An tSeirbhís Chabhlaigh

Bíonn comhpháirt an chabhlaigh de Bhuan-Óglaigh na hÉireann (PDF), an tSeirbhís Chabhlaigh, ar a dícheall go seasta ag iarraidh an pearsanra is fearr a earcú. Tá dhá leibhéal iontrála ann chun dul isteach sa tSeirbhís Chabhlaigh – mar Dhalta nó mar Earcach. Tá gairmréim dhifriúil agus dúshláin éagsúil ag baint leis an dá bhealach.

Daltais

Is iad Oifigigh na bainisteoirí, na cinnteoirí agus na ceannairí in Óglaigh na hÉireann. Déanann Oifigeach Seirbhíse Cabhlaigh speisialtacht sa Bhrainse Oibríochtaí nó sa Bhrainse Innealtóireachta. Tá Oifigigh sa Bhrainse Oibríochtaí freagrach as an long a rith go héifeachtúil. Is ó laistigh den Bhrainse seo amháin ar féidir le hoifigeach teacht le bheith ina C(h) aptaen ar long. Gheobhaidh Dalta sa Bhrainse Innealtóireachta traenáil go dtí an leibhéal gur féidir leis/léi ceapachán mar Oifigeach Innealtóireachta Muirí a líonadh. Tá an tOifigeach Innealtóireachta freagrach as gach ní a choinníonn an long ar snámh, ag gluaiseacht agus gur féidir cónaí uirthi. Cuimsíonn na buanna atá ag dea-Oifigeach an cumas chun cinneadh maith a dhéanamh ag amanna strusmhara, suim in aclaíocht choirp agus tuiscint leathan ar oirbheartaíocht mhíleata. Má mheasann tú go bhféadfá dul i gceannas ar fhoireann mairnéalach ar bord loinge de chuid Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann b’fhiú duit a fhiosrú inniu céard a bheadh amach romhat ag Daltas na Seirbhíse Cabhlaigh.

Earcaigh

Téann earcaigh na Seirbhíse Cabhlaigh chun cinn le bheith mar chnámh droma Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann. Maireann traenáil na n-earcach ar feadh 20 seachtain agus tar éis an cúrsa a chríochnú go rathúil téann an tEarcach ar bord ceann de longa Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann mar Ghnáthmhairnéalach. Téann na freagrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar ghnáthmhairnéalach ó chothabháil a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha ar an long go bordáil armtha soitheach eile mar chuid de mhisean díchumasaithe drugaí. Más suim leat saol na farraige téigh in éineacht leis an togha mar Earcach na Seirbhíse Cabhlaigh

 

Oifig Daonchumhachta na Seirbhíse Cabhlaigh

 

Seoladh:

An tOifigeach Daonchumhachta,
Ceanncheathrú an Chabhlaigh,
An Bhunáit Chabhlaigh,
Inis Sionnach,
An Cóbh,
Co. Chorcaí.

Oifig:

Lo-Call 1890 262828

Ríomhphost:

navy.manpower@defenceforces.ie

Léigh níos mó faoi na Coláiste na Seirbhíse Cabhlaigh