Árthach Mór Patróil

Tá dhá Árthach Mhóra Patróil in úsáid ag an tSeirbhís Chabhlaigh. Tógadh na hárthaigh seo san Appledore Shipyard sa Bhreatain. Rinneadh na hárthaigh a choimisiúnú i mbun seirbhíse go deireanach sna 1990idí agus go luath sna 2000idí. Bíonn na hárthaí seo ag patrólú EEZ na hÉireann chomh maith le bheith amuigh ar an domhain san Atlantach. Tá cuid mhaith seirbhísí imscartha déanta ag na hárthaigh seo ina saol gairid, agus orthu sin tá imscaradh stairiúil an L.É. Niamh sa chianoirthear i 2001.

Árthaí Patróil na Seirbhíse Cabhlaigh

L.É. Niamh

Árthach patróil eischósta den aicme Róisín is ea an L.É. Niamh (P52). Seo ceann de na longa is nua i bhflít na SeirbhÁse Cabhlaigh agus ainmníodh í i gcuimhne ar Niamh, banríon Thír na nÓg, i miotaseolaíocht na hÉireann.

Léigh tuilleadh faoin LÉ Niamh

L.É. Róisín

Is minic a úsáidtear Róisín nó Róisín Dubh mar fháthchiall d’Éirinn. Ach iníon le hAodh Rua Ó Domhnaill, Iarla Thír Eoghain ab ea an chéad Róisín Dubh go deireanach sa 16ú céad.

Léigh tuilleadh faoin LÉ Róisín

Saintréithe na Loinge
Cineál Árthach Fada Patróil Eischósta
Fad 78.84m
Bíoma 14m
Snámh 3.8m
Príomhinnill

2 X Dhá Dhíosail mheánluais 16 sor V26 Wartsila 26
5000 KW ag 1,000 RPM
2 Sheafta

Luas 23 chnota
Réimse 6000 Muirmhíle @ 15 chnota
Criú 44 (6 Oifigeach)
Coimisiúnaithe

L.É. RÓIS͍N 15 Nollaig 1999
L.É. NIAMH 18 Meán Fómhair 2001

Armra ar Bord
Príomharmáil

Canóin 76mm OTO Melara
Córas Rialaithe Lámhaigh Radamec

Armáil Thánaisteach

2 Chanóin 20mm Rheinmetall Rh202
2 Inneallghunna Throma 12.7mm


Mionarmáin

Mionarmáin éagsúla ó:
Piostal 9mm go dtí Inneallghunna Ilfhóinteach 7.62mm

Faigh tuilleadh eolais faoi Armáin na Seirbhíse Cabhlaigh