- Anseo atá tú:
- Gairmeacha >
- An Saol Míleata
An Saol Míleata
Ní gnáthshaol a chaitheann comhaltaí Óglaigh na hÉireann. Níl aon dá lá mar an gcéanna i saol ár bpearsanra. Bíonn éagsúlacht i ngach gné den saol míleata agus i gcás gach comhalta den Fhórsa d’fhéadfadh dúshlán nua a bheith i gceist gach lá.
Traenáil
Cuirtear traenáil ar ardchaighdeán i réimse disciplíní ar chomhaltaí Óglaigh na hÉireann – armáin, feithiclí, fearais chumarsáide agus trealamh eile ar chaighdeán idirnáisiúnta míleata.
Léigh tuilleadh faoin Traenáil
Ar Dualgas
Sa saol míleata is iondúil go gciallaíonn na focail “Ar Dualgas” seal 24 huaire ag gardáil ceann d’fheistis riachtanacha ár dtíre nó ar garda sa bheairic áitiúil. Bíonn brí eile le “ar dualgas” do chomhaltaí eile den Fhórsa.
Léigh tuilleadh faoi phearsanra Ar Dualgas in Óglaigh na hÉireann
Seal Dualgais
“Téigh san Arm go bhfeice tú an saol!” Is é an mian is mó a bhíonn ag cuid mhaith daoine óga a théann in Óglaigh na hÉireann ná dul ar mhisean amháin ar a laghad thar lear. Tá cáil síochánaíochta den scoth ar Óglaigh na hÉireann os rud é go bhfuil trúpaí imscartha againn ar fud an domhain thar na blianta.
Léigh tuilleadh faoi: Taithí Chomhaltaí Óglaigh na hÉireann thar lear









