- Anseo atá tú:
- Gairmeacha >
- Gairmeacha Aerchóir >
- Dhaltais >
- Ionduchtú
An Próiseas Ionduchtaithe
(copy 1)
Bíonn an Comórtas don Dalta Oifigeach Aerchóir ar siúl de réir mar a bhíonn éileamh ann le Píolótaí faoi oiliúint a ionduchtú agus is é sin an t-aon bhealach amháin gur féidir le hiarrthóirí ionchasacha a dhul isteach in Óglaigh na hÉireann le bheith mar Oifigeach Eitilte Aerchóir.
Iarratais
Ní mór d’Iarrthóirí ionchasacha foirm iarratais ar líne a chomhlánú tríd an láithreán gréasáin seo. Fógraítear dátaí an chomórtais sna Meáin Náisiúnta agus ar an láithreán gréasáin seo agus ní ghlactar le hiarratais ach ar na dátaí sin amháin. Déanfar an comhfhreagras ar fad leis na hiarratasóirí trí ríomhphost fad a bhíonn an comórtas ar siúl.
Tástáil Shíciméadrach
Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí ar fad a chomhlíonann na critéir incháilitheachta freastal ar an lárionad Tástála Shíciméadrach, áit a n-éileofar orthu an tástáil seo leanas a chomhlánú.
- Réasúnaíocht Bhriathartha
- Réasúnaíocht Uimhriúil
- Cleachtadh Insamhlaithe Poist
Ionad Measúnaithe Thar Oíche:
Tugtar cuireadh d’iarrthóirí a n-éiríonn leo sa chéim thástála shíciméadrach freastal ar an Ionad Measúnaithe in Aeradróm Bhaile Dhónaill, Baile Átha Cliath. Beidh an measúnú comhdhéanta de:-
- Tástáil Aclaíochta Ionduchtaithe – is ionann an tástáil sin agus pas/teip, ní cheadófar d’iarrthóirí nach bpasálann leanúint leis an gcomórtas
- Réamhléargas Réalaíoch Poist – Gheobhaidh iarrthóirí mionteagaisc ó Dhaltaí Oifigeach ar seirbhís agus ó Oifigigh Shóisearacha le léargas a thabhairt dóibh ar an saol míleata
- Measúnú Síciméadrach agus Síceolaíoch – déantar tástáil sa chéim sin ar na scileanna síciméadracha, m.sh. comhordú súl is lámh na n-iarrthóirí. Baintear úsáid as an measúnú síceolaíoch le staid shíceolaíoch intinne iarrthóir ionchasach a thuiscint.
Agallamh
Iarrfar ar Iarrthóirí a n-éireoidh leo san Ionad Measúnaithe freastal ar Agallamh in Aeradróm Bhaile Dhónaill, Baile Átha Cliath. Tá an t-agallamh sin bunaithe ar inniúlacht, áit a ndéanfar measúnú ar na hIarrthóirí faoi na hinniúlachtaí seo a leanas:
- Inniúlacht Theicniúil
- Scileanna Cumarsáide/Idirphearsanta
- Ceannaireacht agus Freagracht
- Inspreagadh
- Aibíocht
- Ardlamháltas Struis
- An cumas feidhmiú mar chuid d’fhoireann
Imréiteach Slándála & Liachta
Iarrfar ar na hiarrthóirí is fearr a n-éiríonn leo ag an Agallamh freastal ar scrúdú liachta iomlán míleata, lena n-áirítear scrúdú liachta iomlán aeir in Ospidéal Míleata Ginearálta Naomh Bricín i mBaile Átha Cliath. I gcomhar leis sin déanfaidh an Garda Síochána seiceáil slándála ar na hiarrthóirí ar fad. Ní mór go n-éireodh leis na hiarrthóirí sa scrúdú liachta agus sa tseiceáil slándála araon lena mbreithniú don ionduchtú.
Bronnadh Daltas Oifigeach
Déanfar Daltas Oifigeach Aerchóir a thairiscint ansin d’iarrthóirí a chríochnóidh ar bharr liosta fiúntais na gcomórtas.
Ionduchtú
Reáchtálfar é sin le linn an chéad lá liostála, tráth a n-éileofar ar na Daltaí Oifigeach an mionn/dearbhú seo a leanas a ghlacadh:-Mionnaímse (nó dearbhaímse), ........................................................................................., go sollúnta go mbeidh mé dílis d'Éirinn agus dílis don Bhunreacht agus fad a bheidh mé mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann go gcomhlíonfaidh mé gach ordú dleathach a thabharfaidh m’oifigigh uachtaracha dom agus fad a bheidh mé mar chomhalta de Bhuan-Óglaigh na hÉireann nach mbeidh mé mar chomhalta nó nach dtaobhóidh mé le haon chumann rúnda ar bith agus má bhím i mo chomhalta de na hÓglaigh cúltaca, ní bheidh mé, fad bheidh mé i mo chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca, mar chomhalta nó ní thaobhóidh mé le haon chumann rúnda ar bith.
leigh a tuilleadh faoi An tAerchór







