Stair

Téann fréamhacha Óglaigh na hÉireann siar chomh fada le 1913 agus le bunú an stáit féin, agus tá páirt mhór acu i gcruthú agus i bhforbairt Phoblacht na hÉireann ó thús. Ach sin ráite, bhí uiscí an stáit faoi cheannas Aimiréalacht na Breataine ó 1922 go dtí 1938, tráth ar thug an Bhreatain ar ais na Calafoirt Chonartha mar aon le ceannas uiscí na hÉireann do Shaorstát na hÉireann. I mBealtaine na bliana 1939, d’ordaigh an rialtas 2 mhótarbhád toirpéad (MTBanna) ón mBreatain.

Cuireadh dlús mór leis an bpróiseas iomlán a bhain le bunú cabhlaigh de chineál éigin nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda mar go raibh gá ag Éire le cabhlach dá cuid féin chun a neodracht a chosaint. Méadaíodh an t-ordú do na MTBanna ó 2 go dtí 6 agus bunaÁodh an tSeirbhís Faire Mara agus Cósta i Meán Fómhair 1939 (cuireadh deireadh leis an ngné faire cósta i 1942).

1922 - 1938

Suas go dtí 1922 bhí Éire faoi cheannas na Breataine agus bhíodh an Cabhlach Ríoga ag patrólú uiscí na hÉireann. Cé go bhfuair 26 Chontae i bPoblacht na hÉireann a saoirse faoi Chonradh 1922, níor tugadh ceannas na bhfarraigí timpeall ár gcósta don náisiún nua neamhspleách. Bhí clásail sa Chonradh a thug cead don Bhreatain an ceart sin a choinneáil, mar aon le ceannas a choinneáil ar chalafoirt Chorcaí, Baile Chaisleán Béarra agus Loch Súilí (“na Calafoirt Chonartha” mar a tugadh orthu). Bhí cead ag Éire fórsa d’árthaigh chósta a bhunú áfach chun cosaint a thabhairt d’ioncam agus d’iascaigh.

I 1923 bunaíodh an tSeirbhís Chósta agus Muirí ag a raibh meascán de bháid bheaga ar a n-áirítear tugaí, tráiléir agus báid phatróil abhann. Ón gCabhlach Trádála a tháinig an chuid ba mhó den phearsanra a bhí sa Chabhlach / Gharda Cósta nuabhunaithe seo. Is beag traenáil fhoirmiúil Chabhlaigh a fuair an fórsa, cuireadh deireadh leo i 1924 agus gan iad bunaithe ach le 10 mí, díoladh nó scriosadh na báid agus d’fhill an pearsanra ar na dualgais a bhí acu roimhe sin. Lena chois sin, an bhliain chéanna thug an Bhreatain an Bhunáit Chabhlaigh a bhí acu in Inis Sionnach ar lámh do Rialtas na hÉireann ach dúnadh síos an áit láithreach in ainneoin go raibh sé coinnithe i gcaoi mhaith.

Ó 1924 go dtí 1938 is beag suime a bhí i ngnóthaí muirí sa tír seo. Dúradh go neamhbhalbh i dtuairisc a tháinig ón mBinse Calafort agus Cuan i 1930 go raibh neamhshuim agus fuarchúis ginearálta sna cúinsí sin a bhain leis na calafoirt. Ba Í an cúrsóir iascaireachta “Muirchú” an t-aon ionadaí a bhí ar muir ag Saorstát Éireann ag an am.  Bhí an t-árthach sin faoi cheannas na Roinne Talmhaíochta agus Iascaigh agus ní raibh aon armáin uirthi, rud nár thug aon chabhair di ina dualgas chun báid a ghabháil dá mbeidís ag iascach go mídhleathach. Iarradh cead ar an Aimiréalacht i 1936 go gcuirfí gunna ar an long agus tugadh an cead sin. Níl aon tuairisc gur fheabhsaigh sin an ráta gabhála a bhí ag an Muirchú!

I 1938 thug an Bhreatain ar ais na Calafoirt Chonartha agus ceannas uiscí na hÉireann ar ais do Shaorstát Éireann.

1939 - 1945

Bhí Éire i gceannas ar a cúraimí féin anois, ar muir agus ar tír araon. Ach d’uireasa cabhlaigh agus an tír ina hoileán, ní raibh aon bhealach ann leis na cóstaí agus na huiscí eischósta a chosaint.

