Cheannasaí óg gasra. Le linn ár n-imscartha bhí aistarraingt d’Fhórsaí Cosanta Iosrael beartaithe do mhí Iúil 2000 ón limistéar a bhí faoi cheannas na nIosraelach (ICA). Ach tharla sin níos luaithe ná mar a bhí beartaithe nuair a thosaigh clampar idir na faicseanaithe agus d’imigh Fórsaí Cosanta Iosrael as an áit láithreach. Cé go raibh an cás iontach contúirteach, mar gur lean an trodaíocht ar feadh roinnt laethanta, bhí an-ríméad sa réigiún mar go raibh líon mór de mhuintir na Liobáine ag filleadh ar dheisceart na tíre sin. Mar chuid de bheartas na NA, thosaigh Cathlán na hÉireann ar phatróil san ICA, mar a bhí ann roimhe sin, chomh fada ó dheas le teorainn na Liobáine le hIosrael den chéad uair le 20 bliain. Bhraith tú go mór go raibh tú páirteach i ré an-tábhachtach de stair na Liobáine agus an Mheánoirthir.
Cad tá beartaithe agat amach romhat?
Tá sé i gceist agam fanacht mar Sháirsint Moirtéir P1 don Mhoirtéar 81 mm P1 i gComplacht Tacaíochta an 5ú Cathlán Coisithe. Ba mhaith liom deis a fháil chun Ardchúrsa ONC a dhéanamh chun mé a cháiliú don chéim Sáirsint Complachta laistigh den Chathlán. Tá sé i gceist agam freisin dul thar sáile ar aon mhisean nua a thiocfaidh an bealach amach anseo.
Cén t-imscaradh ba dhúshlánaí a fuair tú thar lear agus cén fáth?
Ba é an t-imscaradh ba dúshlánaí thar sáile an ceann leis an 102ú Cathlán i Sead i 2010. Ba mise an Sáirsint P1 don Bhuíon Meicnithe Coisithe, rud ar bhain mé an-sásamh as cé gur ról an-ghníomhach a bhí ann a chinntiú go raibh P1 ullmhaithe i gceart do na tascanna oibríochta ar fad. Rinneadh sin le Traenáil Leanúna ar an láthair fad a bhíomar ar imscaradh cé go raibh an aimsir iontach crua. Bhíomar an-ghnóthach ón tús ó thaobh oibríochta de, seachtain amháin ag patrólú agus an tseachtain ina diaidh ar dhualgais slándála sa champa tráth ar oibrigh muid go dícheallach leis na harmáin, an trealamh agus ár bpearsanra a ullmhú do phatróil na seachtaine dar gcionn. Freisin, nuair a aistarraingíodh Óglaigh na hÉireann as Sead i mBealtaine 2010 chuir sin brú breise oibre ar an gCathlán agus sinn ag iarraidh fanacht ullamh ó thaobh oibríochta de fad a bhíomar ag scor an champa, ach rinne an cathlán an beart trí oibriú go crua as lámha a chéile.
Cén chomhairle a chuirfeá ar dhaoine óga atá ag iarraidh dul isteach in Óglaigh na hÉireann?
Mholfainn d’aon duine atá ag iarraidh dul isteach in Óglaigh na hÉireann leibhéal ard corpacmhainne a bhaint amach sula dtosóidh siad ar an traenáil earcach. Ní mór dóibh a bheith cinnte gurb é seo an jab atá uathu mar ní gnáthphost ón naoi go dtí an cúig atá i gceist leis. Mar is minic go mbeifear ag súil go gcaithfidh tú tréimhsí fada as baile, m.sh. le linn traenála, thar sáile, srl.
Ar cuireadh tusa thar lear? Má cuireadh, inis dom faoin imscaradh Cuireadh
Bhí mé sa Liobáin agus sa Libéir uair amháin agus i Sead faoi dhó. Bhí mé sa Liobáin mar Shaighdiúir Singil leis an mBuíon Armán, sa Libéir mar Cheannaire i gCathlán Coisithe agus sa dá thuras go Sead bhí mé ag feidhmiú mar Sháirsint sa Rannóg Moirtéir 60 mm de Bhuíon Armán. Bhíomar ag feidhmiú mar fhórsa coimeádta síochána sa Liobáin ag déanamh monatóireachta agus ag tuairisciú ar a raibh á dhéanamh ag an Hezbollah agus ag Arm Iosrael. Sa Libéir bhíomar inár bhFórsa Frithghnímh Mhear réidh le dul chuig ceantair éagsúla trioblóideacha agus rinneamar patrólú freisin ar ordú. Rinne mé an chéad turas go Sead sa séasúr fliuch in éineacht le Fórsa de chuid an Aontais Eorpaigh (EUFOR) áit a ndearnamar patrólú san aer agus ar an talamh chun cosaint a thabhairt don iomad teifeach agus Díláithreach Inmheánach a bhí san áit. Leis na Náisiúin Aontaithe a bhí an dara turas sa séasúr tirim agus dá bharr sin bhíomar in ann dul ar phatróil níos faide ó bhaile. B’iontach an taithí a bhí le fáil as gach turas agus thug siad dúshláin éagsúla dúinn.








