Trealamh

Árthaí I Seirbhís

Eolas
Tír Bhunaidh   An Ríocht Aontaithe    
Fad     5.4m 
Luas 35 muirmhíle +
Meáchan 1.4 tona 
Príomh-Staitisticí

Long Chogaidh AIS. 

Comhlíontach le SOLAS.

Delta 7.5m/8m

Eolas
Tír Bhunaidh   An Ríocht Aontaithe   
Fad 7.5m / 8m 
Luas 40 muirmhíle +
Meáchan 2 tona  
Príomh-Staitisticí

Long Chogaidh AIS. 

Comhlíontach le SOLAS.

Armáin

76 mm OTO Melara

Is í an armáil chabhlaigh mheánchalabra Oto Melara 76mm an t-armán is cumhachtaí in armlann na Seirbhísí Cabhlaigh. Tá an 76mm in ann teagmháil ardchruinnis a dhéanamh le targaidí cabhlaigh ar feadh raoin suas le 17km uathu, rud a chinntíonn go mbíonn buntáiste ó thaobh raoin ag an tSeirbhís Chabhlaigh ar gach armáil cabhlaigh gearr-raoin agus gur féidir léi córais armán soghluaiste a láimhseáil. Tá an gunna gírea-chobhsaithe go hiomlán uathoibríoch agus baineann sé úsáid as Córas Rialaithe Lámhaigh RADAMEC. Tá sé in ann teagmháil a dhéanamh le targaidí cabhlaigh, aeir agus targaidí ar chladach. Bíonn sí suite ar árthach den chineál CPV agus LPV. 

Staitisticí 76mm OTO Melara
Cineál Gunna          

Cannon

Tír a Dhéantar An Iodáil
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse   1984
Calabra 76 mm
Criú 3
Meáchan an tSliogáin 12.34 kgs
Ráta Lámhaigh 85 urchar in aghaidh an nóiméid
Raon   18.4 km

Gunna Mór Bofors 57mm

Is armáil chabhlaigh uilefhóinteach é an Gunna Uathoibríoch L/70 57mm Bofors agus tá raon os cionn 13km aige. Oibrítear an gunna le córas rialaithe lámhaigh léasair agus optúil agus tá sé gírea-chobhsaithe go hiomlán le gur féidir é a úsáid ag ardluas agus ar fharraige gharbh. Tá an Bofor 57mm in ann scaoileadh le 200 urchar a scaoileadh in aghaidh an nóiméid agus tá sé thar a bheith éifeachtach sa ról frith-aeir. Tá an t-armán seo suite ar bord Long Cheannais na Seirbhíse Cabhlaigh, an L.É. Eithne.

Staitisticí Gunna Mór Bofors 57mm
Cineál Gunna Cannon
Tír a Dhéantar An tSualainn
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1984
Calabra 57mm
Criú 5
Meáchan an tSliogáin 2.4 kgs
Ráta Lámhaigh 200 urchar in aghaidh an nóiméid
Raon 13.8 km

Gunna Mór 40mm Bofors

Is armán gearr-raoin é an Gunna Uathoibríoch L/70 40mm Bofors, atá an-oiriúnach do chosaint frithaerárthaigh maidir le miontargaidí. Tá sé thar a bheith éifeachtach in aghaidh targaidí cabhlaigh agus talúnbhunaithe freisin agus tá ráta lámhaigh an-mhaith aige - 300 urchar in aghaidh an nóiméid.  Bíonn criú de thriúr gunnadóirí ag an Bofors agus tá ceann suite ar bord gach ceann de na trí Árthach Patróil Easchósta.

Staitisticí Gunna Mór Bofors 40mm
Cineál Gunna          

Cannon

Tír a Dhéantar An tSualainn
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 2006
Calabra 40mm
Criú 2
Meáchan an tSliogáin 2.5 kgs
Ráta Lámhaigh 240 urchar in aghaidh an nóiméid
Raon 1 km

Gunna Mór 20mm Rheinmetall

Is armáil chabhlaigh gearr-raoin ardchruinnis é an Gunna Mór Cabhlaigh Rh-202 20mm Rheinmetall. Tá ardráta lámhaigh aige, suas le 1030 urchar in aghaidh an nóiméid agus bíonn sé an-chruinn. Tá dearadh suiteála speisialta aige ina bhfanann an lámhacóir go ceartingearach le haghaidh gach airde lámhaigh. Baineann an Rheinmetall úsáid as raon leathan lónlámhaigh speisialtóra, rud a fhágann gur armáil thánaisteach chumasach é atá suite ar bord gach long sa tSeirbhís Chabhlaigh, le tacaíocht armán gearr-raon a thabhairt agus cosaint frithaerárthaigh a dhéanamh.

Staitisticí Gunna Mór 20mm Rheinmetall
Cineál Gunna           

Cannon

Tír a Dhéantar An Ghearmáin
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse   1984
Calabra 20 mm
Criú 2
Meáchan an tSliogáin 134 g
Ráta Lámhaigh 1000 urchar in aghaidh an nóiméid
Raon   2km

Innealghunna Trom 12.7mm Browning 

Staitisticí Gunna Trom 12.7mm Browning 
Déantóir Fabrique Nationale
Cineál Armáin Innealghunna Trom
Tír a Dhéantar An Bheilg
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1970idí
Calibre 12.7mm
Cothú Lónlámhach Crioschothaithe (naisc a thiteann ó chéile)
Meáchan 96kg
Modh Lámhaigh Lámhach Uathoibríoch
Raon 2200m
Ráta Lámhaigh 550 urchar sa nóiméad
Fad an Bhairille 1143mm
Treoir Treoir Iarann
Criú 3

Innealghunna Uilefhóinteach FN MAG   

Staitisticí an Innealghunna Uilefhóinteach FN MAG
Déantóir FN Herstal
Cineál Armáin Innealghunna Éadrom
Tír a Dhéantar An Bheilg
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1964
Calibre 7.62mm
Cothú Lónlámhach Crioschothaithe
Meáchan 10.9kg
Modh Lámhaigh Lámhach Uathoibríoch
Raon 1800m
Ráta Lámhaigh 650 - 1000 urchar/nóim
Fad 1260mm
Treoir Cinéal Cúltreorach

Steyr AUG A1 Muscaed Lingthe

Staitisticí an Steyr AUG A1
Déantóir Steyr Daimler Puch
Cineál Armáin Muscaed Lingthe Leathuathoibríocht
Tír a Dhéantar An Ostair
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse 1988
Calibre 5.56mm
Cothú Lónlámhach Cothú le Piléarlann
Meáchan 3.6kg
Modh Lámhaigh Urchar Aonair agus Lámhach Uathoibríoch
Raon 600m
Ráta Lámhaigh 600 - 800 urchar sa nóiméad
Fad 790mm
Treoir Radharcach - formhéadú x1.5

Heckler & Koch USP

Staitisticí an Heckler & Koch USP
Cineál Gunna           

Piostal Leathuathoibríoch

Tír a Dhéantar An Ghearmáin
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse   2007
Calabra 9mm
Ráta Lámhaigh

Leathuathoibríoch

Raon 50m

Faigh tuilleadh eolais faoi Traenála na Seirbhíse Cabhlaigh