I mBealtaine na bliana 1939, d’ordaigh an rialtas 2 mhótarbhád toirpéad (MTBanna) ón mBreatain. Cuireadh dlús mór leis an bpróiseas iomlán a bhain le bunú cabhlaigh de chineál éigin nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda mar go raibh gá ag Éire le cabhlach dá cuid féin chun a neodracht a chosaint. Méadaíodh an t-ordú do na MTBanna ó 2 go dtí 6 agus bunaíodh an tSeirbhís Faire Mara agus Cósta i Meán Fómhair 1939 (cuireadh deireadh leis an ngné faire cósta i 1942).

Cuireadh an Bhunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach ar ais i mbun seirbhíse mar bhunáit don tSeirbhís seo. Faoi 1941 bhí 10 n-árthach ag an tSeirbhís Mhuirí (6 mhótarbhád toirpéad móide árthaí eile) agus thart ar 300 ball foirne de gach céim. Ar na dualgais a bhí orthu in aimsir an chogaidh bhí leagan mianach (i gcuanta Chorcaí agus Phort Láirge), Longa Trádála a rialú, áiseanna loingseoireachta a chothabháil agus an t-iascach a chosaint.
Ag deireadh an chogaidh i 1945 díscaoileadh an tSeirbhís Faire Cósta gan mhoill agus chuaigh an taobh Muirí i léig nuair a díoladh báid agus scaip an pearsanra.

1946 - 1971

I Meán Fómhair 1946 shocraigh an rialtas go mbeadh an tSeirbhís Mhuirí (a raibh fágtha di) ina gné buan d’Óglaigh na hÉireann. Ar an mbealach sin a cuireadh tús leis an tSeirbhís Chabhlaigh mar atá anois. Bhí na huimhreacha laghdaithe ó 300 de gach céim go dtí 160, ach níorbh fhada gur ardaigh líon na n-aicmeach go tapa go dtí 400. Bhí 23 oifigeach ann — 2 a tháinig ón gCabhlach Ríoga, 1 as Cabhlach Ríoga na hIndia agus b’as an gCabhlach Trádála a tháinig an chuid eile. Ceannaíodh trí Choirbhéad den aicme Flower ón mBreatain i 1946/47. Os rud é go bhfuarthas réidh i 1952 leis an mbád deireadh a bhí i mbun seirbhíse i rith an chogaidh b’iad na trí choirbhéad sin a bhí mar chnámh droma ag an tSeirbhís Chabhlaigh sna 1950idí agus 60idí. I rith na mblianta sin d’fhan an líon pearsanra seasmhach (thart ar 400 aicmeach agus 40 oifigeach). Cuireadh na chéad Daltaí a tógadh isteach sa tSeirbhís Chabhlaigh anonn go dtí an Britannia Royal Naval College in Dartmouth sa Bhreatain i 1947.

Mar sin a lean an tSeirbhís Chabhlaigh ar aghaidh tríd na 1950idí agus 60idí, agus Cosaint Iascaigh mar phríomhdhualgas orthu ó lá go lá. Idir 1968 agus 70 bhí na Coirbhéid ag teannadh le deireadh a ré oibre agus tógadh amach as seirbhís iad. Faoi 1970 bhí an tSeirbhís Chabhlaigh ag dul i léig arís agus pearsanra ag imeacht aisti. Rinneadh cinneadh trí Bhád Bainte Mianach Cósta (CMS) a cheannach ón mBreatain i 1970, rud a chuir borradh nua faoin tSeirbhís Chabhlaigh. Tógadh ar lámh iad sin agus dearnadh coimisiúnú orthu i 1971.

1972 - 1989

Tréimhse iontach suimiúil don tSeirbhís Chabhlaigh ab ea 1972 — 89. I rith an ama sin a fuair an tSeirbhís Chabhlaigh formhór na mbád atá i mbun seirbhíse acu faoi láthair, agus b’shin an tréimhse freisin inar thóg an tSeirbhís Chabhlaigh na chéad chéimeanna móra i dtreo nuachóiriú na Seirbhíse.

Sa tréimhse sin, rinneadh coimisiúnú ar sheacht long nua don tSeirbhís Chabhlaigh. I rith na tréimhse sin freisin fuair an tSeirbhís Chabhlaigh dhá long thánaisteacha, an L.É Setanta (A15) agus an L.É. Ferdia (A16).
I 1972 rinneadh an L.É. Deirdre a choimisiúnú i mbun seirbhíse. Bhí sí sin ar cheann de na ceithre long nua a tógadh sa tréimhse 1972 — 1980. I ndiaidh an L.É. Deirdre tháinig an L.É. Emer (1978), L.É. Aoife (1979), L.É. Aisling (1980). Tháinig an mhaoiniú do na longa sin ón AE tar éis Teorainn Iascaigh Eisiach na hÉireann a leathnú ó 12 mhÁle amach go dtí 200 míle i 1976.  Bhí ceithre long chogaidh nua-aimseartha dhea-fheistithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh anois le cur leis an loingeas chun cuidiú lena riachtanais oibríochta a chomhlíonadh.

