• Gairm san Airm

    Ag obair le haghaidh an Fhoireann

    Léigh tuilleadh
  • Daltas san Aerchór

    Ar mhaith leat gairm i do Phíolóta san Aerchór?

    Léigh tuilleadh
  • Gairm sa tSeirbhís Chabhlaigh

    An duine oiriúnach tusa le do shaol a chaitheamh sa Chabhlach?

    Leigh tuilleadh
  • Na hÓglaigh Chúltaca

    Do chuidse a dhéanamh..........

    Leigh tuilleadh
  • Gairm le Ceol Míleata

    Ar mhaith leat seinm i mBanna Ceoil Míleata?

    Léigh tuilleadh
  • Gairm sa Scoil Eachaíochta

    An bhfuil scileanna maithe marcaíochta agat?

    Léigh tuilleadh
  • Gairm mar Ghrúmaeir in Óglaigh na hÉireann

    An bhfuil suim agat i ngairm mar Ghrúmaeir Míleata?

    Léigh tuilleadh
  • An Saol Míleata - Spórt

    Ag cur le Spiorad na Troda, Meanma agus Forbairt Phearsanta

    Léigh tuilleadh

Comórtas Daltachais 2013

Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg iarrthóirí a mbeadh cumas ceannaireachta iontu, atá dúthrachtach agus a bhfuil tuiscint ar dhualgas acu chomh maith le leibhéal ard aclaíochta chun ceapacháin riachtanacha a líonadh san Arm (lena n-áirítear an Scoil Eachaíochta), sa tSeirbhís Chabhlaigh agus san Aer Chór.

Beidh fáilte roimh iarratais ó lucht fágála scoile nach mbeidh níos óige ná 18 mbliana agus nach mbeidh níos sine ná 28 bliana an 07 Deireadh Fómhair 2013 chun na poist seo a leanas in Óglaigh na hÉireann a líonadh.

Ní ghlacfar le hiarratais do Chomórtas na nDalta Oifigigh 2013 ach ar líne amháin ó iarrthóirí a shásaíonn an íos-chritéir oideachais agus cáilithe riachtanacha eile.

Is Dáta Deiridh Dé Domhnaigh 26 Bealtaine, 2013

Léigh a tuilleadh Eolais faoin gComórtas

Óglaigh na hÉireann Iarratais

Medical Doctors

The Defence Forces is now accepting applications from qualified Doctors for careers in the Defence Forces Medical Corps.

Find out more about Medical Doctors and this competition

The Defence Forces are still NOT accepting any NEW applications for general service in the Defence Forces.

Cosain | Caomhnaigh | Tacaigh

Nuair a théann tú in Óglaigh na hÉireann bíonn níos mó i gceist ná bheith i do shaighdiúr, i do mhairnéalach nó i d’eitleoir. Ciallaíonn sé a bheith i do chuid d’eagraíocht ina mbíonn dúshlán leanúnach agat do mhíle dícheall a dhéanamh go fisiciúil ach beidh dúshláin intleachtúil romhat san eagraíocht freisin.

Cuireann gairm in Óglaigh na hÉireann a lán réimsí féideartha éagsúla fostaíochta ar fáil – Coisí, Stiúrthóir Aerthráchta, Speisialtóir TE, Lia Comhraic, Captaen Loinge, Saineolaí Armán, gan a lua ach cuid acu.

Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg daoine fuinniúla, muiníneacha agus fonnmhara chun leanúint den traidisiún mórtasach atá forbartha ó bunaíodh an eagraíocht i 1922.  Má cheapann tú go bhfuil tú in ann tabhairt faoi na dúshláin sin agus iad a shárú d’fhéadfadh go bhfuil gairm in Óglaigh na hÉireann ag fanacht leat.

Gairm chrua a bheith in Óglaigh na hÉireann ina gcaitheann duine cuid mhaith ama imithe ón mbaile – i mbun freachnamh in Éirinn agus san Eoraip nó ar imscaradh oibríochta thar sáile leis na Náisiúin Aontaithe, leis an Aontas Eorpach nó le NATO.

Tá ár bpearsanra ullmhaithe go fisiciúil agus go hintleachtúil chun tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann le gach oibríocht mhíleata a n-iarrfar orthu dul ina bun. Tá ár dtrealamh nua-aimseartha, ár dtraenáil dian agus ár gceannasaíocht bunaithe ar chóras cóimheasa idir na hOifigigh agus an pearsanra liostáilte.

Saol Saghas Neamhghnách

Faigh tuilleadh eolais faoin Saol Míleata