- Anseo atá tú:
- An tArm >
- Traenáil an Airm
Traenáil an Airm
Traenáil agus Forbairt
Traenálann Óglaigh na hÉireann a phearsanra chun saighdiúir araíonachta, féin-mhuiníneach a chur ar fáil, atá aclaí, spreagtha agus a bhfuil na scileanna aige/aici chun an t-ármhá a sheasamh agus atá in ann oibriú ina gcomhaltaí d’fhoireann nó criú. Áirítear ar fhorbairt lánsaoil saighdiúra Forbairt Ghairmiúil, Forbairt Phearsanta agus Bainistíocht Gairme. Baintear an leas is mó agus is féidir as cumas sa phróiseas seo trí cur le hinniúlacht do ghairm in Óglaigh na hÉireann chomh maith le bonnchloch a leagan síos do rathúlacht níos déanaí sa saol sibhialta.
Traenáil
Traenáil FIBUA
Eisítear treoir traenála bhliantiúl Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna gach bliain. Bunaíonn sé polasaí traenála bliantúil Óglaigh na hÉireann agus sannann sé freagrachtaí do thraenáil an Phearsanra agus na nAonad. Bunaíonn an tArm, an Cabhlach agus an tAerchór a gclár traenála bliantúil ar an treoir sin. Liostaítear ann na cúrsaí míleata, cúrsaí d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach, cúrsaí teagascóra, cúrsaí eachtraíochta agus gníomhaíochtaí, spórt agus cluichí spóirt agus comórtais Óglaigh na hÉireann don bhliain amach romhainn
Téigh chuig an rannóg a bhaineann le Ceanncheathrú Oideachais chun tuilleadh eolais a fháil ar Thraenáil Óglaigh na hÉireann.
Forbairt Ghairme
Is é aidhm na forbartha ná éifeachtacht agus póitinseal an duine a uasmhéadú trí chumas an duine a spreagadh, a bhainistiú agus a úsáid chun riachtanais reatha Óglaigh na hÉireann agus amach anseo a chomhlíonadh.
Téigh chuig leathanach Gairmeacha an Airm chun tuilleadh eolais a fháil ar fhorbairt ghairme.



