Earcaigh Airm

An cineál duine a theastaíonn uainne

Is iad na hearcaigh airm cnámh droma Óglaigh na hÉireann. Is iad na saighdiúirí sin crann taca an Airm.  Tá daoine á lorg ag Óglaigh na hÉireann a bhfuil gairm mhíleata atá dúshlánach go fisiciúil á lorg acu. Ní mór d’iarratasóirí:

  • An cumas a bheith acu le feidhmiú i dtimpeallacht mhíleata smachtaithe.
  • An cumas oibriú le daoine eile mar fhoireann.
  • Oibriú go maith i dtimpeallacht ina bhfuil go leor cúramaí fisiciúla lena mbaineann go leor struis.
  • A bheith toilteanach a dhul ar seirbhís thar lear ar feadh tréimhsí fada.

Ar cháiliú dóibh gheobhaidh earcaigh post mar shaighdiúir singil trí réalta le ceann de na Cóir Sheirbhíse seo a leanas,  an Cór Coisithe, an Cór Airtléire, an Cór Marcra, an Cór Soláthair & Iompair nó an Cór Córas Eolais Cumarsáide.

Cáilíochtaí

Níl aon cháilíochtaí oideachais foirmiúla riachtanach le liostáil mar earcach in Óglaigh na hÉireann.

Teorainneacha Aoise

Is é an uasteorainn aoise d"Earcaigh 24 mbliana d"aois.

Ionduchtú

Reáchtáiltear Comórtais i ngach aon Bhriogáid de chuid an Airm de réir mar is gá agus is é sin an t-aon bhealach amháin le liostáil in Óglaigh na hÉireann mar Shaighdiúir Singil. Cuirtear iarrthóirí faoi thástáil aclaíochta, faoi agallamh agus faoi scrúdú liachta. Cinnfidh an Próiseas Ionduchtaithe cibé an bhfuil an cumas agat le bheith i do Shaighdiúir Singil san Arm.

Léigh tuilleadh faoin bPróiseas Ionduchtaithe

Recruits on their First Day

Traenáil

Tá an Siollabas Traenála d’Earcaigh deartha le Saighdiúir Coisithe Dhá Réalta atá aclaí go fisiciúil, a bhfuil smacht aige/uirthi air/uirthi féin agus atá spreagtha, a dhéanamh d’earcach.  Is ionann an traenáil a fhaigheann earcach agus traenáil mhíleata bhunúsach. Maireann an traenáil seacht seachtaine déag. Leantar é sin le traenáil 3 réalta agus ina dhiaidh sin le cúrsaí Sain-Traenála don Saighdiúir Traenáilte.

An bhfuil an cumas agatsa le Traenáil Earcach Airm a chomhlánú?

Dul Chun Cinn Gairme
Spreagtar Saighdiúir Singil nua-cháilithe chun iad féin a chur chun cinn ar mhaithe le tuilleadh cúrsaí a dhéanamh san Arm. D’fhéadfadh na cúrsaí sin cur ar chumas an tsaighdiúra speisialú a dhéanamh i réimsí áirithe den Arm nó cáiliú le dul ar sheirbhís thar lear.

Léigh tuilleadh faoi Dhul Chun Cinn Gairme

Íoctar pá leis na hearcaigh ón lá a dtéann siad isteach in Óglaigh na hÉireann. Beidh do scála pá amach anseo ag brath ar cé chomh crua is a oibreoidh tú agus ar do chuid traenála agus d’uaillmhian dul chun cinn a dhéanamh de réir a chéile le céim níos airde a bhaint amach.

Léigh tuilleadh faoi Phá d’Earcaigh Airm