Gairmeacha Míleata

Is é an tArm an chuid is mó de na Buan-Óglaigh (PDF) agus bíonn sé de shíor ag iarraidh na daoine is fearr a earcú. Tá trí leibhéal ag ar féidir dul isteach san arm, i.e. mar Dhalta, mar Earcach nó mar Phrintíseach. Cuireann gach leibhéal acu bealach gairme difriúil agus dúshláin dhifriúla ar fáil.

Daltais 

Is iad na hoifigigh na bainisteoirí, na cinnteoirí agus na ceannairí in Óglaigh na hÉireann. Déanann Dalta Airm 15 mhí traenála sa Choláiste Míleata, Campa an Churraigh, ina gclúdaítear a lán réimsí staidéir sula bhfaigheann siad ceapachán oibríochta mar Oifigigh san Arm. I measc na gcáilíochtaí a bhíonn ag Oifigeach maith tá cumas cinntí maithe a dhéanamh faoi strus, suim in aclaíocht choirp agus eolas maith ar oirbheartaíochtaí míleata. Má cheapann tú go bhfuil sé de chumas ionat trúpaí Éireannacha a threorú ar mhisean NA, agus gur mhaith leat gairm mar Dhalta Airm...

Faigh breis eolais faoi Dhaltais Airm

Earcaigh

Sna Céimeanna Liostáilte atá formhór de chomhaltaí Arm na hÉireann. Beidh rud amháin i gcoitinne ag na fir agus na mná sin, Traenáil Earcach. Bíonn 16 seachtainí diantraenála i gceist do gach saighdiúir singil in Arm na hÉireann. San am sin, athraítear an tEarcach ó bheith ina (s)ibhialach go dtí saighdiúir gairmiúil in Arm na hÉireann. Bíonn dúshlán nua ann gach lá traenála de réir mar a fhaigheann an tEarcach oiliúint i ndruil coise agus arm, aimsitheoireacht mhuscaeid, bunscileanna oirbheartaíochta agus oibríochtaí míleata. Más spéis leat do lá oibre a chaitheamh ag déanamh rudaí a mbíonn daoine eile ag íoc astu, tabhair faoin dúshlán agus ...

Faigh tuilleadh eolais faoin Earcach Airm

Printísigh

Bíonn trealamh den scoth ag saighdiúir Éireannach na linne seo. Tugann armáin, fearas súileadóireachta agus feithiclí armtha deis níos fearr don saighdiúir Éireannach ar láthair an chatha. Ach sin ráite, má theipeann ar an trealamh sin, nó mura n-oibríonn sé 100%, cailltear an deis go han-tapa. Lena a chinntiú nach dtarlóidh sin, cuireann Arm na hÉireann oiliúint ar a theicneoirí féin chun seirbhís agus cothabháil a dhéanamh ar an réimse leathan trealaimh atá ag an Arm. Tá printíseachtaí ar fáil do Mheicneoirí Feithiclí Troma, a fhoghlaimíonn le seirbhís agus cothabháil a dhéanamh ar scuaine gnáthfheithiclí agus feithiclí armúrtha an Airm. Freisin, cuireann an tArm printíseachtaí ar fáil d’Fheisteoirí Armadóireachta a mbíonn freagracht orthu as cothabháil agus deisiú an armáin agus ar threalamh a bhaineann le harmáin an Airm. Má cheapann tú go mbeadh tú in ann cloí le sprioc-am i dtimpeallacht ardbhrú agus a bheith muiníneach ag an am céanna nach gclisfidh do chuid oibre ar dhaoine eile... 

Faigh tuilleadh eolais faoi Phrintíseachtaí Airm