- Anseo atá tú:
- Gairmeacha >
- An Saol Míleata >
- Ar Dualgas
Ar Dualgas
Bíonn pearsanra ar dualgas ag Óglaigh na hÉireann 24-uair sa lá, bíodh sin i mbeairicí, i bhfoirgnimh rialtais, ag cuidiú le húdaráis shibhialta nó ar phatróil mhuirí. Dualgais Reisiminte a thugtar ar na cineálacha dualgais sin de ghnáth. I gcás comhaltaí eile den Fhórsa, nach bhfuil ar uainchlár do dhualgas reisiminte, beidh siad fós i mbun dualgas chun an saol in Óglaigh na hÉireann a chothabháil. Gach lá, agus cuid de na comhaltaí ag ullmhú chun dul ar dhualgas armtha in áiteanna éagsúla, beidh cuid eile acu ag tuairisciú dá ndualgas laethúil. Tá próifílí ullmhaithe againn de chuid den phearsanra a bhíonn i mbun na ndualgas sin.
Nithe a Dhéanaimid....
Oifigeach Innealtóra Muirí Cúnta
Tá 2/Lt Lynne Donnelly ina hOifigeach Innealtóra Muirí Cúnta ar an LÉ Niamh. Is í an LÉ Niamh ceann de longa ceannais na Seirbhíse Cabhlaigh. Tá dhá inneall san LÉ Niamh agus iad nasctha leis an dá lián phríomha atá ar an long. Is é an Brainse Innealtóireachta atá i gceannas ar mhonatóireacht na bpáirteanna gluaisteacha go léir ar an long. Má bhriseann sé, deisímid é nó cuirimid ceann eile ina áit.
Féach ar Próifíl 2/Lt Lynne Donnelly
Póilín Airm
Tá an Ceannaire Peter Cox ina Phóilín Míleata leis an ngasra Propaist den 4 Complacht Machaire Póilíní Airm, Baile Átha Luain. I measc a dhualgais ghinearálta póilíneachta tá fiosrú faoi mhionchoiriúlacht; seiceáil an bhfuil daoine gléasta mar is cóir; féachaint go bhfuil foirgnimh mhíleata daingnithe mar is cóir; seicphointí luais a reáchtáil; conbhuanna míleata a thionlacan.
Féach ar Próifíl an Cheannaire Peter Cox
Tumadóir sa tSeirbhís Chabhlaigh
Tá an Mionoifigeach David O’Brien ina chomhalta de Rannóg Tumadóireachta na Seirbhíse Cabhlaigh. Is minic a ghlaoitear air óna ghnáthobair chun tascanna eile a dhéanamh nuair is gá. Mar shampla, d’fhéadfadh rud dul i bhfostú i lián na loinge, cothabháil a bheith le déanamh, nó léamha éagsúla a bheith le tógáil ó chabhail na loinge.
Féach ar Próifíl an MO O’Brien
Meicneoir Aerárthaí
Tá an tEitleoir Colin Heaslip ina Theicneoir Cothabhála Aerárthaí sa Scoil Oiliúna Eitilte, An tAerchór, lonnaithe i mBaile Dhónaill. Mar chuid d’fhoireann theicniúil an aonaid, is é an príomhdhualgas a bhíonn air mar Theicneoir Cothabhála Aerárthaí ná cothabháil céad agus dara líne a dhéanamh ionas go mbeidh an t-eitleán in ann eitilt.
Féach ar Próifíl an Eitleora Heaslip
An Fear Coisithe
Tá an Saighdiúir Singil Johnathan Grey, Complacht Tacaíochta, 27ú Cathlán Coisithe, 25 bliana d’aois agus chuaigh sé isteach san arm trí bliana go leith ó shin. Bheadh eolas ag formhór na ndaoine ar na rudaí a dhéanaimid nuair a bhímid ar oibríochtaí ar an láthair nó thar lear, ach ní bheadh eolas acu faoi na rudaí a bhíonn ar siúl againn i rith na bliana sa bheairic.
Féach ar Próifíl an tSaighdiúra Singil Grey