Ceithre bliana ina dhiaidh sin, i 1984, choimisiúnaigh an tSeirbhís Chabhlaigh an L.É Eithne (P31); an long ba mhó sa loingeas ag an am agus an ceann is mó go fóill. Árthach Patróil Héileacaptair is ea an L.É. Eithne agus oibríonn sí héileacaptar Dauphin de chuid an Aerchóir. Tá sí in ann oibriú ar feadh tréimhsí fada i dtimpeallacht chrua an Atlantaigh Thuaidh. Go deimhin, tá patróil iascaigh déanta aici do NAFO (Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thuaidh) amach ó na Grand Banks i Newfoundland Cheanada.

1990 - 2001

Agus an tSeirbhís Chabhlaigh ag díriú ar na nóchaidí, bhí a stádas ardaithe agus cruthúnas tugtha acu go raibh siad ina seirbhís mhuinÁneach ghairmiúil de chuid Óglaigh na hÉireann. Ach is i rith na nóchaidí a tháinig an tSeirbhís Chabhlaigh in aois i gceart mar gur cheiliúir siad 50 bliain a mbunaithe i 1996. Bhí an tSeirbhís imithe ar aghaidh ó bheith ina haonad beag go dtí eagraíocht a bhí ag fás go tapa.

In imeacht na nóchaidí lean an tSeirbhís Chabhlaigh dá hardchaighdeán oibríochta. Bhí ról lárnach ag Cosaint Iascaigh in oibríochtaí na seirbhíse ó lá go lá agus léiríodh é sin leis an iomad gabhálacha a rinne an tSeirbhís gach bliain mar gheall ar sháruithe rialacha a fuarthas le linn oibríochtaí bordála ar bháid. Sa tréimhse sin freisin a chuaigh an tSeirbhís Chabhlaigh in iomaíocht le bagairt nua, smuigleáil drugaí. Thug reachtaíocht nua cead don tSeirbhís Chabhlaigh dul ar bord agus pearsanra agus árthaí a ghabháil dá mbeidís páirteach i dtrádáil aindleathach na smuigléireachta drugaí. Bhí an tSeirbhís Chabhlaigh páirteach i gcuid mhór urghabhálacha drugaí i rith na nóchaidÁ. Tá an tSeirbhís páirteach anseo go fóill, ar bhonn leanúnach, ag patrólú ár n-uiscí agus ag cur cosc le drugaí a theacht isteach go hÉirinn.

I rith na nóchaidí lean an tSeirbhís ar aghaidh le Misin Athsholáthair chuig an Liobáin, an Chipir agus an Iúgslaiv mar a bhí ar an tír ag an am, chun a chinntiú go rabhthas ag freastal ar riachtanais na gCoimeádaithe SÁochána Éireannacha go leanúnach. Mar gheall ar rathúlacht na cuairte a thug an L.É. Eithne ar SAM i 1986, socraÁodh an t-árthach a chur go SAM in athuair chuig an International Naval Review a tionóladh i Nua Eabhrac sa bhliain 2000. Áirithe ansin freisin bhí cuairteanna ar Boston, Halifax agus Bermuda.

Agus an mhílaois ar an mbealach, shocraigh an tSeirbhís Chabhlaigh go raibh sé in am roinnt athruithe dá cuid féin a dhéanamh. Ullmhaíodh pleananna chun Árthach Cabhlaigh de chineál nua a thógáil. I 1999 tosaíodh ag tógáil an L.É. Róisín (P51), an chéad árthach den aicme seo, agus sa bhliain 2001 tháinig a comhlong, an L.É. Niamh (P52), an bealach. Lena chois sin, chuir an tSeirbhís Chabhlaigh struchtúr nua den eagraÁocht i bhfeidhm go deireanach sna nóchaidí.

2002 — faoi láthair

Lean an tSeirbhís Chabhlaigh lena forbairt i 2002 nuair a rinneadh imscaradh ceannródaíoch go dtí an Chianoirthear. Rinne an L.É. Niamh, an ceann ba nua de longa patróil na Seirbhíse Cabhlaigh, turas ceithre mhí agus bhí sí ar an gcéad long cabhlaigh as Éirinn a thug cuairt ar Hong Kong, Incheon, Shanghai, Tokyo agus Penang, chomh maith le stopadh in Cochin na hIndia chun breosla a fháil. Ar a bealach rinne an L.É. Niamh athsholáthar ar na trúpaí Éireannach a bhí ar dualgas leis na NA san Eiritré.

