Léigh tuilleadhAn Coláiste Mileata
Cúrsaí Gairme, Armán Tacaíochta Coisithe & Bainistithe Sinsearaigh
Léigh TuilleadhAn Coláiste Tacaíochta Comhraic
Oibríochtaí Soghluaisteachta agus Frithshoghluaisteachta
Léigh tuilleadhAn Coláiste Tacaíochta Seirbhíse Comhraic
Foirniú, Armáil, Deisiú, Breoslú, Bogadh
Léigh tuilleadhColáiste an Aerchóir
Oiliúint agus Oideachas a chur ar gach duine de Phearsanra an Aerchóir
Léigh tuilleadhAn Coláiste Cabhlaigh
Ag cur na hÉifeachtachta Oibriúcháin chun Cinn
Léigh TuilleadhScoil Eachaíochta Óglaigh na hÉireann
Cuid de Thascfhórsa den Scoth a Tógadh in Éirinn
Ceanncheathrú an Oideachais
Is é misean Óglaigh na hÉireann “ Cion tairbhe a dhéanamh ar son shlándáil an Stáit trí sholáthar a dhéanamh i leith chosaint mhíleata a shláine críche agus chun gach ról a shannann an Rialtas dóibh a chomhlíonadh, trí Óglaigh Éireann atá spreagtha agus éifeachtach a imscaradh.” Nuair nach mbíonn siad gafa iarbhír le hoibríochtaí is é an cuspóir ná traenáil a dhéanamh ionas go mbainfidh siad amach an leibhéal éifeachtachta oibriúcháin a éilíonn ár n-éiteas agus na róil atá sannta dúinn.
Tá seasamh ar leithligh ag Óglaigh na hÉireann ó thaobh an aschuir fhoghlama de mar bíonn pearsanra ar dul faoi thraenáil agus ag déanamh cúrsaí oideachais ar bhonn leanúnach. Dá thoradh sin tacaíonn Óglaigh Éireann go hiomlán le haitheantas a thabhairt don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Tá gealltanas tugtha ag Óglaigh na hÉireann i leith creidiúnú a sholáthar maidir leis an bhfoghlaim ar fad a reachtáiltear laistigh den eagraíocht trí bheith ag comhoibriú le hInstitiúidí Ardoideachais iomchuí.
Deir an Páipéar Bán ar Chosaint (2000, Alt 4.6.2.) “ soláthrófar an deis don phearsanra uile forbairt phearsanta a dhéanamh agus taithí ghairmiúil cheangailte a fháil ar mhaithe lena n-acmhainneacht iomlán a chomhlíonadh fad a bheidh siad ag tabhairt seirbhíse in Óglaigh na hÉireann”. Mar sin, is ionann creidiúnú na gclár traenála agus oideachais faoi NFQ agus meaitseáil idir pholasaí agus straitéis ar féidir léi an bhearna a bhí ann roimhe seo a líonadh. Ní mór don Chreidiúnú a éilítear cloí leis na caighdeáin atá leagtha síos in Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Traenáil) 1999 atá á rialú ag Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQUAI) agus comhlíonfaidh sé riachtanais oibriúcháin agus traenála Óglaigh na hÉireann.
Tuigeann Stiúrthóir Thraenáil Óglaigh na hÉireann go maith an réimse leathan scileanna atá ar fáil trí institiúidí oideachais sibhialtacha agus fáiltíonn sé roimh na cúrsaí sin faoi scéimeanna éagsúla oideachais atá ar fáil do na baill. Is iad traenáil agus oideachas, idir chomhchoiteann agus aonair, cloch coirnéil an tsaoil mhíleata agus beidh sin amhlaidh, mar go socraíonn ilchineálacht na traenála inniúlacht oibriúcháin agus éifeachtacht Óglaigh na hÉireann ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Léigh faoi an Choláiste Míleata