Tharla roinnt eachtraí suntasacha i rith na tréimhse sin a chinntigh nach raibh an tSeirbhís Chabhlaigh i bhfad riamh ó na ceannlinte náisiúnta, ná ó na ceannlÁnte idirnáisiúnta in amanna. Áirithe orthu sin bhí an pháirt a bhí ag an L.É. Aoife san oibríocht tharrthála don HMCS Chicoutimi, fomhuireán le cabhlach Cheanada ar tharla dóiteán ar bord aici amach ó chósta Dhún na nGall i nDeireadh Fómhair 2004. Lena chois sin, tharla cuid mhaith oibríochtaí cuardaigh, tarrthála agus tumadóireachta eile i rith na tréimhse seo de bhreis ar an obair bhreise a bhí i gceist le cosaint iascaigh na Seirbhíse Cabhlaigh agus an méadú a bhí ag teacht ar an líon ginearálta laethanta patróil in aghaidh na loinge. Tharla an méadú saothair sin de thoradh na mbeart athstruchtúrtha a rinneadh go hinmheánach agus na socruithe seirbhíse a rinneadh le gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara seachtracha chun a chinntiú go leanfadh an tSeirbhís Chabhlaigh ag soláthar seirbhísí míleata muirí a mbeadh éifeacht, luach agus solúbthacht iontu.
Cuireadh an L.É. Niamh ar imscaradh arís sa tréimhse seo nuair a cuireadh ar mhisean Í go dtí cósta thiar na hAfraice i nDeireadh Fómhair 2003, chun tacú le taiscéalaíocht an Airm sula gcuirfí trúpaí Éireannacha chuig an Libéir leis na NA. Ar na dualgais a bhí ar an L.É. Niamh bhí iompar agus seachadadh feithiclí, trealaimh agus pearsanra go dtí calafort Monrovia a bhí buailte ag an gcogadh, agus lena chois sin tacaíocht lóistíochta, leighis agus cumarsáide a thabhairt do pháirtí taiscéalaíochta fad a bhí siad ag fiosrú na gceantar cósta. D’fheidhmigh an long mar bhunáit dhaingean armtha don pháirtí taiscéalaíochta agus bhí siad ullmhaithe freisin leis an bpearsanra a thabhairt amach as an áit dá rachadh rudaí in olcas go tapa. Mar bharr feabhais, rinne an L.É. Niamh suirbhé cairtithe ar an gcalafort fad a bhí sí ansin, ag baint tairbhe as scileanna loingseoireachta agus traenáil a pearsanra chun ionaid na mbád briste, an damáiste a bhÁ déanta do na céanna agus guaiseacha loingseoireachta eile a nótáil mar eolas don té a bheadh ag teacht ina diaidh. Bhí an L.É. Niamh imscartha go dtí an Libéir laistigh de sheacht lá ó bheith ar ghnáthphatról amach ó chósta Mhaigh Eo. Sampla maith é sin den chumas míleata agus den solúbthacht oibríochta atá ag aonaid na Seirbhíse Cabhlaigh in aon chás ar leith.

I rith 2002 agus ó shin i leith, rinneadh forbairtí ar tír freisin le tógáil Choláiste Náisiúnta Muirí na hÉireann, comhpháirtíocht idir an Roinn Cosanta, an tSeirbhís Chabhlaigh, an Roinn Oideachais agus Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí. Saoráid den scoth Í seo a ghlac lena céad daltaí i Meán Fómhair 2004. Dul chun cinn ollmhór é seo sa timpeallacht traenála atá ar fáil ag pearsanra na Seirbhíse Cabhlaigh. Leis na seomraí ranga, an trealamh agus na saoráidí traenála nua-aimseartha sin, tá feabhas curtha ar an traenáil mairnéalachta, innealtóireachta, teacht slán ar an bhfarraige agus comhrac dóiteán. Sa traenáil loingseoireachta agus innealtóireachta, ach go háirithe, baintear úsáid as saoráidí ionsamhlóra a bhfuil ardteicneolaíocht iontu.   I suiteálacha Choláiste na Seirbhíse Cabhlaigh sa Bhunáit Chabhlaigh atá an tSeirbhís Chabhlaigh ag déanamh a cuid traenála míleata i gcónaí ach déantar formhór na traenála muirí san NMCI anois. Bíonn na céimithe ó chúrsaí na Seirbhíse Cabhlaigh ag baint teistiúchán amach go rialta anois atá ar chaighdeán muirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, de réir mar atá an tSeirbhís Chabhlaigh ag dul ó neart go neart sa ré nua seo.

Léigh tuilleadh faoi Seanlonga na Cabhlaigh